An difríocht idir athruithe ar: "Iúr Cinn Trá"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m fixing dead links
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 20: Líne 20:
Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.
Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.


Bhronn [[Muirechertach Mac Lochlainn]], Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar [[na Cistéirsigh]] le ''Chairt'' nó ''Donatio'', rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le [[Mael Maedoc]], Easpag Ard Mhacha. Tá an chaipéis seo ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.
Bhronn [[Muirechertach Mac Lochlainn]], Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar [[na Cistéirsigh]] le ''Chairt'' nó ''Donatio'', rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le [[Mael Maedoc]], Easpag Ard Mhacha. Tá an chaipéis seo ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.


D'fhás Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain [[1742]] nuair a nascadh é le Loch nEathach tríd an gcéad chanáil in [[Éire|Éirinn]]. I Mí [[Márta|Mhárta]] [[2002]] d'ainmnigh an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá mar chathair.
D'fhás Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain [[1742]] nuair a nascadh é le Loch nEathach tríd an gcéad chanáil in [[Éire|Éirinn]]. I Mí [[Márta|Mhárta]] [[2002]] d'ainmnigh an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá mar chathair.
Líne 120: Líne 120:


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==
==Naisc sheachtracha==
== Naisc sheachtracha ==
* [http://web.archive.org/20061013214419/www.newryandmourne.gov.uk/pdf/CitizensNewsIrish.pdf Nuachtlitir an tSaoránaigh]
* [http://web.archive.org/20061013214419/www.newryandmourne.gov.uk/pdf/CitizensNewsIrish.pdf Nuachtlitir an tSaoránaigh]
* [http://web.archive.org/20011213213931/www.newryandmourne.gov.uk/g_index.asp Comhairle an Iúir agus Mhúrn]
* [http://web.archive.org/20011213213931/www.newryandmourne.gov.uk/g_index.asp Comhairle an Iúir agus Mhúrn]

Leagan ó 21:47, 29 Samhain 2013

Teimpléad:Baile i dTuaisceart na hÉireann bosca eolais

Is é Iúr Cinn TráAn tIúr (Newry sa Bhéarla) an tríú cathair is mó i gCúige Uladh de réir daonra, i ndiaidh Bhéal Feirste agus Dhoire Choilm Cille. Tá tuairim agus 35,000 duine ann. I ndeisceart Chontae an Dúin/Chontae Ard Mhacha atá sé, agus é timpeall leath bealaigh idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.

Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.

Bhronn Muirechertach Mac Lochlainn, Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar na Cistéirsigh le ChairtDonatio, rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le Mael Maedoc, Easpag Ard Mhacha. Tá an chaipéis seo ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.

D'fhás Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain 1742 nuair a nascadh é le Loch nEathach tríd an gcéad chanáil in Éirinn. I Mí Mhárta 2002 d'ainmnigh an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá mar chathair.

Áirítear Ardeaglais Chaitliceach Iúr Cinn Trá agus Halla na Cathrach ar mhórfhoirgnimh na cathrach. Tá iarsmalann agus ionad éalaíon ann freisin. Díol spéise é Halla an Bhaile mar gur tógadh é os cionn na habhann atá sa chrích ag Contae an Dúin agus ag Contae Ard Mhacha.

Cómhartha bóthair ar teacht isteach 'na bhaile do thiománaithe
Halla an Bhaile, Iúr Cinn Trá
Cearnóg Mharcais, Iúr Cinn Trá

Riarachán

Comhairle an Iúir agus Mhúrn freagrach as riarachán logánta an cheantair. Is iad Oifigí na Comhairle, Rae Mhuineacháin, príomhionad riaracháin na Comhairle. Tá na ranna a leanas lonnaithe ar Rae Mhuineacháin:

  • Roinn an Chléirigh
  • Riarachán
  • Airgeadas
  • Rialú Tógála
  • Sláinte Chomhshaoil

Lasmuigh den Rannóg Timpeallachta, tá na rannóga lonnaithe in Oifigí na Comhairle ar an mBruach Glas.

Stair

Caisleán Bagenal, Iúr Cinn Trá

Iúr Cinn Trá

Is é Naomh Pádraig an chéad duine a bhfuil iomrá air i scéal an Iúir de réir an tseanchais. Deirtear gurb eisean a chuir crann iúir ag ceann na trá i nGleann Rí, agus gur uaidh sin a tháinig ainm an bhaile.

Bunaíodh an Mhainistir Chistéirseach sa bhliain 1144. Fuair an Mhainistir cairt ó Mhuircheartach Mac Lochlainn, Ardrí Éireann, sa bhliain 1157, an t-aon chairt dá cineál a bhfuil cóip di ar marthain go dtí an lá inniu.

Teaghlach Bagenal

Scoireadh an Mhainistir sa bhliain 1545. Ghlac Nicholas Bagenal, an t-eachtránaí Sasanach, seilbh ar Theach an Aba, agus dhaingnigh sé an baile. I gceann tamaill rinneadh Marascal na hÉireann de. Ba chorrach é réimeas mhuintir Bagenal san Iúr i gcúrsaí cogaidh agus polaitíochta. Ghlac Conn Mag Aonghusa seilbh ar an bhaile sa bhliain 1641, ach ghéill sé don Choirnéal Venables, ceannasaí de chuid Chromail sa bhliain 1649. Loisc Diúc Bheirbhic an baile sa bhliain 1689 le linn Chogadh an Dá Rí. Fuair an duine deireanach de Mhuintir Bagenal bás sa bhliain 1712.

Atógáil an Bhaile san 18ú Céad

Ba é ceantar an Iúir an príomhbhealach isteach i gCúige Uladh, agus dá bhrí sin atógadh an bhaile.

Leag Iarla Hillsborough plean úr amach don bhaile, agus é ag tarraingt lár an bhaile síos ó na hardáin chun riasca an ghleanna. Ba í Sráid Hill cnámh droma an bhaile de réir an phlean seo agus trí chearnóg ann, ach sa deireadh níor tógadh ach dhá cheann, Cearnóg Margaret agus Cearnóg Marcus. Tá Páirc Cholmáin le fáil san áit a raibh an tríú cearnóg le tógáil. Tógadh tithe arda galánta ar Shráid Hill agus tithe stóir cois abhann agus ar chéanna na canála.

Canáil an Iúir

Sa bhliain 1742 cuireadh canáil Loch nEathach i gcrích agus tháinig ráthúnas ar an Iúir de bharr díol agus ceannach earraí ó chúlchríocha leathana an bhaile. Tógadh foirgnimh bhreátha phríobháideacha, phoiblí agus thráchtala dá bharr agus cuid mhaith acu ann go fóill. Sa bhliain 1777 bhí an tIúr ar an gceathrú baile ba mhó in Éirinn. Bhí borradh faoi thionscal an lín agus bhí minearraí gloine agus gloine ghearrtha á ndéanamh ann. Bhí clódóirí ann agus clóbhualadh saothair le Voltaire, agus le Jean Rousseau.

Cúrsaí tionsclaíochta sa 19ú haois

Ísllú céime a thug an bóthar iarainn don bhaile. Laghdaigh trácht na canála go mór agus thug Béal Feirstr an báire léi i gcúrsaí tráchtála. Mar sin féin, rinneadh dul chun cinn: rinneadh longchanáil nua ó Dhuga Albert amach chun na farraige, rud a mheall ceannaithe guail. Le linn Chogadh Cathartha Mheiricea bhí ganntanas cadáis ar fud an domhain agus ba bheag an mhoill ar an Iúr agus ar an Sruthán dul i mbun líon a shníomh.

San 20ú Céad

Sa bhliain 1881 bhí 15,590 duine ina gcónaí ar an Iúr, ach laghdaigh an daonra as sin amach anuas go dtí na seascaidí, rud a bhain le druideadh na canála, na muilte, an trambhealaigh agus an iarnróid. Ach i ndeireadh na 1970í cuireadh airgead isteach sa chumarsáid, in áiseanna shláinte agus san oideachas, rud a rinneadh beag beann ar na Trioblóidí agus a ghríosaigh daoine chun cuideachtaí nua idirnáisiúnta a chur ar bun ar nós Shaotharlann Norbrook agus Glen Dimplex.

Inniu

Tá an baile ag fás fós agus daonra 25,000 duine ann. Tá sráideanna nua-aimseartha ann, ionaid siopadóireachta agus óstáin. Tá na teicneolaíocht nua agus an treallús ag coinneáil na cathrach chun tosaigh i ngeilleagar na hÉireann.

Daoine

  • The Four of Us.

Tíreolaíocht

Spórt

Sacar

Newry City F.C. a imríonn ins na [The Showgrounds (Newry)|Showgrounds]].

CLG

Rugby Union

  • Newry RFC play their home games at Telford Park on the outskirts of the city.

Iompar

Daonáireamh 2001

Oideachas

Eaglaisí

Ard-Eaglais Phádraig agus Cholmáin, Iúr Cinn Trá

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Féach freisin