An difríocht idir athruithe ar: "Athrú Aeráide"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Robot: fi:Ilmaston lämpeneminen is a featured article; athruithe cosmaideacha
m Robot: tt:Глобаль җылыну is a featured article; athruithe cosmaideacha
Líne 18: Líne 18:
{{Nasc AR|pl}}
{{Nasc AR|pl}}
{{Nasc AR|th}}
{{Nasc AR|th}}
{{Nasc AR|tt}}
{{Nasc AR|vi}}
{{Nasc AR|vi}}

Leagan ó 19:41, 29 Eanáir 2014

Meánteocht an domhain ag méadú idir 1900 agus 2004.

Is é an téamh domhanda an fás atá le feiceáil i meánteocht an Domhain leis na blianta. Ó 1970 ar aghaidh ardaíodh meánteocht an Domhain (an t-aer, an talamh, is an fharraige) timpeall 1 °C. I 12 bhliain den 13 bhliain 1998-2009 bhí an mheánteocht níos mó ná riamh ó tosaíodh ar dhéanamh taifead. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Domhan ina iomláine ag fáil níos mó fuinneamh téite ón nGrian ná mar atá sé ag cailliúint trí aisradaíocht amach sa spás. Is de bharr athrú san iarmhairt cheaptha teasa ag an atmaisféar an téamh seo. Thar roinnt mílte bliain bhí cothromaíocht idir an méid teasa a ghabh an t-atmaisféar agus an méid a aisradaíodh gach bliain. Ach anois, mar thoradh ar bhreis dé-ocsaíd charbóin is meatáin (gáis cheaptha teasa) a bheith á sceitheadh san atmaisféar ag daoine, tá an tseanchothromaíocht idir ionchur is aschur teasfhuinnimh á cur as a riocht, agus an suaitheadh ag méadú in aghaidh na bliana. Faoi 2050 beidh an mheánteocht ardaithe 1 °C eile ar a laghad, agus tá saineolaithe ann a bhfuil eagla orthu go mb'fhéidir go mbeidh an t-ardú chomh mór le 5-6 °C. Is baol go mbeidh torthaí cinniúnacha ar athrú mar sin: suaithfear an aimsir is an aeráid go mór ar fud an Domhain. Beidh aimsir thaomach ann go minic, mar shampla cuaranfaí, tuilte is triomaigh. Beidh na milliúin daoine ruaigthe as réigiúin ísle na hÁise ag cuaranfaí trópaiceacha. Is baol go leathnóidh na gaineamhlaigh san Afraic, an Áise, an Astráil agus Meiriceá. Leáfar cuid mhaith de na hoighearshruthanna is na hoighearchaidhpeanna ar fud an Domhain, ardófar leibhéal na farraige dá bharr agus de thoradh forbartha teirmí, agus báfar cuid mhaith réigiún íseal atá plódaithe le daoine. Is baol go n-asáiteofar daonraí ollmhóra. Meastar go mbeidh galair thrópaiceacha atá measartha anois, ar nós na maláire, forleathan sa Domhan. Is deacair na torthaí sóisialta is polaitiúla uile a shamhlú, ach is féidir go mbeidh siad millteanach.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR