An difríocht idir athruithe ar: "Achtainiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Robot: zh:锕 is a good article; athruithe cosmaideacha
Líne 23: Líne 23:
{{Link GA|en}}
{{Link GA|en}}
{{Link GA|es}}
{{Link GA|es}}
{{Link GA|zh}}
{{Nasc AR|ro}}
{{Nasc AR|ro}}

Leagan ó 15:33, 29 Eanáir 2014

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an t-achtainiam dúil cheimiceach uimhir a 89, agus is é is tús do shraith na n-achtanóideach i dtábla peiriadach na ndúl. Go ginearálta, is í maisuimhir an iseatóip is cobhsaí - 227 - a thugtar in áit mheáchan adamhach na dúile seo. Ba é André-Louis Debierne, ceimiceoir Francach, a d'aithin an t-achtainiam mar dhúil ar leith sa bhliain 1899. Tháinig an Gearmánach Friedrich Oskar Giesel ar an dúil chéanna cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus bhaist sé eamáiniam air, ach sa deireadh, coinníodh ainm Debierne in úsáid, ó ba é an t-ainm ba sine é.

Miotal lonrach é an t-achtainiam, agus é chomh radaighníomhach is go bhfuil luisne ann a fheictear sa dorchadas. Is í an radaighníomhaíocht a thabhaigh a ainm don achtainiam. Is é 227Ac an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin róchobhsaí, nó níl sé 22 bhliain ar leathré. Ó thaobh na ceimice de, tá sé an-chosúil leis an lantanam, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá aige ná +3.

Úsáidtear achtainiam mar fhoinse radaíochta, agus sin í an t-aon úsáid amháin is féidir a bhaint as dúil chomh radaighníomhach sin, dáiríre.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR