An difríocht idir athruithe ar: "Aicsím"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tairiscint a ghlactar a bheith fíor agus ar féidir staidéar eile a bhunú uirthi. Is iad aicsímí gheoiméadracht Eoiclíd na haicsímí is cáil...'
(No difference)

Leagan ó 13:57, 23 Iúil 2013

Tairiscint a ghlactar a bheith fíor agus ar féidir staidéar eile a bhunú uirthi. Is iad aicsímí gheoiméadracht Eoiclíd na haicsímí is cáiliúla, mar atá: (a) is féidir líne dhíreach a tharraingt ó phointe amháin go pointe eile; (b) is féidir líne chríochta dhíreach a shíneadh ag an dá cheann; (c) is féidir ciorcal a tharraingt i gcónaí le pointe ar bith mar lárphointe is le ga ar bith; (d) is comhionann aon dá dhronuillinn; (e) má bhuaileann líne dhíreach le dhá líne dhíreacha eile ionas go bhfuil an dá uillinn ar thaobh amháin di níos lú ná dhá dhronuillinn nuair a shuimítear iad, tiocfaidh an dá líne eile le chéile ar an taobh sin den chéad line. Shaothraigh Hilbert sraith aicsímí níos iomláine déine don gheoiméadracht Eoiclídeach i 1899. Is comhghnásach bunús aicsímeach a bheith faoi gach cineál matamaitice anois.