An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 17: Líne 17:
Scríbhneoir [[Éire]]annach ba ea '''Liam Ó Flaithearta''' ([[28 Lúnasa]], [[1896]] - [[7 Meán Fómhair]], [[1984]]). I m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''[[Dúil (Cnuasach gearrscéalta)|Dúil]]'', agus scríobh sé dánta [[Gaeilge]] ó am go chéile. Tugtar ''Liam Ó Flaithbheartaigh'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.
Scríbhneoir [[Éire]]annach ba ea '''Liam Ó Flaithearta''' ([[28 Lúnasa]], [[1896]] - [[7 Meán Fómhair]], [[1984]]). I m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''[[Dúil (Cnuasach gearrscéalta)|Dúil]]'', agus scríobh sé dánta [[Gaeilge]] ó am go chéile. Tugtar ''Liam Ó Flaithbheartaigh'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.


Tá an Liam & Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn "Féile na bhFlathartach" gach bhliain in Inis Mór. Tá [https://www.facebook.com/pages/Liam-and-Tom-OFlaherty-Society/154178324729576 suíomh acu ar facebook] a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann
Tá an Liam and Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn "Féile na bhFlathartach" gach bhliain in Inis Mór. Tá [https://www.facebook.com/pages/Liam-and-Tom-OFlaherty-Society/154178324729576 suíomh acu ar facebook] a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann.


== Saol ==
== Saol ==

Leagan ó 17:39, 24 Lúnasa 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir Scríbhneoir Éireannach ba ea Liam Ó Flaithearta (28 Lúnasa, 1896 - 7 Meán Fómhair, 1984). I mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, agus scríobh sé dánta Gaeilge ó am go chéile. Tugtar Liam Ó Flaithbheartaigh, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

Tá an Liam and Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn "Féile na bhFlathartach" gach bhliain in Inis Mór. Tá suíomh acu ar facebook a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann.

Saol

Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i nGort na gCapall in Árainn. Chuaigh sé ar Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus ansin ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cé nárbh fhada ann é. Chuaigh sé in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí thainig lé aige leis an gCumannachas agus bhí sé páirteach in agóid shóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, rud nár mhair ach cupla lá. Chuaigh sé chun Stáit Aontaithe Mheiriceá ina dhiaidh sin, áit ar mhol a dheartháir Tom dó dul i mbun pinn, rud a rinne se i dtús báire d'iris Chumannach a bhí Tom a chur in eagar.

Saothair

Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí amach air mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin.

Ar na úrscéalta a scríobh sé tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt.

Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló: I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil.

Scríobh sé a lán gearrscéalta lena chois sin. Orthu sin tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le cnuasach Gaeilge, Dúil.