An difríocht idir athruithe ar: "An Rinn (Contae Phort Láirge)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
'de Hindeberg' an ainm ceart de réir Ainm.ie http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=136
Líne 36: Líne 36:
Sa mbliain 1903 thosnaigh daoine ar theacht ar saoire go Rinn Ó gCuanach, go háirithe ó [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], agus fonn orthu Gaeilge d'fhoghlaim. Cuireadh ranganna ar siúl dóibh. An toradh a bhí ar seo ná clár dubh a bhualadh suas i m[[Baile na nGall (Contae Phort Láirge)|Baile na nGall]]. Scoil an Chalaidh a tugadh ar sin agus sin mar a thosnaigh scéal Choláiste na Rinne.

Sa bhliain 1905 tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint don scoil. Bhí Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de hIndeberg (sagart agus ollamh le Ceiltis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Séamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Conradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice i measc na múinteoirí ag an am seo.
Sa bhliain 1905 tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint don scoil. Bhí Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de Hindeberg (sagart agus ollamh le Ceiltis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Séamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Conradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice i measc na múinteoirí ag an am seo.

Sa mbliain 1907, thug Oifig an Oideachais Náisiúnta aitheantas oifigiúil do na cúrsaí samhraidh a bhí ar siúl. Tháinig fás mór ar líon na scoláirí sa bhliain 1908 nuair a d'fhreastail 130 scoláire ar na cúrsaí i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Leagan ó 11:37, 26 Samhain 2014

Teimpléad:Ie baile infobox

Is réigiún Gaeltachta í an Rinn (nó Rinn Ó gCuanach, nó Rinn Ua gCuanach). Tá Rinn Ua gCuanach lonnaithe in iarthar Chontae Phort Láirge timpeall is seacht míle lasmuigh de bhaile Dhún Garbhán. Is iomaí baile fearainn atá ann ach tá an príomhbhaile suite i mBaile na nGall. Tá bunscoil, dhá mheánscoil, bialann, cúig theach thábhairne, oifig an phoist, Séipéal San Nioclás agus siopa ann. Tá dhá chuan sa cheantar (Heilbhic agus Baile na nGall) chomh maith le dhá thrá (An Coinigéar agus Baile na nGall) agus cuas i Heilbhic. Tá Rinn Ua gCuanach ar an gceantar is lú Gaeltachta sa tír, ach is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne, de réir an daonáirimh.[1]

Bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil sa réigiún i nGaelscoil chónaithe i Maoil a' Chóirne, Coláiste na Rinne.[2] Tagann déagóirí ó gach áit sa tír go dtí an coláiste i rith laethanta saoire an tsamhraidh. Bíonn Daonscoil na Mumhan á reáchtáil go bliantúil sa Rinn chomh maith. Tá an Rinn suite in aice leis an bhfarraige agus tá a lán tránna sa réigiún seo. Is é Ceann Helbhic an trá is cáiliúla sa réigiún. Tá timpeall is míle duine ina gcónaí sa réigiún agus tá dhá shiopa le fáil ann freisin. Tá an Rinn an-bheag i gcomparáid leis na réigiúin Ghaeltachta eile.

An Ghaeilge sa Rinn

Deirtear gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaeilge na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shaghas a bhí ann idir muintir an cheantair agus lucht athbheochan na teanga. Thug an Coláiste stádas don Ghaeilge agus chuir sé ina luí ar an bpobal go raibh fiúntas ag roinnt léi agus nár bhain sí leis an mbochtanas agus leis an drochshaol amháin.[3] Is féidir le muintir an cheantair leas eacnamaíocht a bhaint as Coláiste na Rinne inniu.[4]

Tháinig meath ar an nGaeilge sa cheantar i rith na gcaogaidí agus na seascaidí, ach ina dhiaidh sin chuaigh stádas na teanga i bhfeabhas ó na seachtóidí ar aghaidh.[5] Ós ceantar beag í an Rinn, áfach, nach bhfuil ach dornán beag cainteoirí ina gcónaí ann, bíonn sé deacair saol ceart a choinneáil ag imeacht trí mheán na Gaeilge de cheal daoine.[6] Leithinis bheag is ea an Rinn atá ceithre mhíle ar fhad agus míle amháin ar leithead agus í ar thairseach Dhún Garbháin agus na Galltachta. Tá go leor daoine ón nGalltacht ag cur fúthu sa cheantar agus is minic nach mbíonn Gaeilge acu.[7]

Cultúr

Tá cáil an cheoil agus na hamhránaíochta ar an gceantar agus tá traidisiún an tsean-nóis fós beo.[8]

Tá go leor ealaíontóirí sa Rinn agus iad ag plé le meáin dhifriúla: adhmad, gloine, cré, péintéireacht.[9] Tá borradh tagtha ar chúrsaí scríbhneoireachta freisin.[10] Foilsítear irisleabhar gach bliain (An Linn Bhuí) ina mbíonn eolas ar fáil faoi sheanchas, stair agus rudaí eile a bhaineann le Gaeltacht na nDéise.[11]

Coláiste na Rinne

Cúrsaí Samhraidh

Tá na Cúrsaí Samhraidh ar siúl ón mbliain 1905 go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn breis is 1000 scoláire ann gach bliain. Bíonn cónaí ar na scoláirí seo sa Choláiste agus i dtithe i Rinn Ó gCuanach.

Scoil na Leanaí

Bunaíodh Scoil na Leanaí sa bhliain 1919. Bhí 40 Leanbh sa scoil sa bhliain. Theastaigh ón gCoiste labhairt na Gaeilge a mhúineadh do na páistí ar dtús, agus obair na leabhar a dhéanamh leo ina dhiaidh sin. I measc na n-iarscoláirí tá iar-Uachtarán na hÉireann agus iar-Thaoiseach.

Stair

Sa mbliain 1903 thosnaigh daoine ar theacht ar saoire go Rinn Ó gCuanach, go háirithe ó Bhaile Átha Cliath, agus fonn orthu Gaeilge d'fhoghlaim. Cuireadh ranganna ar siúl dóibh. An toradh a bhí ar seo ná clár dubh a bhualadh suas i mBaile na nGall. Scoil an Chalaidh a tugadh ar sin agus sin mar a thosnaigh scéal Choláiste na Rinne.

Sa bhliain 1905 tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint don scoil. Bhí Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de Hindeberg (sagart agus ollamh le Ceiltis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Séamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Conradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice i measc na múinteoirí ag an am seo.

Sa mbliain 1907, thug Oifig an Oideachais Náisiúnta aitheantas oifigiúil do na cúrsaí samhraidh a bhí ar siúl. Tháinig fás mór ar líon na scoláirí sa bhliain 1908 nuair a d'fhreastail 130 scoláire ar na cúrsaí i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Bhí gá le foirgneamh nua agus ionad cónaithe dos na scoláirí. Tharla san sa bhliain 1908 nuair a thug Villiers Stuart, Drom Ana, tiarna talún sa cheantar, giota talún ar a eastát i Maoil a' Chóirne don Choláiste le haghaidh láthair scoile.

Mhol daoine áirithe ag cruinniú bainistíochta sa bhliain 1919 go gcuirfí Scoil na Leanbh ar bun. Bheadh an scoil seo ag feidhmiú i gcaitheamh na bliana - do pháistí idir seacht mbliana agus dhá bhliain dhéag d'aois.

Tá borradh agus fás tagtha ar na cúrsaí samhraidh agus ar scoil na leanbh le céad bliain anuas.

Sa bhliain 1906 osclaíodh Meánscoil Lae i gColáiste na Rinne ach níor éirigh go maith léi. Sa bhliain 1959 deineadh iarracht eile meánscoil lae a chur ar bun fé choimirce Choláiste na Rinne. D'éirigh leis an iarracht so fé stiúir Niocláis Mhic Craith. Tá suas le céad scoláire ag freastal uirthi anois.

Féach freisin

Tagairtí

Naisc Sheachtracha