An difríocht idir athruithe ar: "Análaitheoir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m cata
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3: Líne 3:
{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

[[Catagóir:Leigheas]]
[[Catagóir:Leigheas]]

Leagan ó 22:26, 28 Samhain 2013

Meaisín chun ocsaigin a sholáthar d'othar agus dé-ocsaíd charbóin a bhaint uaidh nuair nach bhfuil sé in ann análú dó féin. Leathnaíonn sé na scamhóga ó am go ham trí fheadán a chuirtear sa traicé. Tá gaireas simplí iniompartha ar fáil is féidir a oibriú de lámh le haghaidh análú ghearrthéarmaigh é. Nuair a bhíonn gá le húsáid fhadtréimhseach, tá meaisíní uathoibríocha ar fáil. Nuair a tháinig an t-análaitheoir chun cinn ar dtús, thugtaí scamhóg iarainn air. Bosca mór a dhóthain ab ea é chun colainn othair a chur isteach ann, gan ach a cheann is a mhuineál taobh amuigh. D'fhaightí sreabh aeir isteach sna scamhóga tríd an mbrú taobh istigh den bhosca a laghdú, rud a leathnaigh cliabhrach is scamhóga an othair. Bhaintí feidhm as i gcás othar le pairilis riospráide de bharr polaimiailítis, ach níl sé in úsáid a thuilleadh.