An difríocht idir athruithe ar: "Ella Mae Morse"
m Bot: Migrating 4 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q467618 (translate me) |
image |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
[[File:Ella Mae Morse Metronome May 1944.JPG|thumb|Ella Mae Morse, 1944]] |
|||
[[Íomhá:Freddie slack band.JPG|mion|Ceirnín Ella Mae Morse agus Freddie Slacks, "House of Blue Lights"]] |
[[Íomhá:Freddie slack band.JPG|mion|Ceirnín Ella Mae Morse agus Freddie Slacks, "House of Blue Lights"]] |
||
Leagan ó 03:20, 7 Feabhra 2014
B’amhránaí mór le rá Meiriceánach í Ella Mae Morse (12 Meán Fómhair 1924 – 16 Deireadh Fómhair 1999). Rugadh Ella i Mansfield, Texas.
D’fhostaigh Jimmy Dorsey í nuair a bhi sí 14 bliana d’aois. Bhí Dorsey den tuairim go raibh sí 19 mbliana d’aois, agus nuair a chuir an bord scoile in iúl dó go raibh sé freagrach as a cúram, fuair sé réidh léi. I 1942, nuair a bhí sí in aois a 17 mbliana, chuaigh sí le banna Freddie Slack. An bhliain chéanna thaifid sí “Cow Cow Boogie” le Freddie - an chéad cheirnín singil órga ag Capitol Records.
I 1943 thosaigh sí ag taifeadadh go haonarach. Chas sí amhráin i stíleanna éagsúla agus bhí amhráin aici i gcairteanna “pop” agus “rhythm and blues” araon. Níor éirigh léi bheith ina réalt mór le rá riamh, áfach. “Blacksmith Blues” (1952) an t-amhrán solo ba mhó cáil a d’eisigh sí. Níor thaifid sí aon rud i ndiaidh 1957 ach choinnigh sí uirthi ag déanamh ceoil go dtí 1987. Phós sí dhá uair agus bhí seisear páistí aici.
Fuair sí bás de thairbhe easpa anála i Bullhead City, Arizona.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |