An difríocht idir athruithe ar: "CLG Dún Bleisce"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5297147 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 35: Líne 35:
D'imríodar an pheil chomh maith sa am sin ach, mar an gcéanna leis an iomáint, bhí clubanna láidre ar nós [[CLG Úlla|Úlla]] agus [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] ar bhéal an dorais. Níl aon tuairisc ann faoi imirt ne hiomána nó na peile le linn na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus, mar an gcéanna lena lán clubanna eile sa chontae um an dtace sin, is cosúil go raibh an club neamh-ghníomhach ar feadh roinnt blianta.

Nuair ath-thosníodh na craobhacha i ndiaidh teacht na síochána, ba sa pheil a d'éirigh le Dún Bleisce ar dtús. Bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928 i ndiaidh dóibh [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Caisleán Uí Mhathúna]] a chloí sa chluiche ceannais. Tháing Úlla agus Dún Bleisce le chéile faoin ainm ''Raonaithe an Bhaile Nua'' ag tús blianta na 1930í agus chailleadar cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|craobh sinsear an chontae]] faoi dhó i gcoinne [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Ghleanna]] sna blianta 1933 agus 1934.

Níor tháinig an iomáint chun chinn go dti blianta na 1930í nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu sa bhliain 1937 tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Theampall an Ghleanntáin]] i ndiaidh achomhairc agus d'éirigh leo arís sa chomótas sa bhliain 1941 nuair a sháraíodar ar An gConradh sa chluiche ceannais. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhilleadar ar ais ar an ngrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.

Leagan ó 06:02, 29 Samhain 2013

Dún Bleisce
Béarla: Doon
Bunaithe: 1888
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: -
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dearg is bán
Páirc: Dún Bleisce, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Dún Bleisce.

Suíomh

Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Dún Bleisce atá i gContae Luimnigh. Tá an trian eile de i gCLG Chontae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club eile dárbh ainm dó An Gleann Gearr suite. Tagan formhór imreoirí Dún Bleisce as baile Dún Bleisce féin, as na ceanntracha tuaithe an pharóiste maguaird ar nós Faill Uí Chléirigh, An Cúige agus Rinn an Mheana agus as baile agus leath-pharóiste Úlla.

Cluichí

Imrítear ach an iomáint amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le Úlla i gcomhair na peile.

Stair

Fiú amháin roimh bhunú Chumann Lúthchleas Gael, imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós Máigh Rua, Saor Theas, Cathair Laighin, An Bóthar agus An Cheapach Mhór a tháinig ar dtús chun tosaigh. Bunaíodh Dún Bleisce sa bhliain 1888 agus ghlacadar páirt i gcomórtaisí a eagraíodh in Oirthear Chontae Luimnigh agus Iarthar Chontae Thiobraid Árann le linn blianta deiridh an 19ú aois ach ach ba chlub beag iomána i measc na bhfathach é le linn an tréimhse sin.

D'imríodar an pheil chomh maith sa am sin ach, mar an gcéanna leis an iomáint, bhí clubanna láidre ar nós Úlla agus Pailís na Gréine ar bhéal an dorais. Níl aon tuairisc ann faoi imirt ne hiomána nó na peile le linn na dTrioblóidí agus, mar an gcéanna lena lán clubanna eile sa chontae um an dtace sin, is cosúil go raibh an club neamh-ghníomhach ar feadh roinnt blianta.

Nuair ath-thosníodh na craobhacha i ndiaidh teacht na síochána, ba sa pheil a d'éirigh le Dún Bleisce ar dtús. Bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928 i ndiaidh dóibh Caisleán Uí Mhathúna a chloí sa chluiche ceannais. Tháing Úlla agus Dún Bleisce le chéile faoin ainm Raonaithe an Bhaile Nua ag tús blianta na 1930í agus chailleadar cluiche ceannais craobh sinsear an chontae faoi dhó i gcoinne An Ghleanna sna blianta 1933 agus 1934.

Níor tháinig an iomáint chun chinn go dti blianta na 1930í nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu sa bhliain 1937 tar éis dóibh buachaint ar Theampall an Ghleanntáin i ndiaidh achomhairc agus d'éirigh leo arís sa chomótas sa bhliain 1941 nuair a sháraíodar ar An gConradh sa chluiche ceannais. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhilleadar ar ais ar an ngrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.

Cuireadh an-iarracht isteach ar na gráid óga le linn blianta na 1960í agus, nuair a shroich na himeroirí na grádanna fásta, bhuaigh Dún Bleisce Craobh Iomána Sinsear Oirthear Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1974. Ach cé gur chlub sinsear é ón am shn i leith, níor éirigh leo i gcomórtaisí an chontae. B’iad 1989, nuair bhuaigh Baile Brún orthu, agus 2000, nuair a chailleadar le cúilín amháin i gcoinne Tobar Phádraig, na blianta ba thorthúile dóibh nuair a shroich Dún Bleisce cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh.

Ta mór-cháil bainte amach ag Dún Bleisce as a bhfóirne óga. Ghabhadar naoi gCraobh Iomána Mionúir Chontae Luimnigh idir na blianta 1946 agus 2003 agus tá Craobh Iomána Faoi-21 an Chontae gafa acu ar cheithre ócáid idir na blianta 1966 agus 2005. Le linn blianta na 1960í, bhuaigh an-chuid imreoirí mionúir agus faoi-21 ón bparóiste boinn iomána an chontae le Dún Bleisce agus boinn peile an chontae le Úlla.

Is é Craobh Sóisear an Oirthir na bliana 1968 an chorn dheiridh a bhuaigh Dún Bleisce mar club peile sular thángadar le chéile le Úlla.

Páirc Imirthe

Dún Bleisce v Garrdha Uí Spiolláin, Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh i gClochán ar an 30ú Bealtaine 2009.

Tá páirc imirthe Dún Bleisce suite i gceartlár an bhaile, gan ach 300m ón bPríomhshráid ar Bhóthar Úlla. Osclaíodh sa bhliain 1994 í agus chríochnaíodh na seomraí feistithe sa bhliain 2002.

Imreoirí Cáiliúile

I measc iománaithe cáiliúile Dún Bleisce, tá Liam Ó Mórdha (Willie Moore), a bhuaigh bonn Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann le foireann Luimnigh sa bhliain, agus imreoiri contae na 2000í Donncha Ó Maoldomhnaigh (Dinny Moloney) agus Mícheál Mac Gearailt (Mike Fitzgerald).

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • Doon GAA: A History 1887-1990”, O’Brien, Tom, 1991 (Béarla).
  • Heroic Doon: A History of Doon GAA Club”, O’Brien, Tom, (gan dáta), (Béarla).