An difríocht idir athruithe ar: "William Shakespeare"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Robot: mk:Вилијам Шекспир is a featured article; athruithe cosmaideacha
Líne 12: Líne 12:
Aontaíonn mórchuid na staraithe gur duine amháin a bhí i '''William Shakespeare''' (baisteadh [[26 Aibreán]], [[1564]] – [[23 Aibreán]], [[1616]] - [[aisteoir]], [[dráma|drámadóir]] agus [[file]] - agus tá go leor fianaise stairiúla ag cur leis an mbarúil sin.
Aontaíonn mórchuid na staraithe gur duine amháin a bhí i '''William Shakespeare''' (baisteadh [[26 Aibreán]], [[1564]] – [[23 Aibreán]], [[1616]] - [[aisteoir]], [[dráma|drámadóir]] agus [[file]] - agus tá go leor fianaise stairiúla ag cur leis an mbarúil sin.


SHAKESPEARE WAS A DICK
== Saol ==
Rugadh Shakespeare i mbaile [[Stratford-upon-Avon]], i [[Sasana]] i [[Aibreán|mí an Aibreáin]] [[1564]], mac le John Shakespeare, déantóir miotóg, agus a bhean Mary Arden. Tá sé scríofa ar a theastas breithe gur baisteadh é ar [[26 Aibreán|an séú lá fichead de mhí an Aibreáin]] an bhliain sin. Tá fhios againn nach mbíodh leanaí thar chúpla lá d'aois nuair a bhaistí iad, agus shocraigh na staraithe ar an tríú lá fichead mar a lá breithe. Tá sé áisiúil an dáta sin a roghnú - fuair sé bás ar an lá sin sa bhliain [[1616]] – agus fosta tá sé fóirsteanach do b’fhéidir an drámadóir ab fhearr a bhí riamh ag Sasana, nó is sin lá Fhéile Naomh Seoirse, Naomh-Phátrún Shasana.

Cuireadh an dlí ar athair Shakespeare, a bhí rachmasach nuair a tháinig William ar an saol, as ucht bheith páirteach i margadh dubh na holla, agus cuireadh an ruaig air as a phost mar sheanóir baile. Tá fianaise ann go raibh dáimh ag dhá thaobh an teaghlaigh leis an [[Caitliceachas|Chaitliceachas]].

Mar mhac oifigigh iomráitigh baile, is dócha gur fhreastail William Shakespeare ar scoil ghramadaí Stratford, áit ar cuireadh oideachas tréan ar fail i ngramadach na Laidine agus sa Litríocht. Níl fianaise ar bith le fáil go bhfuair sé scolaíocht rialta ar bith thar seo.

Phós Shakespeare Anne Hathaway, a bhí ocht mbliana níos sine ná é, ar an [[28 Samhain|ochtú lá fichead de Shamhain]] [[1582]] ag Temple Grafton in aice le Stratford. Ba bheirt chomharsana de chuid Anne, Fulk Sanders agus John Richards, a chuaigh i mbannaí orthu nach raibh toirmeasc phósta ar bith orthu. Má d’eagraigh siad an bhainis faoi dheifir, bhí gá leis mar go raibh Anne ag iompar clainne le trí mhí. Tar éis a phósta is beag rian a d’fhág William Shakespeare ar leabhar na staire gur nocht sé arís i saol liteartha [[Londain|Londan]].

[[Íomhá:Romeoandjuliet1597.jpg|left|upright|thumb|Traigéide: ''Romeo & Juliet'']]
Ar an [[28 Bealtaine|séú lá fichead de Bhealtaine]], [[1583]] baisteadh an chéad duine clainne, Susanna i Stratford. Baisteadh mac, Hamnet, agus iníon, Judith, ar an [[2 Feabhra|dara lá de mhí Feabhra]] [[1585]]. Sa bhliain [[1592]], bhí oiread cáile tuillte ag Shakespeare gur mhaslaigh Robert Greene é go poiblí mar “an upstart crow, beautified with our feathers, that with his Tygers hart wrapt in a Players hide supposes he is as well able to bombast out a blanke verse as the best of you: and beeing an absolute Johannes factotum, is in his owne conceit the onely Shake-scene in a countrey.” ( Is scigaithris atá ar súil anseo aige leis an líne “Oh, Tiger’s heart wrapped in a woman’s hide” ar bhain Shakespeare úsáid as sa dráma Henry VI, cuid a 3).

Sa bhliain [[1596]] fuair Hamnet bás agus cuireadh ar an [[11 Lúnasa|aonú lá déag de Lúnasa]] na bliana sin é. De bharr na gcosúlachtaí idir na hainmneacha, deirtear gur seo a spreag Shakespeare le ‘The Tragical History of Hamlet the Prince of Denmark’ a scríobh. Sa bhliain [[1598]] bhí Shakespeare ina chónaí i bparóiste [[St. Helen’s Bishopsgate]], agus tá a ainm le fáil ar bharr liosta aisteoirí a léirigh an dráma ‘Every man in his Humour’, a scríobh mórdhrámadóir eile na linne sin, [[Ben Jonson]].

Faoin am seo ba dhrámadóir, [[scríbhneoir]] agus aisteoir é agus sciar aige i gcomplacht drámaíochta ar a dtugtaí The Lord Chamberlain’s Men a bhí ainmnithe as a n-urra uasal, an Tiarna Chamberlain é féin. Bhí an oiread sin cáile agus measa ar an chomhlacht tar éis bhás [[Éilís I]] gurbh é an Rí úr é féin, [[Séamas I]], a rinne urraíocht orthu agus ghlac siad ainm úr, ‘The King’s Men’.

D’fhoilsigh Shakespeare na [[soinéad|soinéid]] sa bhliain [[1609]]. Is dánta grá an mhórchuid acu ina ndéantar ceiliúradh ar chumainn agus tá siad breac le leath-thagairtí homaighnéasacha chuig fear óg (fair lord). Scríobhadh tuilleadh acu do bhean dhorcha, ‘dark lady’.


== Bás ==
== Bás ==

Leagan ó 19:05, 13 Deireadh Fómhair 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Aontaíonn mórchuid na staraithe gur duine amháin a bhí i William Shakespeare (baisteadh 26 Aibreán, 156423 Aibreán, 1616 - aisteoir, drámadóir agus file - agus tá go leor fianaise stairiúla ag cur leis an mbarúil sin.

SHAKESPEARE WAS A DICK

Bás

D’éirigh Shakespeare as an scríbhneoireacht sa bhliain 1611, agus fuair sé bás ar an tríú lá fichead de mhí Aibreáin 1616. Bhí sé pósta ar Anne go lá a bháis agus d’fhág sé beirt iníonacha, Susanna agus Judith, ina dhiaidh.

Tá uaigh Shakespeare le feiceáil i Séipéal na Tríonóide Naofa i Stratford-on-Avon agus an feartlaoi cáiliúil seo greanta air a thuama:

Good friend, for Jesus’ sake forbear,
To dig the dust enclosed here.
Blest be the man who spares these stones,
But cursed be he that moves my bones.

Tá ráflaí ann a deir go bhfuil tuilleadh ábhair a scríobh Shakespeare sa tuama leis, ach an rabhadh i ndáiríre atá i bhfocail an fheartlaoi nó píosa grinn dhrámatúil ó shárdhrámadóir?

Saothair

Traigéide: Hamlet

Coiméidí

  • The Tempest
  • The Two Gentlemen of Verona
  • The Merry Wives of Windsor
  • Measure for Measure
  • The Comedy of Errors
  • Much Ado About Nothing
  • Love's Labour's Lost
  • A Midsummer Night's Dream
  • The Merchant of Venice
  • As You Like It
  • Taming of the Shrew
  • All's Well That Ends Well
  • Twelfth Night or What You Will
  • The Winter's Tale
  • Pericles, Prince of Tyre
  • The Two Noble Kinsmen
  • Cymbeline
 

Startha

  • King John
  • Richard II
  • Henry IV, part 1
  • Henry IV, part 2
  • Henry V
  • Henry VI, part 1
  • Henry VI, part 2
  • Henry VI, part 3
  • Richard III
  • Henry VIII
 

Traigéidí

  • Romeo & Juliet
  • Coriolanus
  • Titus Andronicus
  • Timon of Athens
  • Julius Caesar
  • Macbeth
  • Hamlet
  • Troilus and Cressida
  • King Lear
  • Othello
  • Antony and Cleopatra

Dánta

  • Shakespeare's Sonnets
  • Venus and Adonis
  • The Rape of Lucrece
  • The Passionate Pilgrim
  • The Phoenix and the Turtle
  • A Lover's Complaint
 

Drámaí caillte

  • Love's Labour's Won
  • Cardenio
 

Apacrafa

  • Edmund Ironside (dráma)
  • Edward III
  • Sir Thomas More
  • Arden of Faversham

Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR