An difríocht idir athruithe ar: "Próstatach"

Jump to navigation Jump to search
no edit summary
(Ábhar ó Fréamh an Eolais measctha isteach)
No edit summary
 
[[Íomhá:Próstatach.jpg|mionsamhail|]]Is comhfhaireog eisicríneach fidí-ailbheolach é an '''próstatach'''. Tagann an t-ainm 'próstatach' ón bhfocal προστάτης - prostates, go litriúil "an té a sheasann os comhair", "cosantóir", "garda" sa t[[Sean-Ghréigis]].
 
Luíonn sé taobh istigh den [[Peilbheas|pheilbheas]] faoi bhun an [[Lamhnán|lamhnáin]], ag timpeallú cuid den úiréadra. Téann na duchtanna seadta tríthi roimh dhul isteach san úiréadra. Beag ag an mbreith, fásann sí go tapa le linn caithreachais, agus baineann méid an duine fhásta amach i rith bliana nó mar sin. Le linn spreagtha ghnéasaigh, cuireann sí [[sreabhán]] alcaileach trí dhuchtanna a osclaíonn isteach san úiréadra leis an [[seamhan]] (suas le trian dá thoirt), ag tabhairt a bholaidh shainiúil dó. Roinntear an [[Faireog|fhaireog]] i maotháin: maothán matánach den chuid is mó chun tosaigh, maotháin chliathánacha ar an dá thaobh, maothán láir, agus maothán eile ar chúl (ionad ina dtarlaíonn ailse phrostátach, go minic). Tar éis 50 bliain d'aois, is féidir go seargfaidh an fhaireog. Ach is féidir freisin go méadóidh an maothán láir an iomarca, ag cur brú ar an úiréadra is an lamhnán, rud a chuirfidh isteach go dochrach ar fheidhmiú na nduánn[[duán]]. Sa chás sin, is í an chóireáil is gá ná an fhaireog nó cuid di a bhaint trí [[Máinliacht|mháinliacht]].
 
Sa bhliain 2002, athainmníodh na faireoga paraúiréadracha baineanna, nó [[faireoga Skene]] go hoifigiúil mar an próstatach baineann, ag an gCoiste Cónaidhme Idirnáisiúnta um Théarmaíochta Anatamaíocha. ([[Béarla]]:Federative International Committee on Anatomical Terminology]].

Roghchlár nascleanúna