An difríocht idir athruithe ar: "The Simpsons"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 14: Líne 14:
chéad_chraoladh = 17 Nollaig 1989 |
chéad_chraoladh = 17 Nollaig 1989 |
craoladh_deireanach = |
craoladh_deireanach = |
méid_eipeasóidí = 510+|
méid_eipeasóidí = 525+|
}}
}}
Is é '''''The Simpsons''''' an tsraith [[Beochan|bheoite]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceánach]] is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar [[17 Nollaig]] [[1989]] ar [[Gréasán teilifíse|ghréasán]] [[Fox Broadcasting Company|Fox]]. Ó shin, tá breis agus 500 eipeasóid craolta.
Is é '''''The Simpsons''''' an tsraith [[Beochan|bheoite]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceánach]] is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar [[17 Nollaig]] [[1989]] ar [[Gréasán teilifíse|ghréasán]] [[Fox Broadcasting Company|Fox]]. Ó shin, tá breis agus 500 eipeasóid craolta.

Leagan ó 17:00, 28 Meitheamh 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Clár teilifíse Is é The Simpsons an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 500 eipeasóid craolta.

Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is mó éilimh i stair na teilifíse. Tá clú ar an stíl ait ealaíne atá ann: bíonn craiceann buí agus súile móra ag na carachtair, agus ceithre mhéar ar a lámha.

Plota

Cúigear atá i dteaghlach na Simpsons, .i. Homer, a bhean chéile Marge, agus a gclann Bart, Lisa agus Maggie. Tá cónaí orthu ag 742 Evergreen Terrace i mbaile Springfield i SAM (ní luaitear stát leis).

Carachtair

Muintir Shimpson

  • Homer Jay Simpson, an t-athair, 38 mbliana d'aois. Tá sé maol, ramhar agus amaideach. Oibríonn sé i dTeascóg 7G ag Cumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Tá sé pósta le Marge le deich mbliana anuas.
  • Marjorie "Marge" Simpson (a rugadh mar Marjorie Bouvier), an mháthair, 36 mbliana d'aois. Is bean tí í. Is ise an duine is ciallmhaire sa teaghlach.
  • Bartholemew "Bart" Simpson, an mac, deich mbliana d'aois. Tá sé dána, agus is minic é i dtrioblóid ar scoil, áit nach n-éiríonn go rómhaith leis.
  • Lisa Simpson, an iníon is sine, ocht mbliana d'aois. Is ise an duine is cliste sa teaghlach.
  • Margaret "Maggie" Simpson, an iníon is óige, aon bhliain d'aois.
  • Santa's Little Helper, madra.

Springfield

Springfield Elementary School

Springfield Nuclear Power Plant

Charachtair eile

Simpsons Movie

Príomhalt: The Simpsons Movie

Scannán is ea The Simpsons Movie (2007) atá bunaithe ar an tsraith teilifíse.

Stair

Ceist léamhthuisceana as scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh, (Bonnleibhéal, 2000): tá The Simpsons an-tábhachtach sa phopchultúr ar fud an domhain, go háirithe i measc an aosa óig.

Chruthaigh Matt Groening an clár sa bhliain 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show a chraolfaí ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Bhunaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán.

Sa bhliain 1989, lorg Fox séasúr de trí heipeasóid déag, leathuair an chloig an ceann. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí móreileamh air láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach.

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR