An difríocht idir athruithe ar: "Ray Tomlinson"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Innealtóir ríomhaire, ceapadóir an ríomhphoist, a rugadh i Vale Mills, Nua-Eabhrac is ea '''Ray Tomlinson''' (1941-). Rinne sé obair do Roinn Cosanta [...' |
(No difference)
|
Leagan ó 01:09, 8 Samhain 2013
Innealtóir ríomhaire, ceapadóir an ríomhphoist, a rugadh i Vale Mills, Nua-Eabhrac is ea Ray Tomlinson (1941-). Rinne sé obair do Roinn Cosanta na Stát Aontaithe ar líonra ríomhaire ghníomhaireacht na scéimeanna ardtaighde (ARPANET), réamhtheachtaire don Idirlíon. I 1971 cheap sé bealach chun teachtaireacht a sheoladh ó úsáideoir ar ríomhaire amháin chuig úsáideoir ar ríomhaire i gcéin. Roghnaigh sé an tsiombail @ chun ainm an úsáideora a scaradh ó ainm an ríomhaire a bheadh ag fáil na teachtaireachta.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |