20
edits
Ceann de na gaiscí móra ar éirigh leis a dhéanamh is ea é gur athraigh sé cuma na bhfíseán ceoil. Ar dtús, ní raibh iontu ach cleas promóisin don cheol féin, ach rinne Michael Jackson saothair ealaíne iontu féin díobh. Leis na físeáin a rinne sé do na hamhráin úd ''Billie Jean'', ''Beat It'', agus ''Thriller'', bhí sé in ann lucht mór féachana a bhaint amach i measc daoine nárbh ionann a dtoighis cheoil. Lena chuid físeán agus lena geáitsí stáitse bhí sé ábalta teicníochtaí úra damhsa a chur ar fud an domhain, ar nós "siúl na gealaí" (an ''moonwalk'') agus "siúl an róbait" (an ''robot''). Leis an gcineál ceoil a dhéanadh sé agus lena chuid damhsa, bhí sé in ann draíocht a chur ar dhaoine nárbh ionann a n-aois, dath a gcraicinn ná a gcúlra cultúrtha, agus thug sé spreagadh dá lán ceoltóirí agus siamsóirí éagsúla.
Bronnadh a lán duaiseanna air
Bhí saol pearsanta Jackson ina chúis conspóide thar na blianta, áfach. Chuaigh sé faoi scian an mháinlia phlaistigh go minic lena chosúlacht a dhéanamh níos óigeanta, ach ní dhearna an sceanairt seo mórán maitheasa dó, agus chuir na meáin agus lucht a adhartha araon cron san athrú a bhí ag teacht air de dheasca na síorlansóireachta seo.
{{glanadh}}
|
edits