An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 72: Líne 72:
Nuair a thosaigh Whedon ag ullmhú le haghaidh léiriúchán na sraithe, bhí caidreamh carasmatach idir na haisteoirí ag teastáil leis. Phioc sé an naonúr roimh scannánaíocht le scannánaíocht Morena Baccarin, mar roghnaigh sé Rebecca Gayheart le haghaidh ról Inara ar dtús, ach shocraigh sé níos déanaí nach mbeadh sí oiriúnach le haghaidh an ról. Rinne Baccarin triail aisteora dhá lá i ndiaidh sin. Athchuimnigh sí nuair a fuair sí an ról (a céad clár teilifíse), thug Whedon í isteach sa seomra tástála sa stiúideo cosúil le "daid bródúil". Dar le Sean Maher, nuair a bhuail an foireann aisteoirí le chéile le haghaidh uair, bhí nasc mothaitheach le feiceáil ar an toirt.
Nuair a thosaigh Whedon ag ullmhú le haghaidh léiriúchán na sraithe, bhí caidreamh carasmatach idir na haisteoirí ag teastáil leis. Phioc sé an naonúr roimh scannánaíocht le scannánaíocht Morena Baccarin, mar roghnaigh sé Rebecca Gayheart le haghaidh ról Inara ar dtús, ach shocraigh sé níos déanaí nach mbeadh sí oiriúnach le haghaidh an ról. Rinne Baccarin triail aisteora dhá lá i ndiaidh sin. Athchuimnigh sí nuair a fuair sí an ról (a céad clár teilifíse), thug Whedon í isteach sa seomra tástála sa stiúideo cosúil le "daid bródúil". Dar le Sean Maher, nuair a bhuail an foireann aisteoirí le chéile le haghaidh uair, bhí nasc mothaitheach le feiceáil ar an toirt.


Bhí aithne ag Whedon ar Nathan Fillon mar gheall ar a chuid oibre ar a chláir eile ''Buffy the Vampire Slayer'' agus ''Angel'', agus mar sin ba ea é an chéad rogha le haghaidh ról Mhail. Nuair a thaispeáin Whedon coincheap an chláir dó, bhí sceitimíní air chun an ról a ghlacadh. Nuair a chuireadh an clár ar ceal, dúirt Fillon go raibh sé "croíbhriste".
Bhí aithne ag Whedon ar Nathan Fillon mar gheall ar a chuid oibre ar a chláir eile ''Buffy the Vampire Slayer'' agus ''Angel'', agus mar sin ba ea é an chéad rogha le haghaidh ról Mhail. Nuair a thaispeáin Whedon coincheap an chláir dó, bhí sceitimíní air chun an ról a ghlacadh. Nuair a chuireadh an clár ar ceal, dúirt Fillon go raibh sé "croíbhriste", ach ba é Firefly a rogha chláir.


=== Dearadh seit ===
=== Dearadh seit ===

Leagan ó 01:14, 3 Meán Fómhair 2014

Sraith teilifíse "space western" is ea Firefly. Chruthaigh an stiúrthóir Joss Whedon é le comhoibriú óna chomhlacht Mutant Enemy Productions. Ba é Whedon agus Tim Minear na táirgeoirí feidhmeannacha. Tá an clár bunnaithe sa bhliain 2517 i ndiaidh teacht an chine daonna i gcóras réaltrach nua. Léiríonn an tsraith na heachtraí den chriú tréigtheoireach de "Serenity", ceann dena longa spástoireachta "Firefly". Glacann na príomhcharachtair róil mar an naonúr a chónaíonn ar Serenity, nó i bhfocail Whedon: "naonúr a chaitheann súil ar dhorchadas an spáis agus atá ag féachaint ar naoi rudaí eagsúla."[1]

Pléann an clár saol grúpa daoine a ghlac pàirt i gcogadh cathartha ar an taobh chailliúint, comh maith le daoine eile atá ina gcónaí ar imeall na sochaí mar chuid de chultúr ceannródaíoch. Sa todhchaí, ba iad na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín na sárchumhachtaí deireanach agus chruthaigh siad rialtas cónaidhmeach idir-réaltrach: 'An Alliance' . Dar le fís Whedon "Ní athroidh aon rud sa todhchaí, beidh dul chun cinn sa teicneolaíocht, ach beidh na fadhbanna polaitiúla, morálta, eiticiúla céanna againn."[2]

Nuair a chéad léiríodh an tsraith ar Fox sa Gheimhreadh 2002, dar le Rátálacha Nielsen bhí ar an iomlán 4.7 milliún breathnoirí in aghaidh na heipeasóide.[3] Cé go raibh plean ceathair déag eipeasóidí a chraoladh, cuireadh ar ceal é tar éis an aonú eipeasóid déag.[4] In ainneoin a saol gearr d'fhás grúpa lucht leanuna ollmhór ar fud an domhain agus ar líne darb ainm "Browncoats".[5][6] Sa bhliain 2003 bhuaigh sé Gradam Primetime Emmy sa chatagóir "Na hÉifeachtaí Fhísiúila is Fearr i Sraith Teilifíse".[7] Chuir TV Guide é in ait #5 ina liosta den 60 cláir a raibh cuireadh ar ceal ró luath.[8]

Plota

Scéal cúlra

Tá an clár bunnaithe sa bhliain 2517 ar phláinéad éagsúla. Ní léiríonn an sraith go bhfuil na pláinéid sa chóras réaltrach céanna, ach tá fhois againn go bhfuil "Tiomáint-Domhantarraingthe" mar modh gluaiseachta. Áfach, dheimhnigh an scannán leantach "Serenity" go bhfuil gach pláinéad agus gealach go léir sa chóras céanna agus dhearbhaigh na doiciméad léirithe sa scannán chomh maith le marsantas ilghnéitheacha nach raibh aon "Níos Tapula ná Solas" san uilebhith.[9] Ó am go ham, déanann na carachtair tagairt ar an "Earth that was" agus léiríonn an scannán gur chuaigh grúpa daoine ar imirce go dtí an corás réaltrach nua i bhfad ó tús na sraithe: "Earth-that-was could no longer sustain our numbers, we were so many".[10] Bhunaigh siad pobail ansin le thart ar dhosaen pláinéid agus céadta gealacha. Cóiriodh neart plaineid (modh a chrutaíonn coinníollacha riachtanacha le haghaidh saol ar ghealach) áfach ní bhfuair na lonnaíochtaí ar imeall an chórais aon tacaíocht chun a sibhialtachtaí a fhorbairt. Mar thoradh, bhí timpeallacht imníeach agus tirm ansin, an-chosúil le tírdhreach buachaillí bó.

Achoimriú

Faigheann an clár a hainim ón long spástoireacht Firefly darb ainm "Serenity", baile le haghaidh príomhcharactair an chláir. Tá sé cosuil le lampróg mar gheall ar a chúl agus bolg na loinge a lasann suas le soilse. Fuair an long a hainm ón Cath Serenity Valley, cath a ghlac Mal agus Zoey páirt ann. Tugadh faoi deara san eipeasóid "Bushwhacked" gur chaill na 'hIndependents' cogadh na saoirse ag Serenity Valley. Ó thús go deireadh na sraithe, is léir go rialaíonn 'An Aliiance' an córas réaltra mar thoradh den bhua sa chogadh.

Luann tráchtaireacht DVD go mhaireann dhá chultúr éagsúla sa chóras: ceann amhain Iartharach agus ceann eile Áiseach.[11] Tá na pláinéid lárnach faoi smacht An Alliance go daingean, ach ta cosúlachtaí le feiceáil idir na pláinéid agus na gealacha ar imeall an chorais agus An tIarthar Fiain sa 19u haois deag. Tá saoirse de saghas éigean ag na lonnaitheoirí agus na teifigh ar imeall an chórais, ach tá easpa teicneolaíochta le feiceáil i gcomparáid leis na plaineid lárnach. Chomh maith le sin, cónaionn na Reavers, canablaigh fánacha sna áiteanna forimeallacha ("the black") sa spás.[12]

Is é Malcolm "Mal" Reynolds (Nathan Fillion) captaen an chriu agus léiríonn eachtraí na eipeasóide "Serenity" go bhfuil Zoey Washburne (Gina Torres) ina príomh-mháta. Is "Browncoats" iad Mal agus Zoey agus throid siad sa Chogadh Aontaithe chun an bata agus an bothar a thabhairt don Alliance ar imeall an chórais, ach théip oraibh. San eipeasóid "Out of Gas" tugamid faoi deara gur cheannaigh Mal Serenity chun a bheith ina chónaí as smacht an Alliance. Is smuigléirí iad anois. Ceann dena plotaí is suntasaigh is ea saolta River Tam (Summer Glau) agus a deartháir Simon (Sean Maher). Is páiste éachtach í River a d'fhulaing de bharr turgnaimh an Alliance in institiúid rialtais rúnda. Mar thoradh tá scitsifréine aici agus cloiseann sí guthanna neamhréadacha, agus luadh níos deanaí sa chláir go bhfuil sí in ann smaointe dhaoine eile a chloisteáil.[13] D'éirigh Simon as a phost rathúil mar dochtúir chun River a shábhail ón Alliance, ach d'éirigh an bheirt mar éalaithigh. Tháinig Simon ar bord Serenity le River i bhfolach sa lastas. San eipeasóid deireanch "Objects in Space", is léir gur ball ceart í River den chlan an Serenity.[14]

Príomhghnéithe sa tsraith

Measc den cheoldráma spáis agus an seánra iartharáin is ea Firefly a chuireann todhchaí an chine daonachta in iúl duinn i ndomhan ficsean eolaíochta uathúil.[15] Tá an clár bunnaithe i dtimpeallacht ilchultúrtha, ar an iomlán, is meascán dena chultúir Iartharach agus Áiseach é, ach tá deighilt mhór fós le feicáil idir an bocht agus daoine rachmasacha. Is teanga tánaisteach í an Mandairínis fresin. Dar leis an tráchtaireacht DVD, tá an sochaí mheasctha seo mar thoradh den Chomhghuaillíocht Mheiriceánach-Sínis nuair a leathnaigh SAM agus an tSín amach sa chianspás.[16]

Dar le Whedon agus Minear, tá ceann dena samplaí is fearr den shocaí le sa chéad eipeasóid nuair atá Mal ag ithe cipíní itheacháin ó stán iartharach.[17] Ní usaideann na carachtair sa chlár béarlagair comhaimseartha, ach in ionad, usaidtear a chanúint féin a dhéanann athfhéach ar an ilchultúrthacht. Mar shampla tá an focal "shiny" le feiceáil in áit "cool" agus baineann na príomhcharachtair usaid as "gorram" mar fhocal mallachta.

Foireann aisteoirí

Príomhcharachtair

In ord láithris, seo iad príomhcharachtair na sraithe, nó na "Big Damn Heroes" mar a deirtear.[18][19] Tá an naonúr seo i ngach eipeasóid sa tsraith, cé is moite "Ariel", nuair a bhí Shepherd Book ag déanamh machnamh i mainistir.

  • Nathan Fillion mar Malcolm "Mal" Reynolds - Iarsháirsint agus captaen Serenity is ea Mal. Togadh é ar rhainse ar an phláinéad Shadow lena mháthair. Sa Chogadh Aontaithe throid sé lena hIndependents nó na 'Browncoats' i reisimint darb ainm na "57th Overlanders". Is ceannaire cumasach é agus tá sé spreagtha leis a mhian le haghaidh saoirse. Cé nach bhfuil cuma leis smuigléireacht a dhéanamh nó fiú daoine a mharú, go ginearálta is té macánta é, a leanann cód morálta agus a spreagann dílseacht ar an long.[20]
  • Gina Torres mar Zoë Alleyne Washburne - Leascheannasaí na loinge is ea Zoey. Iarshaighdiúir cogaidh agus dlúth-chara do Mhal í fresin. Tá sí pósta le Wash agus is é 'Alleyne' a sloinne roimh phósadh.[21] Ba í corparáil sna 57th Overlanders faoi cheannas Mhail sular d'éirigh sí ina príomh-mháta Serenity. I d'focail Wash, is "bean gaiscígh" í.[22] Taispeáineann sí dílseacht dhobhréagnaithe do Mhal agus tá sí in ann fanacht socair fiú sna cúinsí is teannasaigh.[23]
  • Adam Baldwin mar Jayne Cobb - Saighdiúir tuarastail agus gunna fruilithe is ea Jayne Cobb. Bhuail sé leis an criú faoi dhíriú gunna, ach thairg Mal pá níos airde agus a sheomra féin má rachadh sé isteach i gcomhthionól le Serenity, agus mar sin, lámhaigh sé a iarpháirtithe. Ní thaispeáineann sé dílseacht do Mhal. San eipeasóid "Serenity", deir sé níor urghabh sé an long mar níor thairg an Alliance go leor airgid. San eipeasóid "Ariel" dealraitear gur déanann sé feall ar Simon agus River le haghaidh airgead. Ach de gnáth i dtroid, is saighdiúir iontaofa é.[24] Cé go ghníomhaíonn sé mar duine úspánta, tá fianaise le feiceáil gur té cliste é agus níl eagla air chun na ceisteanna is tuathalaigh a chur ar dhaoine.[25] Léiríonn a heagla roimh na Reavers agus an fhíric go sheolann sé cuid mhór de a phá dona mháthair nach bhfuil fhois againn gach rud faoi Jhayne. Tugtar faoi deara san eipeasóid "Jaynestown" go bhfuair sé stádas finscéalach ar ghealach amháin mar loach Chanton nuair a ghoid sé airgead ón ghiúistís.
  • Alan Tudyk mar Hoban "Wash" Washburne - Píolóta Serenity is ea Hoban nó 'Wash' Washburne. Tá sé pósta le Zoey agus is léir go bhfuil éad air mar gheall ar an caidreamh idir Zoey agus Mal agus an dílseacht gan choinníoll atá aici do Mhal.[26] Tugann sé aghaidh ar Mhal agus an éad seo san eipeasóid "War Stories". Deir Wash gur rollaigh sé i scoil píolóta chun na realtaí a fheiceáil mar bhí an spéir ró truaillithe ar a phláinéad dúchasach. Is duine coiméideach é agus is feidir leis greanntaíocht a dhéanamh fiú sna cúinsí is tromchúisigh.[27]
  • Jewel Staite mar Kaywinnet Lee "Kaylee" Frye - Meicneoir na loinge is ea Kaylee. Tugtar faoi deara "Out of Gas" nach raibh aon oiliúint foirmiúil aici, ach go bhfuil bua na meicnice aici. Tá sí i ngrá leis an dochtúir Simon. Dar le Jewel Staite is carachtar macánta í agus go bhfuil grá aici don chriú go léir.[28] Dar le Joss Whedon is í Kaylee croí na loinge agus má chreideann sí in aon rud, tá sé fíor.[29]
  • Morena Baccarin mar Inara Serra - "Companion" is ea Inara, coibhéiseach do bhean chomórtha ach sa 26ú haois.[30] Conaíonn sí ar thointeáil ar an long ar cíos. Tá stádas ard aici sa sochaí[31][32] agus déanann Mal tagairt uirthi mar 'ambasadóir na loinge'. Taispeáineann sí dínit agus atrua don chriú go léir.[33] Tá teannas rómánsach idir Inara agus Mal ach cuireann siad i gcoinne a gcuid "whoring" agus "petty theft" mar a deir siad faoi seach. Ní ghníomhaíonn sí ar a gcuid mothúcháin, ach in ionad déanann sí iarracht caidreamh proifisiúnta a choiméad.
  • Ron Glass mar Shepherd Book - "Shepherd" is ea Book, coibhéiseach do thréadaí sa Verse.[34] Cé gur fear reiligiúnach agus agus Críostaí cráifeach é, tá méid eolais aisteach de ghníomhaíocht choiriúil aige.[35] Tá sé in ann gunnaí a úsaid, agus san eipeasóid "Safe", faigheann sé cóireáil speisialta san ospidéal gan aon gan aon cheist. Soláthraíonn sé treoir morálta le haghaidh Mal agus is guth réasúin é le haghaidh an criú ar fad. Bhí pleaneanna ag Whedon saol an Shepherd a leiriú níos déanaí sa chlár, ach toisc go chuireadh ar ceall é, tá stair an charachtair foilsithe sa ghreannán The Shepherd's Tale.
  • Sean Maher mar Simon Tam - Máinlia tráma saoithiúil is ea Simon. Leiríodh san eipeasóid "Safe" go raibh óige faoi phribhléid ag é féin agus River, ach thóg sé suas a shaol rathúil comh maith leis a phost in ospidéal mór ar Osiris chun a dheirfiúr River a tarrtháil ón Alliance.[36] Cé nach bhfuil aon scileanna rómánsúila aige, tá grá aige don mheicneoir Kaylee.
  • Summer Glau mar River Tam - Páiste éachtach is ea River a raibh fuadaíodh leis an Alliance le haghaidh turgnaimh.[37] De bharr máinliacht inchinne ionrach, d'fhág sí an institiúid le Simon i staid siabhránach agus paranóideach, agus ó am go ham, foréigneach.[38] Fresin dealraitear go bhfuil sí in ann smaointe dhaoine eile a chloisteáil, agus mar iarmhairt, is feidir léi an lámh in uachtar a fháil in aghaidh daoine níos láidre ná í féin le héascaíocht. Fulaingíonn sí taomanna imní agus spléachtaí siar strus iarthrámach. Is cás eagla athfhillteach iad a héagobhsaíocht intinne agus a cumas comhraic mistéireach le haghaidh geo léir, go háirithe Jayne.[39]

Carachtair athfhillteacha

  • Is smuigléir agus tiarna beag ar Phersephone é Badger (Mark Sheppard). Tugann sé jabanna don chriú go minic. Deirtear le linn na tráchtaireachta DVD san eipeasóid Sernity go raibh plean ag Whedon an ról a ghlacadh mar chaimeo ar dtús. Láithríonn sé sna eipeasóidí Serenity agus Shindig.
  • Is príomh-mhangaire coiriúil le clú foréigneach é Adelei Niska (Michael Fairman). Tá aithne air i bhfáinní coiriúila mar gheall ar a phionóis éadrócaireacha agus a chuid céasta.[40] Láithríonn sé sna eipeasóidí The Train Job agus War Stories.
  • Ealaíontóir caimiléireachta gan ainm aithnid í Saffron (Christina Hendricks). Rinne sí a céadligean san eipeasóid Our Mrs Reynolds nuair a phós Mal í gan aon fhois i mbreag searmanas. Tugtar faoi deara níos déanaí sa tsraith go phósann sí daoine chun a gcuid airgid a ghoid.[41] Nuair a bhuaileann Mal leí arís san eipeasóid Trash, déanann sé targairt uirthi mar "Yosaffbridge" mar jhóc dena hainmneacha bréagacha a bhí aici: "Yolanda", "Saffron" agus "Bridget".
  • Beirt gníomhairí gan ainm ag obair le haghaidh an Alliance chun River a ghabháil arís iad na 'Hands of Blue'[42] (Jeff Ricketts agus Dennis Cockrum). Feallmharfóirí éadrócaireacha iad, a mharaíonn aon duine a dhéanann teagmháil le River, fiú pearsanra eile ón Alliance.[43] Láithríonn siad sna eipeasóidí The Train Job agus Ariel.

Léiriúchán

Bunús

D'fhobair Whedon smaoineamh le haghaidh Firefly nuair a léigh sé "The Killer Angels", úrscéal a bhuaigh Duais Pulitzer le Michael Shaara faoin Chath Gettysburg sa Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Bhí fonn air scéal a chruthú faoi dhaoine a throid ar thoabh chailliúint de chogadh agus a thosaigh saol mar cheannródaithe ar imeall an sochaí, cosúil le daoine san Iarthar Fiain tar éis an cogadh cathartha.[44] Bhí sé ag iarraigh an dúlra tadhlach den saol ar imeall an sochaí a chur in iúl dona breathnóirí.[45] Cosúil lena cláir eile a chruthaigh Whedon, bhí ar intinn aige sraith a leiriú a raibh faoi thionchar carachtar, mar dar leis, bhí easpa clár den sheánra ficsean eolaíochta a chuir beim ar charachtair agus gairbhe na timpeallachta.[46]

Bhí Whedon ag iarraigh ainm a chur leis an tsraith a chuirfeadh fuinneamh na loinge in iúl. Roghnaigh sé mar d'fheabhsaigh an aimn giorria an chláir agus dúirt sé go raibh sainbhrí suntasach ag baint leis.[47]

Foireann léiriúcháin

Roghnaigh Whedon Tim Minear mar a chomhtáirgeoir feidhmeannach agus príomh-scríbhneoir na sraithe. Ar an iomlán maidir leis an an foireann léiriúcháin d'fhostaigh sé daoine a dhearna obair dó cheana sin, cé is moite David Boyd a raibh lán le lúcháir agus fuinneamh le haghaidh an tionscadal.[48]

Piocadh na scríbhneoirí tar éis agallaimh agus nuair a sheol siad samplaí script isteach. I measc scríbhneoir bhí Cheryl Cain, Ben Edlund, Jane Espenson, Drew Z. Greenberg, Brett Matthews agus José Molina.[49] Nuair a chríochnaigh an clár, scríobh Espenson aiste ar an phróiseas scríbhneoireachta le Mutant Enemy Productions.[50] Dar léi bhí cruinniú cruthaitheach le haghaidh gach eipeasóid. D'fhógair duine éigin ón fhoireann léiriúcháin, go háirithe na pleananna le haghaidh an eipeasóid agus rinne na scríbhneoirí forbairt ar na phríomh-téamaí. I ndiadh sin, bhuail an fhoireann scríbhneoireachta (ach amháin príomh-scríbhneoir na heipeasóide roimh ré) le Whedon chun an eipeasóid a roinnt i ngnímh agus radhairc. Ceann dena príomh-chion oibre a bhí ar an fhoireann ná am a roghnú le haghaidh an sos fógraíochta. Mar shampla san eipeasóid "Shindig" tosaíonn an sos nuair atá Mal gortaithe sa chomrac aonair, agus chruthaíonn sé sin teannas agus coinníonn sé rátálacha lucht féachana.

I ndiaidh sin, d'fhorbair na scríbhneoirí na radhairc ar chlár bán le "cur síos comair is ordúil de gach radharc". Bhí lá amháin ag príomh-scríbhneoir chun coincheap na heipeasóide a chruthú, agus bhí lá amháin ag Minear chun athbhreithniú a dhéanamh air. Chruthaíodh an chéad dréacht idir trí agus ceathair déag lá. De gnáth bhí ar an iomlán dhá nó trí dréachtaí roimh scannánaíocht.

Roghnú aisteoirí

Nuair a thosaigh Whedon ag ullmhú le haghaidh léiriúchán na sraithe, bhí caidreamh carasmatach idir na haisteoirí ag teastáil leis. Phioc sé an naonúr roimh scannánaíocht le scannánaíocht Morena Baccarin, mar roghnaigh sé Rebecca Gayheart le haghaidh ról Inara ar dtús, ach shocraigh sé níos déanaí nach mbeadh sí oiriúnach le haghaidh an ról. Rinne Baccarin triail aisteora dhá lá i ndiaidh sin. Athchuimnigh sí nuair a fuair sí an ról (a céad clár teilifíse), thug Whedon í isteach sa seomra tástála sa stiúideo cosúil le "daid bródúil". Dar le Sean Maher, nuair a bhuail an foireann aisteoirí le chéile le haghaidh uair, bhí nasc mothaitheach le feiceáil ar an toirt.

Bhí aithne ag Whedon ar Nathan Fillon mar gheall ar a chuid oibre ar a chláir eile Buffy the Vampire Slayer agus Angel, agus mar sin ba ea é an chéad rogha le haghaidh ról Mhail. Nuair a thaispeáin Whedon coincheap an chláir dó, bhí sceitimíní air chun an ról a ghlacadh. Nuair a chuireadh an clár ar ceal, dúirt Fillon go raibh sé "croíbhriste", ach ba é Firefly a rogha chláir.

Dearadh seit

Thóg an dearthóir léiriúcháin Carey Meyer an long Serenity i ndhá pháirt, mar sin bhí an criú scannánaíochta in ann dhá radhairc a thaifeadadh ag an am céanna. Ba é tuairim Whedon go raibh gá le haghaidh seit réadúil.[51] Dar leis ní raibh long mór le míle is ceathair céad deiceanna nó long le "all-you-can-eat buffet" amach sa chúl i gceist,[52] in ionad bhí sé ag iarraigh long a chuaigh ó ráth ach ag an am céanna a raibh ina bhaile le haghaidh na príomhcharachtair.[53] Luann Whedon sa thráchtaireacht DVD go raibh fáthchiall ag baint le gach seomra, go háirithe sna seomraí leapa a léirigh na pearsantachtaí agus mothúcháin na carachtar, go minic le cabhair ón scéim dathanna.[54] Chruthaigh na dréimirí sna seomraí leibhéil sa long,[55] agus mar sin bhí sé níos easca le haghaidh na carachtair a idirghníomhú le chéile gan a bheith ag ullmhú le haghaidh radhairc eile ar seit eile.[56] D'fheabsaigh sé sin an stíl dhoiciméadach a raibh i gceist ag Whedon.

Bhí tionchar ón ilchultúrachas a mhair sa chlár ar an seit. Bhí na doirse sleamhnáinithe agus na cubhachailí beaga athchuimhnithe den óstáin Seapánacha. Thug an ealaíontóir sraithe Larry Dixon aird ar an fhiric go raibh gréasán trilseach le feiceáil ar na ballaí sa bhá lastais ina shiombail ar an chomhghuaillíocht Mheiriceánach-Sínis sa chlár.[57]

Ba é an buiséad beag a bhí ag Mutant Enemy Productions ag an am ceann dena cúiseanna a tharla tromlach na sraithe ar bord Sernity.[58] Nuair a chuaigh na carachtair amach go dtí phláinéid, bhí gach ceann cosúil le hatmaisféar an Domhain, mar ní raibh go leor airgid acu le haghaidh domhain coimhthíoch a chruthú. Athghlaoigh Meyer nuair a chríocnaigh an clár, mar gheall ar sriantacht ama agus an easpa airgid, bhí sé go leor níos easca, chun an "lesser-of-two-evils" a roghnú agus seit iartharach a úsáid beagnach gach am.[59]

Formáid

Nuair a thosaigh an scannánaíocht le haghaidh an chéad eipeasóid: Serenity, bhí Whedon fós i mbun díospóireachta le Fox chun scáileán leathan a úsáid. Mar thoradh thaifead sé na radhairc ar éadan an cheamara agus ní raibh an dara rogha ag Fox ach an eipeasóid a chraoladh i bhformáid scáileáin leathan.[60] Dhiúltaigh Fox an dréacht le haghaidh an chéad eipeasóid mar cheap siad go raibh carachtar Mal ró dian agus tromchúiseach.[61] Níor thaitin na radhairc le Badger san eipeasóid leo mar cheap siad go raibh an criú ró lag.[62] Tráthnóna Aoine amháin, dúirt Fox go gchaithfeadh sé script nua a sheoladh isteach roimh an Luain ná chuirfeadh pleananna le haghaidh an clár ar ceal.[63] Chaith Whedon agus Tim Minear an deireadh seachtaine ag scríobh dréacht le haghaidh eipeasóid nua: The Train Job. Chun sásamh a thabhairt do Fox, chruthaigh siad carachtair níos foréigneacha ar nós Niska, Crow agus na 'Hands of Blue'.[64]

D'éiligh Fox nach mbeach scáileán leathan san eipeasóid "The Train Job". Dúirt Whedon go raibh sé ag freastail ar bheirt mháistrí mar ní raibh sé in ann scáileán leathan a úsáid, ach ag an am céanna chaithaigh sé gach rud ar an seit a choimeád i bhfráma le haghaidh eisiúint ar DVD sa todhchaí.[65] D'úsaid siad radhairc ríomhghinte chun aithris a dhéanamh ar cheamara láimhe. D'úsaid siad ceamara rianaithe sna rahdhairc leis an Alliance chun an dúlra steiriúil agus nach mór ionrach den grúpra.[66] Nuair a thosaigh David Boyd a phost sa chlár mar stiúrthóir grianghrafadóireachta, sheol sé ceamaraí nua-aimseartha ar ais mar bhí fonn air úsáid a bhaint as cheamaraí óna seachtóidí le bladhma lionsa chun atmaisféar iarthanch a chruthú.[67]

Tá formáid an chláir éagsúil i gcomparáid le cláir ficsean eolaíochta eile, mar chun réadúlacht an spáis a léirú níor úsáid siad aon fuaimeanna amach i gcianspás.[68]

Tagairtí

  1. "Firefly series ready for liftoff" ó canoe.ca (26-11-2004) - Aisghabháil: 7-8-2014
  2. "Serenity: Relighting the Firefly" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 7-8-2014
  3. "Cult Telefantasy Series" le Sue Short, leathanach 105 - Aisghabháil: 7-8-2014
  4. "Fox Squashes Firefly" ó eonline.com (13-12-2002) - Aisghabháil: 8-8-2014
  5. "The Browncoats Rise Again" ón Weekly Standard (24-6-2005) - Aisghabháil: 8-8-2014
  6. "When Fox canceled 'Firefly,' it ignited an Internet fan base whose burning desire for more led to 'Serenity'." ón San Francisco Chronicle (8-6-2005) - Aisghabháil: 8-8-2014
  7. "The Simpsons and Firefly Win Animation and VFX Primetime Emmys" ó awn.com (14-9-2003) - Aisghabháil: 8-8-2014
  8. "Cancelled Too Soon" ó TV Guide (3-6-2013) - Aisghabháil: 8-8-2014
  9. "Serenity: Role Playing Game" le Jamie Chambers, leathanach 198 - Aisghabháil: 8-8-2014
  10. Serenity (2005) - Aisghabháil: 8-8-2014
  11. "Eipeasóid 1: "Serenity", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 8-8-2014
  12. Radhairc ar Mhiranda sa scannán "Serenity" (2005) - Aisghabháil: 8-8-2014
  13. "R. Tam Sessions" (2005) - Aisghabháil: 10-8-2014
  14. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 10-8-2014
  15. "Your next box set: Firefly" ón Guardian (23-3-2012) - Aisghabháil: 10-8-2014
  16. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 11-8-2014
  17. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 18-8-2014
  18. "Big Damn Heroes Handbook" (2009) - Aisghabháil: 25-8-2014
  19. "Big Damn Heroes Join Firefly Online Cast!" ó keepflying.com (25-7-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  20. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  21. "Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009) - Aisghabháil: 25-8-2014
  22. Eipeasóid 3: Bushwhacked - Aisghabháil: 25-8-2014
  23. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  24. "Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 25-8-2014
  25. Serenity (2005), Tráchtaireacht Stiúrthóra
  26. Eipeasóid 4: Shindig - Wash: "I wouldn't stand for it anyway, Captain. Jealous man like me" - Aisghabháil: 25-5-2014
  27. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  28. Agallamh le Jewel State (15-9-2005) - Aisghabháil: 25-8-2014
  29. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 25-5-2014
  30. Radhairc san eipeasóid "Serenity" - Aisghabháil: 25-5-2014
  31. Eipeasóid 2: The Train Job: "A companion chooses her own clients, that's guild law. But physical appearance doesn't matter so terribly, you look for a compatibility of spirit" - Aisghabháil: 25-5-2014
  32. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  33. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  34. The Crew of Serenity - Book ó tvtropes.com - Aisghabháil: 25-5-2014
  35. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  36. "Firefly" ó tvtropes.com - Aisghabháil: 25-8-2014
  37. "Fandom Flashback: Firefly" ó hypable.com (7-4-2014) - Aisghabháil: 25-8-2014
  38. Eipeasóid 5 "Safe" - Aisghabháil: 25-8-2014
  39. Radhairc san eipeasóid "Ariel" - Aisghabháil: 25-8-2014
  40. Radhairc san eipeasóid "The Train Job" - Aisghabháil: 26-8-2014
  41. Radhairc san eipeasóid "Trash" - Aisghabháil: 27-8-2014
  42. Eipeasóid 2: "The Train Job" - River: "Two by two, hands of blue..." - Aisghabháil: 27-8-2014
  43. Radhairc san eipeasóid "Ariel" - Aisghabháil: 27-8-2014
  44. "Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 8 - Aisghabháil: 27-8-2014
  45. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 27-8-2014
  46. Agallamh le Joss Whedon: "Done the Impossible" - Aisghabháil: 27-8-2014
  47. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 27-8-2014
  48. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006) - Aisghabháil: 2-9-2014
  49. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 8 - Aisghabháil: 2-9-2014
  50. "The Writing Process" le Jane Espenson - Aisghabháil: 2-9-2014
  51. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 27-8-2014
  52. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 10 - Aisghabháil: 27-8-2014
  53. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 10-11 - Aisghabháil: 27-8-2014
  54. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 10 - Aisghabháil: 27-8-2014
  55. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 11 - Aisghabháil: 27-8-2014
  56. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 27-8-2014
  57. "The Reward, the Details, the Devils, the Due" - aiste le Larry Dixon sa leabhar "Finding Serenity" (2004) - Aisghabháil: 27-8-2014
  58. "Boxing Clever - Firefly" ón University Observer (1-2-2011) - Aisghabháil: 27-8-2014
  59. "Firefly: The Official Companion, Volume One" (2006), leathanch 11 - Aisghabháil: 27-8-2014
  60. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  61. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  62. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  63. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  64. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  65. Eipeasóid 2: "The Train Job", Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  66. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  67. "Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 29-8-2014
  68. Léirmheas na heipeasóide "Objects in Space" le Keith McDuffee, ó TV Squad (8-9-2006) - Aisghabháil: 29-8-2014

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR