An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Agaistín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Robot: no:Augustin av Hippo is a good article; athruithe cosmaideacha
Líne 16: Líne 16:


{{Link GA|no}}
{{Link GA|no}}
{{Nasc AR|ml}}

Leagan ó 18:41, 29 Eanáir 2014

San Agaistín, le Botticelli (t.1480)

Naomh tábhachtach san Eaglais Chaitliceach ab ea Agaistín HippoSan Agaistín (13 Samhain, 35428 Lúnasa, 430).

Rugadh Aurelius Augustinus i dTagaste san Afraic Thuaidh i 354. Ba saoránach Rómhánach páganach a athair, Patricius agus ba Bearbéir agus Críostaí a mháthair, Naomh Monica. Tógadh é mar Chríostaí, ach níor báistíodh é agus é ina leanbh.

D'fhreastail sé ar an ollscoil sa Chartaig agus thóg sé do shaol na mac léinn ag an am. Bhí mac aige, Adeodatus, le bhean a bhí sé ina chónaí léi. Ghlac sé Mainicéasaíocht ar feadh seal. Bhí sé ag múineadh reitric san ollscoil i Carthago, sa Róimh agus i Milano ina dhiaidh sin. Nuair a d'fhill sé ar Milano, ba ghnách leis dul ag éisteacht le heaspag Milano, Naomh Ambrós, toisc go raibh suim aige i gcumas labhairt aige. Thionntaigh sé ina Chíostaí agus báistíodh é sa bhliain 387.

Fuair a mháthair agus a mhac le chéile bás tamaill gearr ina dhiaidh. Scair sé ón bpairtnéir a bhí aige i bhfad roimhe sin agus chuir sé tosach le comhphobal beag fireann san Afraic Thuaidh. Sríobh sé riail atá fós á úsáid ag Oird Rialta san Eaglais Chaitliceach. Chuir sé tús le saol fada scríobhnóireachta. 'S iad na leabhair is tábhachtaí dá chuid ná Confessiones agus De civitate Dei.

Oirníodh é ina shagart agus toghadh é mar easpag Hippo Regius go gearr ina dhiaidh. Bhain sé cáil amach mar chosantóir na Críostaíochta Ceartchreidmhigh i gcoinne ionsaithe na Meanaicigh agus eiricigh cosúil leis na Donataigh agus lucht Pelagius. Fuair sé bás ar 28 Lúnasa 430 nuair a bhí na Vandail ag déanamh ionsaí ar Hippo. Is é an fhéile atá aige ná 28 Lúnasa.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR