An difríocht idir athruithe ar: "Imdhíonadh"

Jump to navigation Jump to search
801 bytes added ,  7 mbliana ó shin
Fr. an E.
(cata)
(Fr. an E.)
[[Imdhíonacht]] i gcoinne [[miocrorgánach]] galraithe a thabhairt isteach go saorga sa cholainn is ea '''imdhíonadh'''. ''Imdhíonadh fulangach'' a bhíonn i gceist nuair is [[antashubstaintí]] a riartar ar an duine i gcoinne oibreáin ghalraigh a díorthaíodh ó fhuil duine eile a tháinig chuige féin ón ngalar. Cosaint thapa, ach gearrthéarmach, a bhíonn anseo, de bhrí go ndíscaoiltear na hantashubstaintí sa cholainn taobh istigh de chúpla [[Seachtain|sheachtain]]. Imdhíonadh gníomhach nó [[vacsaíniú]] a bhíonn i gceist nuair is próitéiní (antaiginí) de chuid an oibreáin ghníomhaigh féin a dháiltear ar an duine atá le cosaint. Spreagann sé seo an cholainn chun frithghnímh i gcoinne an mhiocrorgánaigh. Foghlaimíonn sí conas na hantaiginí a aithint, meabhraíonn an t-eolas seo, agus bíonn ullmhaithe chun an cholainn a chosaint go tapa i gcoinne an oibreáin ghníomhaigh sin, fiú na blianta ina dhiaidh.
Cosaint inmheánach a bhíonn ag an g[[colainn]] ar [[Baictéir|bhaictéir]] is [[víris]] a bhíonn ag ionsaí na colainne atá i gceist leis an téarma '''Imdhíonadh'''.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
4,587

edits

Roghchlár nascleanúna