An difríocht idir athruithe ar: "Uirlis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Aon fhearas a mbaintear feidhm as chun saothar a chur i gcrích. Anallód dhéantaí na tuanna luatha trí fhaobhar a chur ar phíosa cloch thine. Timpeall 4000 RC ...'
(No difference)

Leagan ó 23:49, 8 Samhain 2013

Aon fhearas a mbaintear feidhm as chun saothar a chur i gcrích. Anallód dhéantaí na tuanna luatha trí fhaobhar a chur ar phíosa cloch thine. Timpeall 4000 RC cuireadh uirlisí cré-umha in ionad na n-uirlisí cloiche, agus ina dhiaidh sin fós uirlisí iarainn. Baineadh feidhm astu seo chun ionstraimí is meaisíní simplí a dhéanamh. Sa Réabhlóid Thionsclaíoch tháinig uirlisí meaisín chun cinn agus d'éirigh an t-olltáirgeadh indéanta de réir a chéile. Tá ilghnéitheacht uirlisí nua-aoiseacha ann anois, go minic fuinnmhithe le leictreachas is stiúrtha ag ríomhairí, agus iad oiriúnaithe d'obair ar scálaí éagsúla, ó na holltochaltóirí a úsáidtear sa mhianadóireacht is tochailt tollán síos go dtí an scála adamhach sna meaisíní lenar féidir adaimh aonaracha a aistriú is a chur in ionad ar leith chun ábhair a thógáil adamh i ndiaidh adaimh.