An difríocht idir athruithe ar: "Stát (polaití)"
m Bot: Migrating 135 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7275 (translate me) |
m removing old-formated (incorrect) interwiki |
||
Líne 13: | Líne 13: | ||
[[Catagóir:Tíortha| ]] |
[[Catagóir:Tíortha| ]] |
||
[[frp:Payis (L)]] |
|||
[[id:Negara]] |
Leagan ó 20:05, 2 Iúil 2013
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is ceantar geografach nó polaitiúil í an tír go príomha, ach focal atá ann ag a bhfuil bríonna éagsúla. Tá gaol aige le 'terra' na Laidine a chiallaíonn talamh nó aonad polaitiúil nó fisiceach talún. Is aonad polaitiúil é 'tír' sa ghnáthchaint. Mar shampla, is tír Eorpach í Éire, is tír Mheiriceá Thuaidh í Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus is tír Áiseach í an Vítneam.
Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamh nó cultúr ar leith acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta. Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilbhéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúla, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre. Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualainnise sa bhFionlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin.
Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile. In 2004, tá tuairim is 180 tíortha ann de réir na Náisiún Aontaithe.
Féach fosta
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |