An difríocht idir athruithe ar: "Ianaisféar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Réigiún den atmaisféar, 50-500 km in airde, mar a n-idirghníomhaíonn an radaíocht le tonnfhaid ghearra sa ghrianradaíocht leis na ...'
 
m Robot: hr:Ionosfera is a featured article; athruithe cosmaideacha
Líne 3: Líne 3:
{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

{{Nasc AR|hr}}

Leagan ó 13:44, 26 Márta 2014

Réigiún den atmaisféar, 50-500 km in airde, mar a n-idirghníomhaíonn an radaíocht le tonnfhaid ghearra sa ghrianradaíocht leis na móilíní is na hadamh gáis san atmaisféar len iad a ianú: is é sin, go mbaineann an radaíocht seo na leictreoin sheachtracha chun siúil is go bhfágann iain dhearfacha in ionad adamh neodrach. Tá an t-ianaisféar i gcisil de réir tiúchan na n-ian saor dearfach agus tiúchan na leictreon saor diúltach. An dá chiseal íochtaracha, ciseal D (Heaviside) agus ciseal E (Kennelly), is de bharr ianú móilíní iad. Is féidir tonnta raidió a fhrithchaitheamh ó na cisil seo, agus is leo seo a dhéantar cianteileachumarsáid raidió gearrthonnfhaid. Ciseal uachtarach F (Appleton), is de bharr ianú adamh é. Athraíonn tiúis na gciseal le domhanleithead, séasúr, am sa lá, agus gníomhaíocht na Gréine. Tá staidéar á dhéanamh ar na cisil le córais radair ó na 1930idí. Tarchuirtear bíoga tonn raidió le minicíochtaí éagsúla i gcoinne na gciseal sin, agus glactar is mionscrúdaítear na bíoga frithscaipthe. Bíonn an saothar seo ar siúl ag eolaithe san Antartach, ach tá bunáit nó réadlann ar leith i dTromsø i dtuaisceart na hIorua mar a bhfuil an staidéar seo á dhéanamh ó aimsir Edward Appleton i 1932.

Teimpléad:Nasc AR