An difríocht idir athruithe ar: "Alfa-cháithnín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cáithnín cumaisc luchtaithe, arb ionann é is ian héiliam, a bhfuil dhá phrótón is dhá neodrón ann. Ernest Rutherford a d'aithin sin den chéad uair...'
(No difference)

Leagan ó 03:15, 30 Iúil 2013

Cáithnín cumaisc luchtaithe, arb ionann é is ian héiliam, a bhfuil dhá phrótón is dhá neodrón ann. Ernest Rutherford a d'aithin sin den chéad uair i 1906. Nuair a astaítear sruth de na cáithníní seo le linn meata radaighníomhaigh, tugtar alfaradaíocht nó alfaghathanna air. De réir cineáil, taistealaíonn sé cúpla ceintiméadar san aer sula stopann na hadaimh aeir é. Agus é ag imoibriú le damhna, cuireann sé tús le táirgeadh cuid mhaith ian, rud a dhéanann an-chuid dochair i bhfíocháin bhitheolaíocha.