An difríocht idir athruithe ar: "Béal Átha na Sluaighe"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q618056 (translate me)
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 17: Líne 17:
== Nasc seachtrach ==
== Nasc seachtrach ==
* [http://www.ballinasloe.com Suíomh oifigiúil Bhéal Átha na Sluaighe]
* [http://www.ballinasloe.com Suíomh oifigiúil Bhéal Átha na Sluaighe]

{{Síol-tír-ie}}


[[Catagóir:Bailte i gContae na Gaillimhe|Beal Atha Na Sluaighe]]
[[Catagóir:Bailte i gContae na Gaillimhe|Beal Atha Na Sluaighe]]

Leagan ó 09:56, 20 Iúil 2014

Teimpléad:Ie baile infobox Baile in oirthear Chontae na Gaillimhe le daonra thart ar 6,000 is ea Béal Átha na Sluaighe. Tá sé ar an mbóthar N6 as Gaillimh go Baile Átha Luain agus Baile Átha Cliath, i lár na hÉireann. Stopann traein na Gaillimhe ar a bealach go Baile Átha Cliath sa bhaile freisin. Tá an baile suite ar An tSuca, agus ceaptar gur mar gheall ar an oiread daoine a bheith ag trasnú na habhann ag an bpointe sin a thuill sé a ainm. Tá aonach mór, "Aonach na gCapall", ar an mbaile ón 18ú Aois, agus tá sé ar na haontaí capall is faide ar bun san Eoraip. Bíonn féile agus aonach fós ar bun ag an am chéanna gach bliain.

Tá aithne ar an mbaile mar go bhfuil dhá ospidéal ann, Ospidéal Phortiuncula, ar ospidéal ghinearálta é, agus Ospidéal Naoimh Bríde, ospidéal meabhairghalair. Tá Ospidéal Naoimh Bríde ar tí dúnadh de réir mar a aistrítear othair mheabhairghalair go dtí cúram clinicí lasmuigh den ospidéal, agus go minic go tithíocht a chuireann an stát ar fáil. Bhí monarcha ag comhlacht pinn Meiriceánach A. T. Cross sa bhaile, ach tá sé tar éis dúnadh, mar aon le monarcha bróg Dubarry agus monarcha FourSquare. Cé go bhfuil Gaillimh ag fás, is beag dul ar aghaidh atá le sonrú i mBéal Átha na Sluaighe féin, mar gheall ar an gcailliúint oibre tar éis monarchana a dhúnadh le blianta beaga anuas.

Nasc seachtrach