An difríocht idir athruithe ar: "Artemis Fowl"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[File:Artemis Fowl logo.png|thumb|upright|Artemis Fowl le Eoin Colfer]]
[[File:Artemis Fowl logo.png|thumb|upright|Artemis Fowl le Eoin Colfer]]


An céad úrscéal i sraith leabhar fantaise le haghaidh déagóír, scríofa ag scríobhneoir Éireannach, Eoin Colfer.<ref>http://www.theage.com.au/news/books/a-way-with-the-fairies/2005/10/01/1127804692250.html?page=3</ref> Aistrítear go Gaeilge é ag Máire Nic Mhaolain. <ref>http://www.dcu.ie/news/dcutimes/summer_0506/50.pdf</ref>
An céad úrscéal i sraith leabhar fantaise le haghaidh déagóír, scríofa ag scríobhneoir Éireannach, Eoin Colfer.<ref>http://www.theage.com.au/news/books/a-way-with-the-fairies/2005/10/01/1127804692250.html?page=3</ref> Aistrítear go Gaeilge é ag Máire Nic Mhaolain. <ref>http://www.dcu.ie/news/dcutimes/summer_0506/50.pdf</ref>


== Foilsiú ==
== Foilsiú ==
Foilsíodh ar dtús é i mí Aibreáin 2001 ag Viking Children's books. Cuireadh ar fáil é mar leabhar faoi chlúdach crua in Éireann agus i Sasanna leis an uimhir ISBN 067091133X.
Foilsíodh ar dtús é i mí Aibreáin 2001 ag Viking Children's books. Cuireadh ar fáil é mar leabhar faoi chlúdach crua in Éireann agus i Sasanna leis an uimhir ISBN 067091133X.
Líne 45: Líne 42:
Rinneadh an aistriúcháin ag Máire Nic Mhaolain, a rinne an aistriúcháin ar [[Harry Potter agus an Órcloch]] roimhe. Thóg sé sé mhí uirthi an leabhar a aistriú.
Rinneadh an aistriúcháin ag Máire Nic Mhaolain, a rinne an aistriúcháin ar [[Harry Potter agus an Órcloch]] roimhe. Thóg sé sé mhí uirthi an leabhar a aistriú.
Sé an dearcadh a bhí ann agus an aistriúcháin á ordú ag na foilsitheoiri ná go raibh na leabhair ag déanamh go maith as Béarla agus bhí súil acu go mbeadh an rud céanna fíor as gaeilge. Dúirt Michael McLoughlin, ó Penguin Ireland, go raibh a fhios acu go raibh grá mhór ag páistí do na leabhair Artemis Fowl. Rinneadh é a aistriú toisc an éileamh atá ann do leabhair tráthúil as Ghaeilge i scoileanna. Dár leí, bhí an aistriúcháin ar Artemis Fowl go hiomlán difriúil ó Harry Potter, cé gur bhain an dá leabhair le draíocht. Baineann an leabhair Artemis Fowl úsáid as i bhfad níos mó béarlagair agus teanga nuaaimseartha. <ref>http://www.breakingnews.ie/showbiz/best-selling-childrens-book-translated-into-irish-237126.html</ref>
Sé an dearcadh a bhí ann agus an aistriúcháin á ordú ag na foilsitheoiri ná go raibh na leabhair ag déanamh go maith as Béarla agus bhí súil acu go mbeadh an rud céanna fíor as gaeilge. Dúirt Michael McLoughlin, ó Penguin Ireland, go raibh a fhios acu go raibh grá mhór ag páistí do na leabhair Artemis Fowl. Rinneadh é a aistriú toisc an éileamh atá ann do leabhair tráthúil as Ghaeilge i scoileanna. Dár le Nic Mhaolain, bhí an aistriúcháin ar Artemis Fowl go hiomlán difriúil ó Harry Potter, cé gur bhain an dá leabhair le draíocht. Baineann an leabhair Artemis Fowl úsáid as i bhfad níos mó béarlagair agus teanga nuaaimseartha. <ref>http://www.breakingnews.ie/showbiz/best-selling-childrens-book-translated-into-irish-237126.html</ref>


== Nascanna Eachtracha ==
== Nascanna Eachtracha ==

Leagan ó 17:05, 30 Aibreán 2014

Artemis Fowl le Eoin Colfer

An céad úrscéal i sraith leabhar fantaise le haghaidh déagóír, scríofa ag scríobhneoir Éireannach, Eoin Colfer.[1] Aistrítear go Gaeilge é ag Máire Nic Mhaolain. [2]

Foilsiú

Foilsíodh ar dtús é i mí Aibreáin 2001 ag Viking Children's books. Cuireadh ar fáil é mar leabhar faoi chlúdach crua in Éireann agus i Sasanna leis an uimhir ISBN 067091133X.

Foilsíodh sna Stáit Aontaithe don chéad uair é i mBealtaine 2001 ag Miramax. I Meán Fomhair an bhliain sin, bhí eagrán faoi chlúdach bog curtha amach in Éireann agus i Sasanna, agus ansin níos déanaí i SAM. [3]

Nóta ar an Scríbhneoir

Eoin Colfer

Rugadh é i gCill Mhantáin sa bhliain 1965. Tógadh é agus a ceithre deartháireacha ansin ag a athair (a bhí mar múinteoir scoile, staraí agus ealaíontóir) agus a mháthair (múinteoir drámaíochta). Ba é an céad leabhar a foilsíodh aige ná Benny and Omar i 1988, agus bhí sé bunaithe ar a taithí sa Túinéis. D’oibrigh sé mar múinteoir go dtí 2001, nuair a foilsíodh an leabhar Artemis Fowl.[4]

Chomh maith leis an sraith Artemis Fowl agus Benny and Omar, tá ocht leabhair scríofa aige do pháistí agus do dhéagóirí óige.

Tá bean chéile agus beirt páistí aige agus cónaíonn sé i gCill Mhantáin.[5]

Coimriú Plota

'Sé Artemis Fowl II, aois 12, an mac le Artemis Fowl I, coirpeach cumachtach Éireannach. Is buachaill sarthréitheach é, a bhfuil i gceannas ar saibhris a chlann. Tá a athair ar iarraidh áfach, agus a mháthair as a meabhair agus toisc sin caiteann sé a chuid ama leis an gcúntóir atá aige, An Buitléireach.

Osclaíonn an scéal i gcathair Ho Chi Minh, áit a bhfuil Fowl agus An Buitléireach, ag buaileadh le fear a dhearbhaíonn go mbeadh sé in ann cabhair a thabhairt dóibh agus fianaise á lorg acu ar draíocht. Buaileann siad le Sí, a bhfuil cuma Ící uirthi, a thugann deis dóibh breathnu ar An Leabhar Daonna ionas go dtugfaidh Artemis a chuid draiocht ar ais di.

Ag an am céanna, tá troll á lorg san Iodáil ag an gCaptaen Holly Short. Is lucharachám í Holly, ag obair le haghaidh an Fórsa LEPrecon. Gabhann sí an troll, ach úsáideann sí an chuid deireannach don draíocht atá fágtha aici chun é sin a dhéanamh. Nuair a théann Holly chun a draíocht a spreagadh arís, gabhann an Buitleireach agus Artemis uirthi.

Déanann an chuid eile don ghrúpa LEPrecon iarracht Holly a shabháil ó Mhainéar Fowl, agus eiríonn le hArtemis iad a stopadh.

Buaileann Artemis leis an té a bhfuil i gceannas ar an bhfoireann LEPrecon, Julius Root, ag rá go bfhuil ór ag teastáil uaidh chun go ligfeadh sé a phriosúnaithe saor. Nochtann Root, áfach, go bhfuil an t-am stoptha aige timpeall Mainéar Fowl agus nach mbeadh Fowl in ann éalú ón buama atá acu. Toisc seo, dar le Root, ní ceart go mbeadh Fowl ag fógru céard a theastaíonn uaidh. Insíonn Fowl leis, áfach, go bhfuil bealach aimsithe aige chun an stopadh ama a bhriseadh, agus toisc sin ní bheadh aon éifeacht ag an buama air.

Ag an am céanna, éiríonn le Holly a draíocht a fháil ar ais agus éalaíonn sí ón gcillín ina bhfuil sí trí chleas a imirt ar dheirfiúir an Buitléireach.

Agus í ag imeacht, buaileann sí leis an mBuitléireach a bhfuil gortaithe ó troid leis an troll a bhí á lorg ag Holly san Iodáil agus atá anois saor sa Mhainéar Fowl. Sabháileann Holly an Buitléir agus éiríonn leo n Troll a stopadh. Roimh a imíonn Holly, tugann Artemis leath den ór a bfhuil faighte aige ar ais di mar malartú le haghaidh mian draíochta amháin.

Agus Holly imithe, osclaíonn Artemis deochanna le haghaidh gach duine fágtha sa Mhainéar, a chuireann iad ar fad chun codladh. Agus iad ina gcodladh, maidhmíonn an LEPrecon an buama ata acu. Nuair a fhiosraíonn siad an mainéar ina dhiaidh, foghlamaíonn siad gur éiligh Artemis Fowl agus iad a bhí sa mhainéar ón stopadh ama toisc go ndeachaigh siad ina gcodladh, a ligeann daoine saor uaidh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cead ag Artemis an óir a thóg sé a choimeád toisc go bfhuil riail ann go bfhuil duine in ann óir a bhaineann le síóg a choimeád dá mba rud é go néiríonn leis an láimh in uachtar a fháil orthu.

Ina dhiaidh sin, tagann máthair Artemis síos an staighre, agus an meabharghalar a bhí aici imithe, toisc gur úsáid Artemis a mhian draíochta chun a shláinte a thabhairt ar ais di. Is ar Lá Nollag a tharlaíonn sé seo.

Cód

An Teanga 'Gnommish' atá le feiceáil ag bun gach leathanach sa leabhar.

Ag bun gach leathanach sa leabhar, tá réimse siombailí le feiceáil. Pictiúirí atá iontu, de gnath a bhaineann le nádúr. Baineann siad seo leis an teanga ficseanúil, 'Gnommish,' ón leabhar. Is rúnschríbhinn é an leagan a bhfuil le fáil sa leabhar, ag a bfhuil brí le fáil don té a bhfuil in ann é a oibriú amach. Tugtar nod sa leabhair i bhfoirm sliocht ón Leabhar Daonna, agus an teanga ina scríbhtear é sin.[6]

Leagan Gaeilge

Rinneadh an aistriúcháin ag Máire Nic Mhaolain, a rinne an aistriúcháin ar Harry Potter agus an Órcloch roimhe. Thóg sé sé mhí uirthi an leabhar a aistriú.

Sé an dearcadh a bhí ann agus an aistriúcháin á ordú ag na foilsitheoiri ná go raibh na leabhair ag déanamh go maith as Béarla agus bhí súil acu go mbeadh an rud céanna fíor as gaeilge. Dúirt Michael McLoughlin, ó Penguin Ireland, go raibh a fhios acu go raibh grá mhór ag páistí do na leabhair Artemis Fowl. Rinneadh é a aistriú toisc an éileamh atá ann do leabhair tráthúil as Ghaeilge i scoileanna. Dár le Nic Mhaolain, bhí an aistriúcháin ar Artemis Fowl go hiomlán difriúil ó Harry Potter, cé gur bhain an dá leabhair le draíocht. Baineann an leabhair Artemis Fowl úsáid as i bhfad níos mó béarlagair agus teanga nuaaimseartha. [7]

Nascanna Eachtracha

Suíomh Eoin Colfer

Wiki Artemis Fowl

Eoin Colfer ar Penguin Books

Tagairtí

  1. http://www.theage.com.au/news/books/a-way-with-the-fairies/2005/10/01/1127804692250.html?page=3
  2. http://www.dcu.ie/news/dcutimes/summer_0506/50.pdf
  3. http://www.theage.com.au/news/books/a-way-with-the-fairies/2005/10/01/1127804692250.html?page=3
  4. http://www.eoincolfer.com/about-eoin/
  5. http://www.theage.com.au/news/books/a-way-with-the-fairies/2005/10/01/1127804692250.html?page=3
  6. http://books.google.ie/books?id=cQhke8K9G60C&pg=PA14&redir_esc=y#v=onepage&q=gnommish&f=false
  7. http://www.breakingnews.ie/showbiz/best-selling-childrens-book-translated-into-irish-237126.html