An difríocht idir athruithe ar: "An tSeapáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Chuid nua curtha leis
Líne 150: Líne 150:
|}
|}


Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn na dlíthe agus búiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh. Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceatair. Bhíonn na Ceantiar foroinnte i mbailte agus sráidbhailte. Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú faoi láthair le cathracha, bailte agus sráidbailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísilú agus costais riaracháin a ísilú dá bharr.
Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn na dlíthe agus búiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh. Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceatair. Bhíonn na Ceantiar foroinnte i mbailte agus sráidbhailte. Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú faoi láthair le cathracha, bailte agus sráidbailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísilú agus costais riaracháin a ísilú dá bharr. Tá an tSeapáin roinnte i Réigiún, ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go tradisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.





Leagan ó 09:50, 10 Deireadh Fómhair 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír i gCian-Oirthear na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon 日 (grian) 本 (fréamh / bunús), go litriúil "bunús na gréine"). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine.

Tíreolaíocht

Oileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iad Kyūshū (九州), Shikoku (四国), Honshū (本州, an t-oileán is mó), agus Hokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tá sléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agus bolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.

Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiún Thóiceo an mórcheantar uirbeach is mó ar domhan, nó tá cónaí ar bhreis is tríocha milliún duine ansin.

Stair

Tugann fianaise na seandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin. Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla ón tSín. Maidir le stair na Seapáine mar is aithin dúinn í, bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoiteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córas polaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, an kokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.

Déimeagrafaic

Is í an tSeapáinis teanga oifigiúil na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na hÉireann, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.

Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil Cóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na Burakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na Burakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh neamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na Burakumin a phósadh.


Teimpléad:Cathracha is mó

Limistéir Riaracháin na Seapáine

Limistéir Riaracháin na Seapáine
Réigiún na Seapáine
Maoracht na Seapáine
Cathracha Sainithe na Seapáine
Croí-Cathracha na Seapáine
Cathracha Speisialta na Seapáine
Bailte na Seapáine
Sráidbhailte na Seapáine

Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn na dlíthe agus búiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh. Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceatair. Bhíonn na Ceantiar foroinnte i mbailte agus sráidbhailte. Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú faoi láthair le cathracha, bailte agus sráidbailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísilú agus costais riaracháin a ísilú dá bharr. Tá an tSeapáin roinnte i Réigiún, ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go tradisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.


Tagairtí

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR