An difríocht idir athruithe ar: "Túiliam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 91 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1853 (translate me)
m Robot: en:Thulium is a good article; athruithe cosmaideacha
Líne 23: Líne 23:


[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]

{{Link GA|en}}

Leagan ó 12:32, 29 Eanáir 2014

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an túiliam dúil uimhir a 69, agus is í an tsiombail a sheasann dó ná Tm. Ceann de na lantanóidigh é. Tá sé ar an gceann is teirce de na miotail tearc-chré, amach ón bpróiméitiam, nach mbíonn le fáil sa dúlra ach ar éigean, ós rud é gur dúil radaighníomhach ghearrshaolach é. Fuair an túiliam a ainm ón gceimiceoir Sualannach Per Teodor Cleve a d'aithin ocsaíd an túiliam, túilia, mar shubstaint ar leith sa bhliain 1879. Is é seanainm Chríoch Lochlann, mar atá, Thule, is bunús leis an ainm sin túiliam.

Cosúil leis na lantanóidigh eile, bíonn túiliam le fáil sa mhonaisít, tearc is uile mar atá sé ansin féin. Sa chineál monaisíte a fhaightear i nDeisceart na Síne, is é céatadán an túiliam d'iomlán na dtearcithreach ná 0.5. (Is é an t-itriam an dúil is coitianta i monaisít na Síne, agus an céatadán timpeall ar 70.)

Miotal bog insínte é an túiliam. Ní imoibríonn sé go réidh leis an aer tirim, ach is scéal eile ar fad é an t-aer fliuch. Mar sin, ba chóir na heiseamail túiliam a chosaint ar an bhfliuchán.

Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an túiliam ina chuid comhdhúl, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt ó lantanóideach. Is iad an trí-ocsaíd dé-thúiliam (an tseisce-ocsaíd, nó an túilia) Tm2O3, na halaiginidí agus an tríhiodrocsaíd na comhdhúile is tábhachtaí. Bíonn comhdhúile dénártha ag an túiliam lena lán dúl: TmN (nítríd túiliam), TmS (suilfíd túiliam), TmGe3 (tríghearmáiníd túiliam) agus eile, agus uimhreacha éagsúla ocsaídiúcháin aige iontu (+II, +III, +IV ar a laghad), ach is é ian túiliam (+III) an t-aon chineál túiliam a bhíonn le haithint sna tuaslagáin uisce.

Túiliam

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an túiliam, is é sin, túiliam a 169, agus ní bhíonn iseatóip eile ar fáil sa dúlra. Bhí na fisiceoirí in ann a lán iseatóp radaighníomhach a ghineadh ina gcuid saotharlann, ach ní féidir a rá go mbeadh aon cheann acu fadsaolach. Is é túiliam a 170 an raidiseatóp is fadsaolaí, agus é 1.92 bliain ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is mó a thagann air ná leictreonghabháil.

Cosúil le lantanóidigh áirithe eile (an hoilmiam agus an t-eirbiam, cuir i gcás) úsáidtear túiliam sna gléasraí léasair.

Teimpléad:Link GA