An difríocht idir athruithe ar: "Inneall cuardaigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Acmhainn ar an ngréasán domhanda atá insroichte le brabhsálaí Gréasáin, a chabhraíonn leis an úsáideoir ionaid is eolas a aimsiú. ...'
(No difference)

Leagan ó 18:17, 27 Deireadh Fómhair 2013

Acmhainn ar an ngréasán domhanda atá insroichte le brabhsálaí Gréasáin, a chabhraíonn leis an úsáideoir ionaid is eolas a aimsiú. Bíonn na hinnill cuardaigh (Yahoo, Lycos, Google, Ask Jeeves) ag cuardach tríd an ngréasán an t-am ar fad, ag tógáil innéacsanna ábhar éagsúla — mar shampla, ag aimsiú teidil, fotheidil, eochairfhocail is céadlínte cáipéisí. Uaidh sin, is féidir cuid mhaith cáipéisí éagsúla ar ábhar ar leith a aisghabháil. Déanann an cuardach leanúnach cinnte de go bhfuil na hinnéacsanna suas chun dáta. Mar sin féin, aisghabhann na hinnill an-chuid cháipéisí nach mbaineann le hábhar, agus tá an-iarracht ar siúl an t-am ar fad iad a fheabhsú.