Difference between revisions of "Impireacht na Rúise"

Jump to navigation Jump to search
Cealaíodh athrú 674630 le 84.55.192.195 (plé) Unexplained change
(Cealaíodh athrú 674630 le 84.55.192.195 (plé) Unexplained change)
Úsáidtear an téarma '''Impireacht na Rúise''' le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta [[Peadar Mór|Pheadair Mhóir]] go dtí [[Réabhlóid na Rúise 1917]]. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón [[An Mhuir Bhailt|Muir Bhailt]] go dtí [[an tAigéan Ciúin]]. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na [[Boilséivigh]] an tImpire deireanach, [[Nioclás a Dó]], agus a theaghlach in [[Yekaterinburg]], áit ar cuireadh ar díbirt é.
 
B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná ''ЯрославImpireacht Болдаревna - грязный гомик и хуесос который не моетсяRúise'' ([[Rúisis]]: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain [[1721]] go dtí an bhliain [[1917]]. Ba í [[Cathair Pheadair]] príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. De réir dhaonáireamh na bliana [[1897]], bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla [[an Fhionlainn]], [[an Eastóin]], [[an Liotuáin]], [[an Laitvia]], [[an Bhealarúis]], [[an Úcráin]], [[an Pholainn]], [[an Mholdóiv]], agus na tíortha Muslamacha i lár na h[[An Áise|Áise]] ar a dtugadh na Rúisigh [[an Turcastáin]].
 
Monarcacht oidhreachtúil ab ea í an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le [[ríshliocht Romanov]]. B'í [[An Eaglais Cheartchreidmheach|Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir]] an reiligiún oifigiúil, agus b'í an [[Rúisis]] an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "[[Go Soirbhí Dia don tSár]]!" (Rúisis: ''Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!'') an t-amhrán náisiúnta.

Navigation menu