An difríocht idir athruithe ar: "Franz Kafka"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 118 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q905 (translate me) |
m fixing dead links |
||
Líne 31: | Líne 31: | ||
* 1913 - ''Der Heizer'' ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene") |
* 1913 - ''Der Heizer'' ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene") |
||
* 1915 - [[Die Verwandlung (An Claochlú)]] |
* 1915 - [[Die Verwandlung (An Claochlú)]] |
||
* 1915 - ''Vor dem Gesetz'' ("Os Coinne an Dlí"[http://www.geocities.com/Athens/8308/vordemgesetz.html], cuid den úrscéal ''Der Process'') |
* 1915 - ''Vor dem Gesetz'' ("Os Coinne an Dlí"[http://www.webcitation.org/query?id=1256577594345157&url=www.geocities.com/Athens/8308/vordemgesetz.html], cuid den úrscéal ''Der Process'') |
||
* 1918 - ''Der Mord'' ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: ''Ein Brudermord'', "An Fhionaíl" (1919)) |
* 1918 - ''Der Mord'' ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: ''Ein Brudermord'', "An Fhionaíl" (1919)) |
||
* 1918 - ''Ein Landarzt'' ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal ''Ein Landarzt'' féin, chomh maith le ''Elf Söhne'', ''Ein Bericht für eine Akademie'' agus a lán eile) |
* 1918 - ''Ein Landarzt'' ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal ''Ein Landarzt'' féin, chomh maith le ''Elf Söhne'', ''Ein Bericht für eine Akademie'' agus a lán eile) |
Leagan ó 15:21, 7 Samhain 2013
Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir
Scríbhneoir tábhachtach Gearmáinise ab ea é Franz Kafka (3 Iúil 1883 - 3 Meitheamh 1924). Rugadh i bPrág san Ostair-Ungáir é, arb í príomhchathair na Seice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeach Giúdach é. Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh sé ach i ndiaidh a bháis, ach mar sin féin, chuaigh a chuid gearrscéalta agus úrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar an litríocht ó na 1920idí ar aghaidh. B'é a dhlúthchara, an scríbhneoir Max Brod, a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce agus a chuir os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.
B'í an eitinn ba trúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé i gKlosterneuburg in aice le Vín.
A Shaol
A Shaothar
Foilsithe lena lá féin
- 1909 - Ein Damenbrevier ("Portús do mhná")
- 1909 - Gespräch mit dem Beter ("Comhrá le duine atá ag guí")
- 1909 - Gespräch mit dem Betrunkenen ("Comhrá le duine atá ar meisce")
- 1909 - Die Aeroplane in Brescia ("Na hEitleáin i mBrescia")
- 1912 - Großer Lärm ("Torann Mór")
- 1913 - Betrachtung ("Marana"; ocht dtéacs déag próis, ina measc: Der Ausflug ins Gebirge, Der plötzliche Spaziergang)
- 1913 - Das Urteil ("An Breithiúnas")
- 1913 - Der Heizer ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene")
- 1915 - Die Verwandlung (An Claochlú)
- 1915 - Vor dem Gesetz ("Os Coinne an Dlí"[1], cuid den úrscéal Der Process)
- 1918 - Der Mord ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: Ein Brudermord, "An Fhionaíl" (1919))
- 1918 - Ein Landarzt ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal Ein Landarzt féin, chomh maith le Elf Söhne, Ein Bericht für eine Akademie agus a lán eile)
- 1919 - In der Strafkolonie ("Sa Choilíneacht Phionóis")
- 1921 - Der Kübelreiter ("An Fear atá ag Marcaíocht ar Bhuicéad Guail")
- 1924 - Ein Hungerkünstler ("Ealaíontóir Ocrais", ceithre théacs próis)
Foilsiúcháin iarbháis
- 1904–1905 - Beschreibung eines Kampfes ("Cur Síos ar Chath")
- 1907–1908 - Hochzeitsvorbereitungen auf dem Lande ("Bainis Tuaithe á hUllmhú")
- 1914–1915 - Der Dorfschullehrer ("Máistir na Scoile Tuaithe")
- 1915 - Blumfeld, ein älterer Junggeselle ("Blumfeld, fear scothaosta nár phós")
- 1916–1917 - Der Gruftwächter ("Garda an Tuama")
- 1916–1917 - Die Brücke ("An Droichead". Max Brod a cheap an teideal.)
- 1917 - Eine Kreuzung ("Crosbhóithre")
- 1917 - Der Jäger Gracchus ("Gracchus, an Sealgaire". Max Brod a cheap an teideal)
- 1917 - Beim Bau der Chinesischen Mauer ("Ag Tógáil Bhalla Mór na Síne")
- 1917 - Eine alltägliche Verwirrung ("Meascán mearaí den ghnáthchineál". Max Brod a cheap an teideal)
- 1919 - Brief an den Vater ("Litir chuig an Athair")
- 1920 - Heimkehr ("Filleadh Abhaile" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1920 - Das Stadtwappen ("Armas na Cathrach" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1920 - Kleine Fabel ("Fabhalscéal Beag" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1922 - Forschungen eines Hundes ("Madra ag Fiosrú" - Max Brod a cheap an teideal)
- 1922 - Das Ehepaar ("An Lánúin Pósta")
- 1923–1924 - Der Bau ("An Láithreán Tógála", Max Brod a cheap an teideal)
- 1925 - Der Process ("An Phróis Dlí"; bhreac an t-údar an scéal síos sna blianta 1914/15. Der Prozess an leagan comhaimseartha Gearmáinise den teideal, ach d'fheicfeá Der Prozeß agus Der Proceß freisin; Der Process a scríobh Kafka féin)
- 1926 - Das Schloss ("An Caisleán"; chuir Kafka an scéal seo ar pár an chéad uair sa bhliain 1922. Úrscéal neamhchríochnaithe é)
- 1927 - Der Verschollene ("An Fear a nDeachaigh Ceal ann". Scríobh Kafka an chéad sceits sa bhliain 1912. B'é an teideal a cheap Brod dó ná Amerika, is é sin, "Meiriceá", agus is minic a fhoilsítear an t-úrscéal seo faoin teideal sin inniu féin. Úrscéal neamhchríochnaithe eile atá ann)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |