An difríocht idir athruithe ar: "An Libia"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 54: Líne 54:


[[Íomhá:Theatre sabratha libya.jpeg|400px|left|thumb|Amharclann - Sabratha]]
[[Íomhá:Theatre sabratha libya.jpeg|400px|left|thumb|Amharclann - Sabratha]]

== Tagairtí ==
{{Reflist}}

<!---Idirvicí--->
<!---Idirvicí--->



Leagan ó 19:41, 9 Deireadh Fómhair 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír san Afraic í an Libia. Is í Tripilí an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht de chuid na hIodáile í, suite idir an Éigipt agus an Túinéis agus teorainneacha aici chomh maith leis an Nígir, an tSúdáin, agus Sead. Tír mhór í, 1,759,540 ciliméadar cearnach, agus níl cuid ar bith di faoi uisce. Aeráid Mheánmharach atá fán chósta, ach is fásach te tirim lom atá sa mhórchuid den tír. Le blianta anuas tá Tionscadal na hAbhann Móire ar bun chun uisce atá faoi thalamh sa Sahára a thabhairt go cathracha an chósta, an tionscadal uisce is mó sa domhan ach tá an fásach ag méadú i gcónaí.

I ndiaidh do mhórchumhachtaí na hEorpa ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa naoú haois déag, agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhórmhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i 1911. Bronnadh neamhspleáchas uirthi faoi dheireadh i mí na Nollag 1951 agus bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal Gaddafi, an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair 1969. Córas ina raibh meascán den sóisialachas agus de dhlí traidisiúnta Arabach a bhunaigh Gaddafi ina raibh an pobal in ainm iad féin a rialadh, ach go praiticiúil is deachtóireacht mhíleata atá sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde Iosraeil, Mheiriceá agus na Breataine ó tháinig sé i gcumhacht. Rinne sé ionsaithe chomh maith ar Sead ar mhaithe le seibh a fháil ar mhianaigh luachmhara sa tír sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraice a aontú le chéile faoina cheannas féin. Chuir sé an-chuid armlóin ar fáil don IRA in Éirinn, mar shampla, agus ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na hAlban sa bhliain 1992. D'admhaigh an Libia sa bhliain 2003 go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na Pacastáine, ach i nidiadh deireadh a bheith curtha leis an tionscnamh sin bhí gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.

Sa bhliain 2011, mar chuid den Earrach Arabach, thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. D'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Gadaffi agus, faoi cheannasaíocht na Ríochta Aontaithe agus Fraince, thug roinnt tíortha cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha. Ar 22 Mí Lúnasa 2011 rinne na reibiliúnaigh a mbealach isteach sa phríomhchathair agus an lá ina dhiaidh sin bhris siad isteach i ndaingean Gaddafi sa chathair chéanna. D'éalaigh sé go dtí an chathair Sirte. Maraíodh ansin é ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Tá an chuid is mo den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiunta de chuid na reibiliúnach.

Is ar an ola a bhraitheann eacnamaíocht na tíre go hiomlán. Tá daonra 6,355,000 aici agus é ag fás go mear.

Nasc seachtrach

Amharclann - Sabratha

Tagairtí

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR