An difríocht idir athruithe ar: "Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Athrú beaga.
Líne 2: Líne 2:
[[Íomhá:Eurovision Song Contest.svg|mionsamhail|300px|Tugadh an lógó nua-aoiseach seo isteach do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 2004 chun amharc-sainaitheantas comhleanúnach a chruthú. Cuirtear brat na tíre aíochta i lár an chroí do gach comórtas.]]
[[Íomhá:Eurovision Song Contest.svg|mionsamhail|300px|Tugadh an lógó nua-aoiseach seo isteach do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 2004 chun amharc-sainaitheantas comhleanúnach a chruthú. Cuirtear brat na tíre aíochta i lár an chroí do gach comórtas.]]


Is comórtas bliantúil é '''Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse''' ([[Béarla]]: Eurovision Song Contest, [[Fraincis]]: Concours Eurovision de la Chanson)<ref>{{cite web|publisher=''[[European Broadcasting Union]]''|url=http://www.ebu.ch/departments/television/pdf/Winners-Palmares_56-02.pdf|teideal=Winners of the Eurovision Song Contest |format=PDF|accessdate=2007-12-26}}</ref> ina nglacann baill ghníomhacha [[Aontas Craolacháin na hEorpa]] (ACE) páirt.
Is comórtas bliantúil é '''Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse''' ([[Béarla]]: ''Eurovision Song Contest'', [[Fraincis]]: ''Concours Eurovision de la Chanson'')<ref>{{cite web|publisher=''[[European Broadcasting Union]]''|url=http://www.ebu.ch/departments/television/pdf/Winners-Palmares_56-02.pdf|teideal=Winners of the Eurovision Song Contest |format=PDF|accessdate=2007-12-26}}</ref> ina nglacann baill ghníomhacha [[Aontas Craolacháin na hEorpa]] (ACE) páirt.


Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar teilifíseán beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is coitinne sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann dena stáisiúin teilifíse a bhfuil ina bhall in ACE. Tá sé mar tasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.
Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar teilifíseán beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is coitinne sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann dena stáisiúin teilifíse a bhfuil ina bhall in ACE. Tá sé mar tasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.

Leagan ó 20:03, 26 Feabhra 2014

Íomhá:Eurovision Song Contest.svg
Tugadh an lógó nua-aoiseach seo isteach do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 2004 chun amharc-sainaitheantas comhleanúnach a chruthú. Cuirtear brat na tíre aíochta i lár an chroí do gach comórtas.

Is comórtas bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.

Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar teilifíseán beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is coitinne sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann dena stáisiúin teilifíse a bhfuil ina bhall in ACE. Tá sé mar tasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.

Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is fairithe ar domhain seachas tionóil luthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 miliún agus 600 miliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip, freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon, leis.[7] Sa bhliain 2006, bhreathnaigh níos mó ná 74.000 duine i mbeagnach 140 tír ar eagrán an chomórtais sa bhliain sin.[8] Sa bhliain 2010, bhí an comórtas ar siúl in Osló san Iorua. Ghlac 25 tír páirt sa bhabhta ceannais (as 39 tír go hiomlán tar éis dhá bhabhta leathcheannais), agus bhuaigh Lena Meyer-Landrut ón nGearmáin leis an amhrán "Satellite".

Bunús

Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.[9] Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanair 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas.[9][10] Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil.[11] Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le.[12] Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad comórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis.[9] Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.[10]

Bhí an chéad comórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas-chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad comórtas sin.[13]

Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas.[14] Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE.[15] In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.[12]

Formáid

Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.

De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachanna an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).

Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.

Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.

Ag vótáil

Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.

Tíortha

Tíortha na hEoraifíse

Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:

The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area.

Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.

Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:

Bliain Tíortha
1956 An Bheilg, An Eilvéis An Fhrainc, An Ghearmáin,
An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg
1957 An Danmhairg, An Ostair, An Ríocht Aontaithe
1958 An tSualainn
1959 Monacó
1960 An Iorua
1961 An Fhionlainn, An Iúgslaiv, An Spáinn
1964 An Phortaingéil
1965 Éire
1971 Málta
1973 Iosrael
1974 An Ghréig
1975 An Tuirc
1980 Maracó
1981 An Chipir
1986 An Íoslainn
1993 An Bhoisnia-Heirseagaivéin, An Chróit, An tSlóivéin
1994 An Eastóin, An Liotuáin, An Pholainn, An Rómáin,
An Rúis, An tSlóvaic, An Ungáir
1998 Iar-Phoblacht Iúgslávach na Macadóine
2000 An Laitvia
2003 An Úcráin
2004 An Albáin , Andóra, An Bhealarúis,
An tSeirbia agus Montainéagró
2005 An Bhulgáir, An Mholdóiv
2006 An Airméin
2007 Montainéagró, Poblacht na Seice, An tSeirbia, An tSeoirsia
2008 An Asarbaiseáin, San Mairíne

Buaiteoirí

Na buaiteoirí is coitianta
Bliain Tír Amhrán Amhránaí Pointe Imeall Tabhair ar iasacht Datá Óstach
1956 An Eilvéis "Refrain" Lys Assia N/A N/A N/A 24 Bealtaine 1956 Lugano
1957 An Ísiltír "Net Als Toen" Corry Brokken 31 14 An Fhrainc 3 Márta 1957 Frankfurt am Main
1958 An Fhrainc "Dors, Mon Amour" André Claveau 27 3 An Eilvéis 12 Márta 1958 Hilversum
1959 An Ísiltír "Een Beetje" Teddy Scholten 21 5 An Ríocht Aontaithe 11 Márta 1959 Cannes
1960 An Fhrainc "Tom Pillibi" Jacqueline Boyer 32 7 An Ríocht Aontaithe 25 Márta 1960 Londain
1961 Lucsamburg "Nous Les Amoureux" Jean-Claude Pascal 31 6 An Ríocht Aontaithe 18 Márta 1961 Cannes
1962 An Fhrainc "Un Premier Amour" Isabelle Aubret 26 13 Monacó 18 Márta 1962 Lucsamburg
1963 An Danmhairg "Dansevise" Grethe & Jørgen Ingmann 42 2 An Eilvéis 23 Márta 1963 Londain
1964 An Iodáil "Non ho l'età" Gigliola Cinquetti 49 32 An Ríocht Aontaithe 21 Márta 1964 Cóbanhávan
1965 Lucsamburg "Poupée de cire, poupée de son" France Gall 32 6 An Ríocht Aontaithe 20 Márta 1965 Napoli
1966 An Ostair "Merci Chérie" Udo Jürgens 31 15 An tSualainn 5 Márta 1966 Lucsamburg
1967 An Ríocht Aontaithe "Puppet on a String" Sandie Shaw 42 25 Éire 8 Aibreán 1967 Vín
1968 An Spáinn "La La La" Massiel 29 1 An Ríocht Aontaithe 6 Aibreán 1968 Londain
1969 An Spáinn "Vivo Cantando" Salomé 18 N/A N/A 29 Márta 1969 Maidrid
1969 An Ríocht Aontaithe "Boom Bang-a-Bang" Lulu 18 N/A N/A 29 Márta 1969 Maidrid
1969 An Ísiltír "De Troubadour" Lennie Kuhr 18 N/A N/A 29 Márta 1969 Maidrid
1969 An Fhrainc "Un Jour, Un Enfant" Frida Boccara 18 N/A N/A 29 Márta 1969 Maidrid
1970 Éire "All Kinds of Everything" Dana 32 6 An Ríocht Aontaithe 21 Márta 1970 Amstardam
1971 Monacó "Un Banc, Un Arbre, Une Rue" Séverine 128 12 An Spáinn 3 Aibreán 1971 Baile Átha Cliath
1972 Lucsamburg "Après Toi" Vicky Leandros 128 14 An Ríocht Aontaithe 25 Márta 1972 Dún Éideann
1973 Lucsamburg "Tu Te Reconnaîtras" Anne-Marie David 129 4 An Spáinn 7 Aibreán 1973 Lucsamburg
1974 An tSualainn "Waterloo" ABBA 24 6 An Iodáil 6 Aibreán 1974 Brighton
1975 An Ísiltír "Ding-A-Dong" Teach-In 152 14 An Ríocht Aontaithe 22 Márta 1975 Stócólm
1976 An Ríocht Aontaithe "Save Your Kisses for Me" Brotherhood of Man 164 17 An Fhrainc 3 Aibreán 1976 An Háig
1977 An Fhrainc "L'Oiseau Et L'Enfant" Marie Myriam 136 15 An Ríocht Aontaithe 7 Bealtaine 1977 Londain
1978 Iosrael "A-Ba-Ni-Bi" Izhar Cohen & Alphabeta 157 32 An Bheilg 22 Aibreán 1978 Páras
1979 Iosrael "Hallelujah" Gali Atari & Milk and Honey 125 9 An Spáinn 31 Márta 1979 Iarúsailéim
1980 Éire "What's Another Year?" Johnny Logan 143 15 An Ghearmáin 19 Aibreán 1980 An Háig
1981 An Ríocht Aontaithe "Making Your Mind Up" Bucks Fizz 136 4 An Ghearmáin 4 Aibreán 1981 Baile Átha Cliath
1982 An Ghearmáin "Ein Bisschen Frieden" Nicole 161 61 Iosrael 24 Aibreán 1982 Harrogate
1983 Lucsamburg "Si La Vie Est Cadeau" Corinne Hermès 142 6 Iosrael 23 Aibreán 1983 München
1984 An tSualainn "Diggi-Loo Diggi-Ley" Herreys 145 8 Éire 5 Bealtaine 1984 Lucsamburg
1985 An Iorua "La det swinge" Bobbysocks 123 18 An Ghearmáin 4 Bealtaine 1985 Göteborg
1986 An Bheilg "J'Aime La Vie" Sandra Kim 176 31 An Eilvéis 3 Bealtaine 1986 Bergen
1987 Éire "Hold Me Now" Johnny Logan 172 31 An Ghearmáin 9 Bealtaine 1987 An Bhruiséil
1988 An Eilvéis "Ne Partez Pas Sans Moi" Celine Dion 137 1 An Ríocht Aontaithe 30 Aibreán 1988 Baile Átha Cliath
1989 An Iúgslaiv "Rock Me" Riva 137 7 An Ríocht Aontaithe 6 Bealtaine 1989 Lausanne
1990 An Iodáil "Insieme: 1992" Toto Cutugno 149 17 Éire, an Fhrainc 5 Bealtaine 1990 Ságrab
1991 An tSualainn "Fångad av en stormvind" Carola 146 0 An Fhrainc 4 Bealtaine 1991 An Róimh
1992 Éire "Why Me" Linda Martin 155 16 An Ríocht Aontaithe 9 Bealtaine 1992 Malmö
1993 Éire "In Your Eyes" Niamh Kavanagh 187 23 An Ríocht Aontaithe 15 Bealtaine 1993 Sráid an Mhuilinn
1994 Éire "Rock 'n' Roll Kids" Paul Harrington & Charlie McGettigan 226 60 An Pholainn 30 Aibreán 1994 Baile Átha Cliath
1995 An Iorua "Nocturne" Secret Garden 148 29 An Spáinn 13 Bealtaine 1995 Baile Átha Cliath
1996 Éire "The Voice" Eimear Quinn 162 48 An Iorua 18 Bealtaine 1996 Osló
1997 An Ríocht Aontaithe "Love Shine a Light" Katrina and the Waves 227 70 Éire 3 Bealtaine 1997 Baile Átha Cliath
1998 Iosrael "Diva" Dana International 172 6 An Ríocht Aontaithe 9 Bealtaine 1998 Birmingham
1999 An tSualainn "Take Me to Your Heaven" Charlotte Nilsson 163 17 An Íoslainn 29 Bealtaine 1999 Iarúsailéim
2000 An Danmhairg "Fly on the Wings of Love" Olsen Brothers 195 40 An RúisLise Cabble, Julia Fabrin Jakobsen, Thomas Stengaard 13 Bealtaine 2000 Stócólm
2001 An Eastóin "Everybody" Tanel Padar, Dave Benton & 2XL 198 21 An Danmhairg 12 Bealtaine 2001 Cóbanhávan
2002 An Laitvia "I Wanna" Marie N 176 12 Málta 25 Bealtaine 2002 Taillinn
2003 An Tuirc "Everyway That I Can" Sertab Erener 167 2 An Bheilg 24 Bealtaine 2003 Ríge
2004 An Úcráin "Wild Dances" Ruslana 280 17 An tSeirbia agus Montainéagró 15 Bealtaine 2004 Iostanbúl
2005 An Ghréig "My Number One" Elena Paparizou 230 38 Málta 21 Bealtaine 2005 Cív
2006 An Fhionlainn "Hard Rock Hallelujah" Lordi 292 44 An Rúis 20 Bealtaine 2006 An Aithin
2007 An tSeirbia "Molitva" Marija Šerifović 268 33 An Úcráin 12 Bealtaine 2007 Heilsincí
2008 An Rúis "Believe" Dima Bilan 272 42 An Úcráin 24 Bealtaine 2008 Béalgrád
2009 An Iorua "Fairytale" Alexander Rybak 387 169 An Íoslainn 16 Bealtaine 2009 Moscó
2010 An Ghearmáin "Satellite" Lena Meyer-Landrut 246 76 An Tuirc 29 Bealtaine 2010 Osló
2011 An Asarbaiseáin "Running Scared" Eldar & Nigar 221 32 An Iodáil 14 Bealtaine 2011 Düsseldorf
2012 An tSualainn "Euphoria" Loreen 372 113 An Rúis 26 Bealtaine 2012 Baku
2013 An Danmhairg "Only Teardrops" Emmelie de Forest 281 47 An Asarbaiseáin 18 Bealtaine 2013 Malmö

Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na h-amhránaithe agus na h-amhráin a bhí i gceist:[16]

De Tír

Buaiteoirí Tír bliana
7 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
5 1974, 1984, 1991, 1999, 2012
1967, 1969, 1976, 1981, 1997
1961, 1965, 1972, 1973, 1983
1958, 1960, 1962, 1969, 1977
4 1957, 1959, 1969, 1975
3 1963, 2000, 2013
1985, 1995, 2009
1978, 1979, 1998
2 1968, 1969
1956, 1988
1964, 1990
1982, 2010
1 1966
1971
1986
1989
2001
2002
2003
2004
2005
2006
2007
2008
2011

Tagairtí

  1. "Winners of the Eurovision Song Contest" (PDF).
  2. "Finland wins Eurovision contest".
  3. "Eurovision Song Contest - International Music Program".
  4. "Eurovision Trivia" (PDF) (2002).
  5. "Eurovision Song Contest 1972".
  6. "Eurovision Song Contest 2004 Final".
  7. "Webcasting and the Eurovision Song Contest" (July 2002).
  8. "Eurovision song contest 2006 - live streaming".
  9. 9.0 9.1 9.2 "[x Singing out loud and proud]". Bristol Evening Post. “In the mid-1950s, the members of the European Broadcasting Union set up an ad-hoc committee to investigate ways of rallying the countries of Europe round a light entertainment programme. At Monaco, in late January 1955, this committee, chaired by Marcel Bezencon, director general of Swiss Television, came up with the idea of creating a song contest, inspired by the very popular San Remo Festival. The idea was approved by the EBU General Assembly in Rome on October 19, 1955, and it was decided that the first "Eurovision Grand Prix" - so baptised, incidentally, by a British journalist - would take place in spring 1956 at Lugano, Switzerland.”
  10. 10.0 10.1 "Eurovision's Golden Jubilee".
  11. "History of Eurovision" (2003).
  12. 12.0 12.1 "Eurovision: 40 years of network development, four decades of service to broadcasters".
  13. "Historical Milestones" (2005).
  14. "Histoire 1956 à 1959" (1999). Teimpléad:Fr icon
  15. "The EBU Operations Department".
  16. http://www.keithm.utvinternet.ie/Winners.htm

Naisc Sheachtracha

Teimpléad:Link FA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR