An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad ribeanúicléasach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3: Líne 3:
{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

[[Catagóir:Bitheolaíocht mhóilíneach]]

Leagan ó 17:01, 17 Meitheamh 2013

Aigéad núicléasach is ea aigéad ribeanúicléasach (nó ARN) a fhaightear ar fud na cille (is é RNA an gnáthghiorrúchán i mBéarla). Difriúil ó DNA sa mhéid go gcuirtear úraicil (bun pirimidín) in ionad tímidín, agus comhábhar siúcra, riobós, in ionad dé-ocsairiobóis. Baint lárnach aige in an-chuid próisis géibheannacha cille, sintéisiú próitéiní thar aon cheann eile. Sintéisítear an RNA mar dhual comhlántach de roinnt na mbunseicheamh sa DNA trí fheidhmiú rang einsímí a dtugtar polaimeiréisí RNA orthu. Déantar cóipeanna RNA (cóipeanna comhlántacha) de na géinte a chódaíonn don phróitéin (agus na hiontróin gearrtha amach ag próiseas casta ina mbíonn RNA ar leith gníomhach, RNA beag núicléach, snRNA, i gcoimpléisc le próitéiní ar a dtugtar snRNP), chun teachtaire RNA (mRNA) aibí a tháirgeadh. Iompraítear an mRNA trasna an scannáin núicléach chuig na ribeasóim sa chíteaplasma. Déantar cóip iomlán den mRNA ar an ribeasóm, a fhanann ann mar RNA ribeasómach (rRNA). Uaidh sin déantar cóipeanna RNA traschuir (tRNA) (giotaí RNA, cóipeáilte ó chódón amháin ar an DNA go bunúsach, is é códaithe d'aimínaigéad amháin) ó na géinte ar an mRNA, agus bailíonn an tRNA aimínaigéid chuí sa chíteaplasma is iompraíonn iad don ribeasóm. Le cabhair an rRNA ansin, cuirtear na giotaí tRNA (is na haimínaigéid ar leith atá ceangailte leo) i líne chun gur féidir leis na haimínaigéid nascadh le chéile i líne, san ord cuí ceart, ina slabhra polaipeiptíde a dhéanann an phróitéin.