An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainnis"
m Bot: Migrating 112 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q294 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 15: | Líne 15: | ||
Is teanga [[Gearmáinic]]e Thuaidh í an '''Íoslainnis''' ('''íslenska''') a labhraítear don chuid is mó san [[An Íoslainn|Íoslainn]]. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i g[[Ceanada]]. |

==Stair== |
== Stair == |
||
Go stairiúil, is iad canúintí Iarthar na h[[Iorua]] is gaolmhaire léi, ach in imeacht na mblianta, chuaigh forbairt na hÍoslainnise sa treo contrártha leis na teangacha Lochlannacha eile, agus inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a thug an t-oileán chun míntíreachais míle bliain ó sin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann. |

Líne 21: | Líne 21: | ||
Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn na hÍoslannaigh ábalta an tseanlitríocht a léamh, ach ar ndóigh, caithfidh siad na nótaí a léamh freisin le ciall a bhaint as an gcoimhthéacs cultúrtha. |

==Gramadach == |
== Gramadach == |
||
Tá gramadach na hÍoslainnise i bhfad níos casta ná gramadach na dteangacha Gearmáinice eile, an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] go mór mór san áireamh. Tá trí inscne ann, cosúil leis an nGearmáinis, ach aithnítear thar a chéile san uimhir iolra iad chomh maith leis an uimhir uatha, rud nach ndéantar sa Ghearmáinis: ''þeir allir'' "siad uile" (firinscne), ''þær allar'' "siad uile" (baininscne), ''þau öll'' "siad uile" (neamhinscne). Cosúil leis an nGearmáinis, aithníonn an Íoslainnis ceithre thuiseal, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Sa Ghearmáinis, áfach, ní bhíonn de dhifríocht idir na tuisil seo go minic ach foirmeacha an ailt, ach san Íoslainnis, cuirtear iarmhíreanna éagsúla leis an ainmfhocal, agus guta an tamhain féin ag athrú ag a lán focal chomh maith. Féach na samplaí seo: |

Leagan ó 22:20, 28 Samhain 2013
Is teanga Gearmáinice Thuaidh í an Íoslainnis (íslenska) a labhraítear don chuid is mó san Íoslainn. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i gCeanada.
Stair
Go stairiúil, is iad canúintí Iarthar na hIorua is gaolmhaire léi, ach in imeacht na mblianta, chuaigh forbairt na hÍoslainnise sa treo contrártha leis na teangacha Lochlannacha eile, agus inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a thug an t-oileán chun míntíreachais míle bliain ó sin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.
Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn na hÍoslannaigh ábalta an tseanlitríocht a léamh, ach ar ndóigh, caithfidh siad na nótaí a léamh freisin le ciall a bhaint as an gcoimhthéacs cultúrtha.
Gramadach
Tá gramadach na hÍoslainnise i bhfad níos casta ná gramadach na dteangacha Gearmáinice eile, an Ghearmáinis go mór mór san áireamh. Tá trí inscne ann, cosúil leis an nGearmáinis, ach aithnítear thar a chéile san uimhir iolra iad chomh maith leis an uimhir uatha, rud nach ndéantar sa Ghearmáinis: þeir allir "siad uile" (firinscne), þær allar "siad uile" (baininscne), þau öll "siad uile" (neamhinscne). Cosúil leis an nGearmáinis, aithníonn an Íoslainnis ceithre thuiseal, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Sa Ghearmáinis, áfach, ní bhíonn de dhifríocht idir na tuisil seo go minic ach foirmeacha an ailt, ach san Íoslainnis, cuirtear iarmhíreanna éagsúla leis an ainmfhocal, agus guta an tamhain féin ag athrú ag a lán focal chomh maith. Féach na samplaí seo:
- HÚS "teach" (neamhinscne)
- tuiseal ainmneach uatha: hús
- tuiseal cuspóireach uatha: hús
- tuiseal tabharthach uatha: húsi
- tuiseal ginideach uatha: húss
- tuiseal ainmneach iolra: hús
- tuiseal cuspóireach iolra: hús
- tuiseal tabharthach iolra: húsum
- tuiseal ginideach iolra: húsa
- FJÖRÐUR "caolsáile, fiord" (firinscne)
- t.a.u. fjörður
- t.c.u. fjörð
- t.t.u. firði
- t.g.u. fjarðar
- t.a.i. firðir
- t.c.i. firði/fjörðu
- t.t.i. fjörðum
- t.g.i. fjarða
- ÁÆTLUN "amchlár, sceideal, plean" (baininscne)
- t.a.u. áætlun
- t.c.u. áætlun
- t.t.u. áætlun
- t.g.u. áætlunar
- t.a.i. áætlanir
- t.c.i. áætlanir
- t.t.i. áætlunum
- t.g.i. áætlana
Naisc