An difríocht idir athruithe ar: "Satailít nádúrtha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach cruthaithe le 'I gciall amháin, na gealacha a ghluaiseann i bhfithisí timpeall ar phláinéid sa Ghrianchóras, cosúil lenár nGealach. Tá córais fhorleathana...'
 
m Kevin Scannell moved page Saitilít to Saitilít nádúrtha
(No difference)

Leagan ó 04:12, 5 Samhain 2013

I gciall amháin, na gealacha a ghluaiseann i bhfithisí timpeall ar phláinéid sa Ghrianchóras, cosúil lenár nGealach. Tá córais fhorleathana ag Iúpatar is Satarn, agus ceann ag Iúpatar, Gainiméid, atá níos mó ná pláinéad Mhearcair féin, agus Plútón a ghlactaí leis mar phláinéad go dtí le blianta beaga. An chiall eile leis an bhfocal saitilít is ea spásárthach atá ag fithisiú an Domhain nó rinn spéire eile. Ba é an chéad cheann a lainseáladh Sputnik 1 de chuid an Aontais Shóivéadaigh i 1957. Anois tá níos mó ná 3,000 díobh ag fithisiú an Domhain i gcomhair spiaireachta, suirbhéireachta, cumarsáide, réamhaisnéis aimsire is réalteolaíochta.