An difríocht idir athruithe ar: "Cathair na Vatacáine"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
MacTire02 (plé | dréachtaí)
stíl
Líne 44: Líne 44:
|fonótaí=}}
|fonótaí=}}


Is í '''Cathair na Vatacáine''', nó ''Stát Chathair na Vatacáine'' ([[Iodáilis]]: ''Stato della Città del Vaticano'', [[Laidin]]: ''Status Civitatis Vaticanae'') lárionad na hEaglaise Caitlicí sa domhan, agus í suite taobh istigh den [[An Róimh|Róimh]], príomhchathair na h[[An Iodáil|Iodáile]]. Is féidir ''an Vatacáin'' a thabhairt uirthi as Gaeilge freisin.
Is í '''Cathair na Vatacáine''', nó '''Stát Chathair na Vatacáine''' ([[Iodáilis]]: ''Stato della Città del Vaticano'', [[Laidin]]: ''Status Civitatis Vaticanae'') lárionad na hEaglaise Caitlicí sa domhan, agus í suite taobh istigh den [[An Róimh|Róimh]], príomhchathair na h[[An Iodáil|Iodáile]]. Is féidir '''an Vatacáin''' a thabhairt uirthi as Gaeilge freisin.


Is í an Vatacáin an stát is lú sa [[An Domhan|Domhan]] de réir an daonra agus an achair. Tháinig an Vatacáin ar an bhfód mar atá sí inniu, nuair a shínigh [[Benito Mussolini]] agus an [[Pápa Pius XII]] [[Conradh na Lataráine]] sa bhliain 1929.
Is í an Vatacáin an stát is lú sa [[An Domhan|Domhan]] de réir an daonra agus an achair. Tháinig an Vatacáin ar an bhfód mar atá sí inniu, nuair a shínigh [[Benito Mussolini]] agus an [[Pápa Pius XII]] [[Conradh na Lataráine]] sa bhliain 1929.

Leagan ó 17:02, 7 Samhain 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Is í Cathair na Vatacáine, nó Stát Chathair na Vatacáine (Iodáilis: Stato della Città del Vaticano, Laidin: Status Civitatis Vaticanae) lárionad na hEaglaise Caitlicí sa domhan, agus í suite taobh istigh den Róimh, príomhchathair na hIodáile. Is féidir an Vatacáin a thabhairt uirthi as Gaeilge freisin.

Is í an Vatacáin an stát is lú sa Domhan de réir an daonra agus an achair. Tháinig an Vatacáin ar an bhfód mar atá sí inniu, nuair a shínigh Benito Mussolini agus an Pápa Pius XII Conradh na Lataráine sa bhliain 1929.

Is gá an Vatacáin féin a aithint thar an Suí Naofa, nó is follasach go raibh an Suí Naofa ann, mar choincheap, i bhfad sular bunaíodh Stát na Vatacáine. Foilsítear fógráin oifigiúla na Vatacáine féin as Iodáilis, ach is í an Laidin bunteanga na gcaipéisí a eisíonn an Suí. Thairis sin, ní hionann pasanna na Vatacáine agus pasanna an tSuí Naofa. Ní stát é an Suí Naofa féin, agus mar sin, ní féidir leis ach pasanna dioplómatúla agus pasanna seirbhíse a eisiúint, ach bíonn an Vatacáin féin ag eisiúint gnáthphasanna.

Roimh lá na Vatacáine, bhí a leithéid de rud ann agus Stáit an Phápa. Is éard a bhí i gceist le Stáit an Phápa ná an stát eaglasta a bhí ann sna blianta 756-1870, agus é ag cuimsiú lár na hIodáile go léir. Tháinig deireadh leis na Stáit seo de thoradh an Risorgimento, is é sin, leis na cogaí a cuireadh sa naoú haois déag leis an Iodáil go léir a aontú. Nuair a shínigh Pius agus Mussolini Conradh na Lataráine, shainigh siad nárbh é athbhunú Stáit an Phápa a bhí i gceist, ach stát nua ar fad.

Plás Pheadair - Cathair na Vatacáine

Monarcacht í an Vatacáin, agus is é an Pápa an monarc. Eaglaisigh Chaitliceacha iad na feidhmeannaigh is airde sa Stát. Tá limistéar an Stáit faoi fhorlámhas an tSuí Naofa, agus cónaí ar an bPápa ansin, sa Phálás Aspalda. Níl cónaí ar an bPápa ansin ach ón mbliain 1377 anuas. Roimhe sin, bhíodh na Pápaí ina gcónaí i bPálás na Lataráine ar Chnoc Caelius ar an taobh eile den chathair. I bPálás na Lataráine a síníodh Conradh na Lataráine freisin, agus sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gConradh.

Seanainm é ainm na Vatacáine, agus é ag dul siar go dtí na blianta réamh-Chríostaí: Mons Vaticanus an leagan Laidine, nó Cnoc na Vatacáine. Cuid de shean-Chnoc na Vatacáine iad críocha an Stáit, chomh maith leis na Machairí Vatacánacha in aice leis an gCnoc. B'ansin a tógadh Baisleac Pheadair, an Séipéal Sistíneach, an Pálás Aspalda agus na hiarsmalanna, chomh maith le foirgnimh áirithe eile. Go dtí an bhliain 1929, bhain na tailte seo le barda Borgo.

Tá cuid d'fhoirgnimh an tSuí Naofa suite taobh amuigh den Vatacáin, go háirithe Castel Gandolfo, áitreabh samhraidh an Phápa, chomh maith le baisleaca áirithe. Tá cearta eistíre ag údaráis na Vatacáine sna tailte seo, agus iad á bpóilíniú ag gníomhairí Vatacánacha.

Naisc Sheachtracha


Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR