An difríocht idir athruithe ar: "Ruitéiniam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 94 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1086 (translate me)
m Robot: ar:روثينيوم is a good article; athruithe cosmaideacha
Líne 24: Líne 24:
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]


{{Link GA|ar}}
{{Link GA|en}}
{{Link GA|en}}
{{Nasc AR|de}}
{{Nasc AR|de}}

Leagan ó 09:28, 29 Eanáir 2014

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an ruitéiniam dúil uimhir a 44 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an giorrúchán a sheasann dó ná Ru. Ceann de na miotail i ngrúpa an phlatanaim é, agus ceann de na miotail trasdultacha atá ann, leis. Miotal crua geal atá ann, agus cosúil leis an oismiam, imoibríonn sé le hocsaigin an aeir, ionas go gcruthaítear teatrocsaíd - i gcás an ruitéiniam, is í teatrocsaíd an ruitéiniam í, nó RuO4.

Is gnách úsáid a bhaint as an ruitéiniam sa chóimhiotalú. Má mheasctar iarsmaí beaga ruitéiniam tríd an tíotáiniam, cuirfidh sé go mór le díontacht an tíotáiniam ar an gcreimeadh. Maidir leis an oismiam agus leis an bplatanam, is féidir iad a dhéanamh níos crua trí ruitéiniam a chur leo.

Ba é an t-eolaí Karl Ernst Claus a d'aithin an ruitéiniam agus a d'aonraigh an chéad smután de, thiar sa bhliain 1844 in Kazan, an Rúis. B'as an Eastóin dó, ar chúige Rúiseach í san am, agus léiríonn a ainm go raibh baint aige le seanuaisle Gearmánacha an chúige sin. Mar ba dual do Ghearmánaigh na hEastóine, áfach, bhí sé ina thírghráthóir mhór Rúiseach, agus d'ainmnigh sé an dúil nua as an Rúis - ruitéiniam. San am sin, ba ghnách úsáid a bhaint as an ainm Laidine Ruthenia - an Ruitéin - mar aistriúchán ar Rus na Rúisise, is é sin, sean-chomhainm na Rúise, na hÚcráine agus na Bealarúise. Inniu, ní gnách Ruitéanaigh a thabhairt ach ar threibheacha áirithe Úcránacha, go háirithe in Iarthar na hÚcráine.

Tá ruitéiniam an dúlra comhdhéanta as seacht n-iseatóp cobhsaí. Níl raidiseatóip fhadsaolacha ag an ruitéiniam a bheadh ar fáil go nádúrtha.

Tá ceimic an ruitéiniam sách cosúil le ceimic an oismiam, an teatrocsaíd ach go háirithe. Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2, +3 agus +4, áfach.

Níl ról ar bith ag an ruitéiniam i mbeatha an duine. A mhalairt ar fad, creidtear go bhfuil nimh ann - ar a laghad, tá an teatrocsaíd sách dainséarach, díreach cosúil le teatrocsaíd an oismiam. Carnann an ruitéiniam sna cnámha, agus is féidir go bhfuil sé in ann ailse a tharraingt ar an duine, fiú.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR