An difríocht idir athruithe ar: "Alan Shatter"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 16: Líne 16:
Polaiteoir [[Éire]]annach de chuid [[Fine Gael|Fhine Gael]] is ea '''Alan Shatter''' (rugadh ar [[14 Feabhra]] [[1951]] é). Is [[Teachta Dála]] é do dháilcheantar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] Theas agus is Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta é ó Mhárta [[2011]].

== A Shaol Pearsanta ==
== A shaol pearsanta ==
Rugadh Shatter i mBaile Átha Cliath do theaghlach [[Giúdachas|Giúdach]]. Oileadh é san ''High School'' i [[Ráth Garbh]] agus i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]]. Bhí cónaí air i gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé pósta le Carol agus tá beirt clainne acu.

Leagan ó 16:54, 8 Aibreán 2014

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Alan Shatter (rugadh ar 14 Feabhra 1951 é). Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas agus is Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta é ó Mhárta 2011.

A shaol pearsanta

Rugadh Shatter i mBaile Átha Cliath do theaghlach Giúdach. Oileadh é san High School i Ráth Garbh agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí air i gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé pósta le Carol agus tá beirt clainne acu.

A Shaol Polaitiúil

Toghadh Shatter don Dáil don chéad uair in olltoghchán 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2002. Atoghadh é in olltoghchán 2007 agus arís sa bhliain 2011. Ba bhall de Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath é ó 1991 go 1999 do cheantar Ráth Fearnáin.

Fuair Shatter oiliúint sa dlí agus chuir sé a lán reachtaíochta chun cinn nuair a bhí sé sa Dáil. D'fhoilsigh sé níos mó Billí Comhalta Phríobháidigh agus é sa freasúra ná aon TD riamh. Rinne cuid de na billí athraithe i gcúrsaí sláinte, spóirt agus cirt. Uaireanta, rinne an rialtas leasúcháin ar a bhillí agus ghlac siad úinéireacht orthu.

I rith na 1980í, mhol Shatter go mbunófaí Coiste Gnóthaí Eachtracha san Oireachtas. Ba bhall den choiste é ó bunaíodh é (ach amháin ar feadh tréimhse ghearr ó 1993 go 1994) agus ba Cathaoirleach an Choiste é ó Nollag 1996 go Meitheamh 1996.

Chuir ceannaire Fhine Gael, Seán de Briotún, ón gcoiste é ar feadh tréimhse ó 1993 go 1994 mar vótáíl sé i bhfábhar cosc a chur ar bheo-chúrsáil giorracha d'ainneoin an cheangail aoireachta. Ba é Uachtarán na Gaelchomhairle in Aghaidh Fuilspórt é ar feadh tamaill.

Ba urlabhraí é ar bhínse tosaigh Fhine Gael ar roinnt ábhar:

  • Athchóiriú Dlí (1982, 1987-1988)
  • Comhshaol (1989-1991)
  • Saothar (1991)
  • Ceart (1992-1993)
  • Comhionannas agus Athchóiriú Dlí (1993-1994)
  • Sláinte agus Leanaí (1997-2000)
  • Dlí agus Ceart, Athchóiriú Dlí agus Cosaint (2000-2002)
  • Leanaí (2007-2010)
  • Dlí agus Ceart agus Athchóiriú Dlí (2010-2011)

D'oibrigh sé mar aturnae tar éis dó a shuíochán a chailliúnt sa bhliain 2002 agus ba páirti é i gcomhlucht Gallagher Shatter.

Ceapadh é mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta ar 9 Márta 2011.