An difríocht idir athruithe ar: "CLG Gallbhaile (Luimneach)"
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
m fixing dead links |
||
Líne 53: | Líne 53: | ||
== Naisc sheachtracha == |
== Naisc sheachtracha == |
||
* [http://www.geocities.com/galballygaa/ Galbally GAA (Béarla)] |
* [http://web.archive.org/20010812052423/www.geocities.com/galballygaa/ Galbally GAA (Béarla)] |
||
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)] |
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)] |
||
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)] |
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)] |
Leagan ó 18:53, 11 Samhain 2013
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Béarla: | Galbally | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1905 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Theas | ||||||||||||||
Peil: | Idirmheánach | ||||||||||||||
Iomáint: | - | ||||||||||||||
Dathanna: | Dubh is bán | ||||||||||||||
Páirc: | Gallbhaile, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gallbhaile.
Suíomh
Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i nDeisceart Contae Luimnigh, i nGleann Eatharlaigh ar imeall Sléibhta na nGailtí, 45km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tá leath eile an pharóiste i gContae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club dárbh ainm dó Eatharlach.
Tagann formhór imreoirí an chluib as baile Gallbhaile, as na ceanntracha tuaithe an pahróiste maguaird ar nós Na Caológa, Dún Trí Liag, An Cnocán Breac agus An Caisleán Cria agus as baile Cnoc Loinge, sráidbhaile Garrdha Uí Spiolláin agus as ceanntracha tuaithe máguaird i bparóiste Cnoc Loinge/Gleann Bruacháin ar nós Baile Mhistéala na dTamhan agus Gleann Bruacháin.
Cluichí
Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le Garrdha Uí Spiolláin i gcomhair na an hiomána.
Stair
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh ach níl aon trácht faoi aon chlub bunaithe i leath thiar pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin go dti an bhliain 1905 nuair a chláraigh Cnoc Mór na nGaibhlte le Coiste an Chontae. Tá tuairisc ann faoi chluiche ceannais comórtas peile Baile an Londraigh a chailleadar i gcoinne Cnoc na mBua, An tOspidéal i Mí Dheireadh Fomhair na bliana sin. Roimhe sin, is cosúil gur imir peileadóirí na háite le Baile an Londraigh nó le Eatharlach i gContae Thiobraid Árann.
Ní raibh mórán le rá faoin gclub go dti gur atheagraíodh Roinn CLG Deisceart Luimnigh sa bhliain 1925 agus bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt don chéad uair sa bhliain 1928 faoin ainm Gallbhaile. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’éirigh leo Craobh Peile Sóisear an Chontae a bhuachaint don chéad uair nuair a sharaíodar ar Sheanghualainn sa chluiche ceannais.
Shroich foireann ón bparóiste faoin ainm Na Caológa cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Deiscirt na bliana 1933. Ach cé gur tháinig craobh na roinne ar ais chuig Gallbhaile sna blianta 1946 agus 1948, is beag toradh a raibh ar a gcuid saothar i gcomórtaisí an chontae go dti blianta na 1960í.
Nuair a bhuaigh Clochán orthu sa bhliain 1969, ba é Gallbhaile an chéad chlub as deisceart an chontae a shroich cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ón mbliain 1932 ach bhí an mí-ádh orthu gur tháinig foireann láidir eile as an roinn, Cromadh, le linn blianta na 1970í. Cé gur tháinig Gallbhaile chun chin le linn blianta na 1980í agus cé gur bhuadar Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 1993 i ndiaidh bliain amháin a chaitheamh sa dara ghrád, bhí orthu fanacht go dti an bhliain 1994 sular bhuadar Craobh Sinsear an Chontae don chéad uair i ndiaidh buachaint ar An Athair Ó Cathasaigh.
Bhí an bua acu arís trí bhliain ina dhiaidh sin, ní ar an bpáirc imirthe ach i ndiaidh achomhairc I gcoinne Ollscoil Luimnigh ach, d’ainneoin go raibh ag éirí leo i ngrádanna na nóg san am chéanna, thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2001. Bhí na seansanna acu filleadh ar an bpríomhghrád ach chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh faoi dhó i gcoinne Áth an tSléibhe sna blianta 2002 agus 2007.
Cé ná raibh mórán traidisiún sa spórt sa pharóiste go dti sin, thosnaigh an iomáint sa chlub le linn blianta deiridh na 1970í. Shroich Gallbhaile cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1992 ach chailleadar i gcoinne Teampall an Ghleanntáin. D’éiríodar as an spórot sa bhliain 2000 nuair a thángadar le chéile le Garrdha Uí Spiolláin . Bhí roinnt imreoirí as Gallbhaile ar fhoireann Garrdha Uí Spiolláin a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 2005.
Páirc Imirthe
D’imir Gallbhaile le blianta ar páirc an phobail i lár an bhaile sular cheannaíodar a pháirc imirthe féin 1km laistiar ón sean-pháirc.
Imreoirí Cáiliúile
I measc peileadórií cáiliúla Gallbhaile, tá Mícheál Ó Coise (Mike Quish), ball foireann na Mumhan a bhuaigh Corn Idirchúigeach na Peile sa bhliain 1978 agus Tadhg Ó Coimín (Timmy Cummins) ar ir imir ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991. Is é Seán Ó Cadhla (John Kiely) an taon iománaí an chluib ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh.
Naisc sheachtracha
- Galbally GAA (Béarla)
- Limerick GAA (Béarla)
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).