An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga Uladh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 12 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1482143 (translate me)
Líne 5: Líne 5:
== Tús a Staire ==
== Tús a Staire ==


Bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh ([[Béarla]]: ''Royal Ulster Constabulary'', giorrúchán: RUC) go hoifigiúil ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1922]]. B'iad na Foirgnimh Atlantacha i mBéal Feirste ceanncheathrú an fhórsa nua póilíneachta, agus b'é Charles Wickham an chéad Chigire Ginearálta. Bhí an chonstáblacht an-chosúil le [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]], agus an dá phríomhdhualgas céanna uirthi, mar atá, an dlí a chur i bhfeidhm agus an ''status quo'' polaitiúil a chosaint. Ar nós Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, chaitheadh "saighdiúirí dubha" an fhórsa nua sainéide dhubhuaine, difriúil ar fad le cultacha dúghorma na bpóilíní Sasanacha agus an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Difríocht eile ab ea é go raibh na constáblaí Ultacha ag iompar arm tine leo.
Bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh ([[Béarla]]: ''Royal Ulster Constabulary'', giorrúchán: RUC) go hoifigiúil ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1922]]. B'iad na Foirgnimh Atlantacha i m[[Béal Feirste]] ceanncheathrú an fhórsa nua póilíneachta, agus b'é Charles Wickham an chéad Chigire Ginearálta. Bhí an chonstáblacht an-chosúil le [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]], agus an dá phríomhdhualgas céanna uirthi, mar atá, an dlí a chur i bhfeidhm agus an ''status quo'' polaitiúil a chosaint. Ar nós Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, chaitheadh "saighdiúirí dubha" an fhórsa nua sainéide dhubhuaine, difriúil ar fad le cultacha dúghorma na bpóilíní Sasanacha agus an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Difríocht eile ab ea é go raibh na constáblaí Ultacha ag iompar arm tine leo.


A thúisce is a tháinig an chonstáblacht nua ar an bhfód, chuaigh sí ag obair i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] agus i [[Doire|nDoire]] leis na ciréibeacha agus na dúnmharuithe seicteacha a stopadh. Díreach nuair a bhí Tuaisceart na hÉireann ag dul trína phianta breithe, thabhaigh Cigire Ceantair de chuid na Constáblachta dar shloinne Nixon míchlú dó féin ó na Caitlicigh a bhí suite siúráilte go raibh sé ag glacadh páirte sna dúnmharuithe seicteacha. Níor gearradh pionós ar bith dó riamh, áfach, agus uair amháin, chuir sé féin dlí an leabhail ar dhuine acu siúd a bhí ag scaipeadh na ráflaí faoina pháirtíocht leis na dúnmharfóirí. Ní ba déanaí, chuaigh sé le polaitíocht ina Fheisire Aontachtach Neamhspleách.
A thúisce is a tháinig an chonstáblacht nua ar an bhfód, chuaigh sí ag obair i mBéal Feirste agus i [[Doire|nDoire]] leis na ciréibeacha agus na dúnmharuithe seicteacha a stopadh. Díreach nuair a bhí Tuaisceart na hÉireann ag dul trína phianta breithe, thabhaigh Cigire Ceantair de chuid na Constáblachta dar shloinne Nixon míchlú dó féin ó na Caitlicigh a bhí suite siúráilte go raibh sé ag glacadh páirte sna dúnmharuithe seicteacha. Níor gearradh pionós ar bith dó riamh, áfach, agus uair amháin, chuir sé féin dlí an leabhail ar dhuine acu siúd a bhí ag scaipeadh na ráflaí faoina pháirtíocht leis na dúnmharfóirí. Ní ba déanaí, chuaigh sé le polaitíocht ina Fheisire Aontachtach Neamhspleách.


Agus na fichidí ag sleamhnú thart, chuaigh an foréigean féin i laige i dTuaisceart na hÉireann. Las sé suas arís le teacht na géarchéime eacnamaíochta sna tríochaidí, agus an tIRA ag pléascadh an chorrbhuama sa Bhreatain Mhór agus i stáitín an Tuaiscirt. Le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], b'í an smuigléireacht an chloch ba mhó ar phaidrín na Constáblachta, agus í ag iarraidh rialúcháin speisialta éigeandála an chogaidh a choinneáil i bhfeidhm. I Mí Aibreáin 1943, fáiltíodh roimh an chéad chonstábla mná go dtí an fórsa.
Agus na fichidí ag sleamhnú thart, chuaigh an foréigean féin i laige i dTuaisceart na hÉireann. Las sé suas arís le teacht na géarchéime eacnamaíochta sna tríochaidí, agus an tIRA ag pléascadh an chorrbhuama sa Bhreatain Mhór agus i stáitín an Tuaiscirt. Le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], b'í an smuigléireacht an chloch ba mhó ar phaidrín na Constáblachta, agus í ag iarraidh rialúcháin speisialta éigeandála an chogaidh a choinneáil i bhfeidhm. I Mí Aibreáin 1943, fáiltíodh roimh an chéad chonstábla mná go dtí an fórsa.

Leagan ó 22:05, 9 Aibreán 2014

Fórsa póilíneachta ba ea Constáblacht Ríoga Uladh a bhí ag obair i dTuaisceart na hÉireann ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 2001, nuair a tháinig Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann ina hionad. Bhí an fórsa ina ábhar conspóide, ó bhí sé de mhíchlú ar na constáblaí nach raibh siad sásta a gceart a thabhairt do na Caitlicigh. Mar sin, nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ba léir go gcaithfí constáblacht nua a bhunú nach bhféadfaí a lochtú faoin seicteachas Protastúnach.

Tús a Staire

Bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh (Béarla: Royal Ulster Constabulary, giorrúchán: RUC) go hoifigiúil ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1922. B'iad na Foirgnimh Atlantacha i mBéal Feirste ceanncheathrú an fhórsa nua póilíneachta, agus b'é Charles Wickham an chéad Chigire Ginearálta. Bhí an chonstáblacht an-chosúil le Constáblacht Ríoga na hÉireann, agus an dá phríomhdhualgas céanna uirthi, mar atá, an dlí a chur i bhfeidhm agus an status quo polaitiúil a chosaint. Ar nós Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, chaitheadh "saighdiúirí dubha" an fhórsa nua sainéide dhubhuaine, difriúil ar fad le cultacha dúghorma na bpóilíní Sasanacha agus an Gharda Síochána. Difríocht eile ab ea é go raibh na constáblaí Ultacha ag iompar arm tine leo.

A thúisce is a tháinig an chonstáblacht nua ar an bhfód, chuaigh sí ag obair i mBéal Feirste agus i nDoire leis na ciréibeacha agus na dúnmharuithe seicteacha a stopadh. Díreach nuair a bhí Tuaisceart na hÉireann ag dul trína phianta breithe, thabhaigh Cigire Ceantair de chuid na Constáblachta dar shloinne Nixon míchlú dó féin ó na Caitlicigh a bhí suite siúráilte go raibh sé ag glacadh páirte sna dúnmharuithe seicteacha. Níor gearradh pionós ar bith dó riamh, áfach, agus uair amháin, chuir sé féin dlí an leabhail ar dhuine acu siúd a bhí ag scaipeadh na ráflaí faoina pháirtíocht leis na dúnmharfóirí. Ní ba déanaí, chuaigh sé le polaitíocht ina Fheisire Aontachtach Neamhspleách.

Agus na fichidí ag sleamhnú thart, chuaigh an foréigean féin i laige i dTuaisceart na hÉireann. Las sé suas arís le teacht na géarchéime eacnamaíochta sna tríochaidí, agus an tIRA ag pléascadh an chorrbhuama sa Bhreatain Mhór agus i stáitín an Tuaiscirt. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, b'í an smuigléireacht an chloch ba mhó ar phaidrín na Constáblachta, agus í ag iarraidh rialúcháin speisialta éigeandála an chogaidh a choinneáil i bhfeidhm. I Mí Aibreáin 1943, fáiltíodh roimh an chéad chonstábla mná go dtí an fórsa.

Bhisigh saol na gconstáblaí i ndiaidh an chogaidh, go dtí gur chrom an tIRA ar an ngleic armtha arís. Le linn Fheachtas na Teorainne sna blianta 1957-1962, mharaigh an tIRA seachtar constáblaí de chuid an fhórsa. Sruthlíníodh an Chonstáblacht sna seascaidí, nó hosclaíodh ceanncheathrú nua ar an gCnoc i mBéal Feirste, agus druideadh roinnt beairicí faoin tuath. Sa bhliain 1967, teorannaíodh gnáth-am oibre an chonstábla do dhá uair is dhá scór in aghaidh na seachtaine.

Póilíniú na Sochaí Scoilte

Bhí sé deacair síocháin a choimeád i sochaí scoilte Thuaisceart na hÉireann, ó bhí dearcadh éagsúil ag an dá phobal ar fhorais an stáit. B'é dearcadh na nAontachtóirí go raibh dlisteanacht iomlán ag an stát, ag a parlaimint, ag an gCoróin agus ag an gConstáblacht. Is iomaí Náisiúnaí, áfach, a shíl nach raibh i dTuaisceart na hÉireann ach stát seicteach frith-Chaitliceach frith-Náisiúnaíoch a claonroinneadh ó Éirinn in aghaidh thoil na ndaoine le tromlach saorga de vótóirí Aontachtacha a chruthú san oirthuaisceart.

Mar a dúirt David Trimble: "Bhí eagla ar Aontachtóirí Uladh go bhfágfaí ina n-aonar iad in oileán na hÉireann, agus thóg siad teach daingean, ach b'fhuar an fháilte a fuair na Caitlicigh sa teach sin. Maidir leis na Náisiúnaithe, cé go raibh foscadh agus fothain acu ón mbáisteach , is é an chuma a bhí orthu, dar linn féin, go raibh siad meáite ar an teach ar fad a chur trí thine".

Is é príomhthasc na constáblachta i ngach stát struchtúir na cumhachta a chosaint agus a choimeád mar atá siad. I dTuaisceart na hÉireann, b'ionann sin agus dúchas Protastúnach an stáit agus a nasc leis an Ríocht Aontaithe a chosaint, rud a bhí le haithint ar ainm na constáblachta freisin - Constáblacht Ríoga Uladh. Mar sin, bhí na polaiteoirí náisiúnaíocha agus na gníomhaithe Caitliceacha ag áitiú ar a bpobal gan dul sna Constáblaí ar aon nós. Mar a dúirt Séamus Mallon, "bhí gach constábla ina Aontachtóir, agus ba Phrotastúnaigh 97 % acu".

Le bheith beacht barainneach, bhí dornán de Chaitlicigh ina gConstáblaí freisin. Iar-chonstáblaí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a bhí iontu nach bhféadfadh fanacht sa Saorstát i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, inar throid siad ar an taobh contráilte, i bhfianaise an toraidh. De réir mar a chuaigh siadsan ar pinsean i rith na mblianta, d'éirigh an Chonstáblach níos aonchreidmhí fós.

Ós rud é go raibh an tIRA ag ionsaí na gCaitliceach a chuaigh sna Constáblaí, agus iad á mbaghcatáil ag a muintir, bhí líon na bpéas Caitliceacha riamh i bhfad ní b'ísle ná a gcodán i measc mhuintir an Tuaiscirt ar fad. I Mí na Nollag 1997, d'fhoilsigh an nuachtán úd The Independent i Londain meamram inmheánach de chuid na Constáblachta a thug le fios nach raibh oiread is aon Chaitliceach amháin ag obair sa Chonstáblacht nach mbeifí ag imirt leatrom de chineál éigin air ar chúiseanna seicteacha.

Na Trioblóidí

Bearaic Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC) i gCrois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, ar an 28 Aibrean 2001. Bhí an t-ionad slándála seo á úsáid ag an gConstáblacht agus ag Arm na Breataine araon i mblianta na dTrioblóidí. Leagadh é sa bhliain 2007.

I ndeireadh na seascaidí, chuaigh na Caitlicigh amach sna sráideanna ag éileamh cearta sibhialta, agus sna sálaí ag an bhfeachtas seo, tháinig na Trioblóidí. Chloígh an Chonstáblacht lena sean-nósanna, agus í ag cur catha ar lucht na mórshiúlta a bhí ag agóidíocht in aghaidh chlaonroinnt na dtoghlach nó ar son cothrom na Féinne i gcúrsaí na tithíochta áitiúla. Is minic a rinne na Caitlicigh neamhshuim d'iarrachtaí an Rialtais agóidí den chineál seo a chosc roimh ré. Ansin, cuireadh na Constáblaí ag obair, agus iad ag caitheamh go brúidiúil le lucht na sluachorraíola. Coinníodh cuimhne ar leith ar chruálacht na gconstáblaí le linn na n-imeachtaí i Sráid an Diúic i nDoire agus ag Droichead Bhun Tolaid in Oirthear Chontae Dhoire.

Bhí na B-Speisialtaigh, ach go háirithe, ina gcnámh spairne ag go leor daoine. Is iomaí Caitliceach a bhí barúlach nach raibh i gceist leis na Speisialtaigh ach fórsa catha leis na Caitlicigh agus na náisiúnaithe a throid, nuair a bhí an Chonstáblacht féin ag iarraidh fíorphóilíneacht a dhéanamh agus í in ann, fiú, an corr-Chaitliceach a earcú. Le linn na scliúchas i Mí Lúnasa 1969, fuair na Constáblaí agus na Speisialtaigh nach raibh siad in ann an tsíocháin a choimeád ar aon nós, agus tháinig na saighdiúirí dearga isteach le córas sibhialta an riaracháin a chosaint is a choinneáil ag imeacht. Ar dtús, bhí na Caitlicigh fáiltiúil go leor roimh na saighdiúirí dearga, ó bhí siad den tuairim go mbeidís níos neodraí i leith chúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ná an Chonstáblacht agus na Speisialtaigh. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí na saighdiúirí á n-iompar go ciotach ar fad, agus nuair a mharaigh siad triúr duine déag ar Dhomhnach na Fola le linn léirsiú eile ar mhaith le cearta sibhialta na gCaitliceach, bhí aga na fáilte caite acu i measc na gCaitliceach.

Agus an dóigh a raibh an tsochaí sa Tuaisceart ag titim as a chéile, tugadh ar an Tiarna Scarman, breitheamh Sasanach a raibh clú agus cáil air, fiosrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Trioblóidí. Foilsíodh an tuarascáil ar an 3 Deireadh Fómhair 1969, agus an chuid is mó de na moltaí a cuireadh chun tosaigh, faomhadh agus cuireadh i ngníomh iad. B'é ba chuspóir leis na leasuithe ná atheagar a chur ar an gconstáblacht ar fad, í a thabhairt chun nua-aimseartha agus maolú ar an difríocht shuntasach idir í agus na fórsaí póilíneachta eile sa Ríocht Aontaithe. Mar chuid den athstruchtúrú, tháinig deireadh leis na Speisialtaigh, agus cruthaíodh údarás nua póilíneachá a raibh ionadaíocht ón bpobal iomlán air. Fórsa póilíneachta amháin a bheadh ann, nó bunaíodh Reisimint Chosanta Uladh le freastal ar na riachtanais míleata. Níos déanaí, scoireadh an Reisimint seo féin, nuair a tosaíodh á lochtú go forleathan faoi sheicteachas. Tháinig Reisimint Ríoga na hÉireann ina hionad ansin.

Féach freisin