An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil na Banríona, Béal Feirste"
Guliolopez (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
m robot Modifying: en:Queen's University Belfast |
||
Líne 8: | Líne 8: | ||
[[Rang:Ollscoileanna]] |
[[Rang:Ollscoileanna]] |
||
[[en:Queen's University |
[[en:Queen's University Belfast]] |
||
[[fr:Université Queen's de Belfast]] |
[[fr:Université Queen's de Belfast]] |
||
[[ja:クイーンズ大学 (アイルランド)]] |
[[ja:クイーンズ大学 (アイルランド)]] |
Leagan ó 11:14, 3 Eanáir 2007
Ollscoil is ea Ollscoil na Banríona, Béal Feirste atá suite i mBéal Feirste, Uladh. Tugtar Queen's University, Belfast (QUB) uirthi as Béarla, nó The Queen's University of Belfast go hoifigiúil.
Bunaíodh Coláistí na Banríona sa bhliain 1845 i nGaillimh, i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Nascadh na coláistí seo le chéile sa bhliain 1850 faoin ainm Queen's University of Ireland. Bunaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann in 1851 tar éis don Phápa Coláistí na Banríona a cháineadh in 1847. Tháinig deireadh le freasúra na gCaitliceach in éadan na hOllscoile nuair a rinneadh Ollscoil Ríoga de in 1879. D'athraigh an Ollscoil Chaitliceach a ainm go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath níos déanaí.
Atheagraíodh na hollscoileanna le acht na bliana 1908. Cuireadh na coláistí ríoga i gCorcaigh agus i nGaillimh agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in Ollscoil na hÉireann, agus fágadh an coláiste a bhí i mBéal Feirste leis féin mar Ollscoil na Banríona. Aithníodh institiúidí eile mar choláistí aitheanta de chuid Ollscoile na hÉireann de réir a chéile, an ollscoil phápúil i Má Nuad agus na coláistí oiliúna do mhúinteoirí go háirithe.