An difríocht idir athruithe ar: "An tAerchaidéal"
m →Stair |
m →Stair |
||
Líne 43: | Líne 43: | ||
==Stair== |
==Stair== |
||
Ba é an réalteolaí Francach an tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta [[1751]] agus [[1752]] san [[Afraic Theas]] agus é ag clárú réaltaí [[Sféar_neamhaí|an leathsféir theas]]. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an gcatalóg a rinne sé ag an am sin, ach níor tháinig sí amach go dtí an bhliain [[1763]] tar éis a bháis. '''Coelum Australe Stelliferum''' a thugtar ar an gcatalóg sin. Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag i ndeisceart na spéartha |
Ba é an réalteolaí Francach an tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta [[1751]] agus [[1752]] san [[Afraic Theas]] agus é ag clárú réaltaí [[Sféar_neamhaí|an leathsféir theas]]. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an gcatalóg a rinne sé ag an am sin, ach níor tháinig sí amach go dtí an bhliain [[1763]] tar éis a bháis. '''Coelum Australe Stelliferum''' a thugtar ar an gcatalóg sin. Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tAerchaidéal ina measc. Sa lá ata inniu ann glacann an [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]]] (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin (féach an bosca thios). |
||
'''Antlia pneumatica''' (.i. an t-ainm Laidine ar an [[aerchaidéal]] a chum an t-eolaí [[Éire]]annach [[Robert Boyle]]) an t-ainm a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas é; dá bhrí sin tugtar '''an tAerchaidéal''' ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge. Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na [[téarmaíocht réaltach|litreacha Bayer]] a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí. |
'''Antlia pneumatica''' (.i. an t-ainm Laidine ar an [[aerchaidéal]] a chum an t-eolaí [[Éire]]annach [[Robert Boyle]]) an t-ainm a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas é; dá bhrí sin tugtar '''an tAerchaidéal''' ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge. Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na [[téarmaíocht réaltach|litreacha Bayer]] a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí. |
Leagan ó 12:05, 23 Eanáir 2007
Ainm Laidine (IAU) | Antlia |
---|---|
Nod | Ant |
Ginideach Laidine | Antliae |
Siombalaíocht | an tAerchaidéal |
Dronairde | 10 h |
Diallas | −90° |
Achar | 239 céim cearnach Céim 62ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Ant (méid 4.25) |
Dreigecheathanna | Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +45° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon réasúnta nua í an tAerchaidéal óir ní ceapadh go dtí an 18ú aois í, ós rud é go raibh sí ródhoiléir lena admháil ag na seanghréagaigh. Ghlac an IAU léi mar cheann den 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Ag tosú i dtuaisceart na réaltbhuíne, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá timpeall an Aerchaidéil: an Phéist Uisce, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, agus faoi dheireadh an Ceinteár.
Tugtar Antlia mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "aerchaidéal".
Príomhghnéithe
- α Ant: is réaltbhuíon dhoiléir í an tAerchaidéal gan aon réaltaí geala inti. Is í an réalta is lú doiléir ná α Ant; agus cé gurb í príomhréalta de chuid an Aerchaidéil í, níl a gile dhealraitheach ach ar méid 4.25. Is K4 III a haicme speictreach is a cineál lonrachais
Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 2997: réaltra bíseach den chineál Sc, atá claonta ar uillinn 45° dár líne radhairc.
- NGC 3132: tugtar Réaltnéal na n-Ocht Phléascadh (Eight Burst Nebula as Béarla) nó Réaltnéal Fáinneach Theas (Southern Ring Nebula) mar ainmneacha eile ar an réaltnéal pláinéadach seo. Tá córas déréalta i lár an réada seo.
- PGC 29194: tá an t-abhacréaltra sféaróideach seo, nach bhfuil ina ghile dhealraitheach ach an amharcmhéid 14.8, ina bhall dár nGrúpa Áitiúil de réaltraí.
Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an gcatalóg a rinne sé ag an am sin, ach níor tháinig sí amach go dtí an bhliain 1763 tar éis a bháis. Coelum Australe Stelliferum a thugtar ar an gcatalóg sin. Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tAerchaidéal ina measc. Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta] (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin (féach an bosca thios).
Antlia pneumatica (.i. an t-ainm Laidine ar an aerchaidéal a chum an t-eolaí Éireannach Robert Boyle) an t-ainm a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas é; dá bhrí sin tugtar an tAerchaidéal ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge. Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na litreacha Bayer a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí.
Miotaseolaíocht
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Aerchaidéil go dtí an 18ú aois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Aerchaidéal ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- Réaltaí suntasacha eile:
- HR 93083 8.33 – tá pláinéad eachtarghrianda aige
- U Antliae 5.50 – réalta carbóin
Féach fosta
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an tAerchaidéal ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an tAerchaidéal agus miotaseolaíocht an Domhain
- an tAerchaidéal ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tAerchaidéal
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |