An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 19 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q335838 (translate me)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 15: Líne 15:

Cláirseoir agus cumadóir ba ea '''Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin''' (1670 – 25 Márta 1738). Chum sé neart fonn agus amhrán, agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh fós ar ar chum sé agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh uirlisí eile.
Bhí '''Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin''' ([[1670]] - [[25 Márta]] [[1738]]) ina chruiteoir, cumadóir is ceoltóir caoch. Thaisteal sé timpeall na h[[Éire]]ann ag seinm agus ag canadh leis a saoithre féin agus indiu tá cáiliúil air mar sin. D'éag sé ar an [[25 Márta]] [[1738]] i [[Ros Comáin]].<ref>[http://www.oldmusicproject.com/OCC.html Old Music Project]</ref> Cláirseoir a bhí ann a chum cuid mhaith dá chuid ceoil féin, chomh maith le dánta éagsúla.<ref>[http://www.contemplator.com/carolan/ Contemplator]</ref> Thosaigh sé ag foghlaim an cheoil nuair a chaill sé radharc na súl ag 18 mbliana d'aois, agus chuaigh sé ag taisteal ar fud na tíre ag seinm agus ag cumadh ceoil do phátrúin éagsúla. Agus é ag seinm i dtithe na n-uaisle chuala sé ceol [[An Iodáil|Iodálach]] agus chuaigh an stíl nua sin i bhfeidhm ar a chuid cumadóireachta féin. Mar gheall ar a dhaille ní fhéadfadh sé ceol a léamh ná a scríobh ach mhair timpeall dhá chéad píosa a chum sé sa traidisiún. Rinne [[Seán Ó Riada]] agus daoine eile athbheochan ar cheol Uí Chearbhalláin sa dara leath den [[20ú haois|fhichiú haois]] agus tá an-cháil ar phíosaí ar nós "[[Sí Bheag, Sí Mhór]]"<ref>[http://www.oldmusicproject.com/OCC.html Old Music Project]</ref> agus na píosaí a dtugtar 'plancstaí|planxty' orthu.

== Leabhrair ==
==Beatha==

* The Complete Works of O’Carolan (1670-1738), ed. Ossian, 2e ed., Cork, 1989 [154 p.]. ISBN 0-946005-16-8
Rugadh é in [[An Obair]] i g[[Contae na Mí]]. Feirmeoir bocht ba ea a athair agus sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí [[Béal Átha Fearnáin]] i g[[Contae Ros Comáin]]. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an buachaill le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí oideachas dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an bholgach radharc na súl de agus chuir a bhanphátrún le cláirseoireacht é. Nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois tugadh capall agus giolla dó agus chuir sé chun bóthair. Chun Seoirse Reynolds i Loch Scoir i g[[Contae Liatroma]] a chuaigh sé ar dtús. Deirtear gur beag meas a bhí ag Reynolds ar a chumas seanma agus gur chomhairligh sé dó tabhairt faoin gcumadóireacht. Ansin, a deirtear, a chum an Cearbhallánach a chéad amhrán: "Sí Beag is Sí Mór".<ref>Yeats, lch 44.</ref>
* Carolan. The Life Times and Music of an Irish Harper, Donal O’Sullivan, ed. Ossian, 1958, Cork, rééd. 2001. ISBN 1-900428-71-7

* Giuseppe Marino, L'Ultimo Bardo d'Irlanda, & MyBook, Vasto (CH), 2009 [56 p.]. ISBN 978-88-96096-27-7
Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na tíre agus fáilte roimhe sna tithe móra. Bhí ardmheas ag [[Jonathan Swift]] air, agus ba mhinic ag seinm do Swift é. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:
* Giuseppe Marino, L'arpa di Turlough O'Carolan, Talmus Art, San Marzano di S. G. (TA), 2012 [80 p.]. ISBN 978-88-90546-08-2

: ''Sibhse a chlann nach meallann an t-ól''

: ''is ar gach aon cé mór bhur smacht''

: ''cé mór bhur milleán ar chách''

: ''ní gheibh sibh féin bás le tart''.<ref>Yeats, lch 54.</ref>

Bhí an Cearbhallánach idir mheadhrach agus thaghdach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar chomhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.<ref>Yeats, lch 54.</ref>

Phós sé Máire Ní Dhuibhir ó [[Contae Fhear Manach|Chontae Fhear Manach]]: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige. Cailleadh Máire sa bhliain 1733 agus chum sé dán á caoineadh.<ref>Yeats, lch 54.</ref>

Nuair nárbh fhada uaidh an bás d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. D’fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus dúirt sé: “Tháinic mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”. Nuair a bhraith sé é féin ag lagú tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.<ref>Yeats, lch 54.</ref> Tá sé curtha i gCill Rónáin i g[[Contae na hIarmhí]]: deir Bunting go mbíodh a chloigeann i gcuas ann.<ref>Bunting, lch 72.</ref>

==Ceol agus cumadóireacht==
Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.<ref>Rimmer, lch 53.</ref><ref>http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/</ref> Téada miotail a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. Uirlis an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.<ref>Yeats, lch 13.</ref> Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,<ref>Bunting, lch 72.</ref>ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.<ref>Bunting, lch 71.</ref> Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.<ref>Bunting, lch 72.</ref>

Bhí tionchar mór ag ceol Iodálach a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.<ref>Luaite in Yeats, lch 49.</ref> Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.<ref>Bunting, lch 71.</ref>

I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá cuid de leabhar ann a d’fhoilsigh mac leis an gCearbhallánach sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as Ollscoil Átha Cliath. Tá dord ann ach tá sé aonlíneach agus is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.<ref>Yeats, lch 50.</ref>

Bhí an Cearbhallánach in ann amhrán a chumadh go gasta, greanta. Chum sé amhrán spreagúil do Chian Ó hEadhra, a bhí ina gcónaí i gCúil Mhuine i g[[Contae Shligigh]]:

: ''Dá mbeinnse in Árainn nó i gCáirlinn na séad''

: ''mar a ngluaiseann gach sárlong le cláiréad is le méad''

: ''Ó, b’fhearr liom mar shásamh is fáighim é dom féin''

: ''cupán geal Uí Eaghra is a fháil lán le mo bhéal''.<ref>O’Sullivan, lch 183.</ref>

Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, sagart i gContae Shligigh:

: ''Fear don aicme scaipfeadh fíon go réidh''

: ''agus líonfadh thart go fras do mhac an cheoil is léinn:''

: ''dá mbeinn sa Róimh mar b’ait liom''

: ''’s bíodh mo vóta inghlactha''

: ''is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin!''<ref>O’Sullivan, lch 186.</ref>

==Nótaí==
{{reflist}}

==Tagairtí==
==Tagairtí==
* Bunting, Edward (1840). ''The Ancient Music of Ireland''. Dublin: Hodges and Smith.
<references/>

{{síol}}
* O’Sullivan, Donal (1960). ''Songs of the Irish''. Dublin: Browne & Nolan Limited.

* Rimmer, Joan (1969, 1977, 1984). ''The Irish Harp: Cláirseach na hÉireann''. The Mercier Press. ISBN 0-85342-151-X

* Yeats, Gráinne (1980). ''Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972''. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4

==Le léamh==

* O’Sullivan, Donal (2001, eagrán nua). ''Carolan: The Life Times and Music of an Irish Harper''. Ossian Publications Limited. ISBN 1-90042-871-7

==Naisc==
[[Donnchadh Ó hAmhsaigh]]

==Naisc sheachtracha==

*[http://www.myspace.com/carolansdream] Ceol Uí Chearbhalláin agus é á sheinm ag ''Garlic Bread'' agus ag ''Le concert de l'Hostel Dieu''
*[http://www.docsworkshop.co.uk] ''The Complete Carolan'': ceol Uí Chearbhalláin agus é cóirithe le tiúnadh oscailte don ghiotár
*[http://www.earlygaelicharp.info/carolan] Eolas ar an gCearbhallánach le comhaid fuaime
*[http://www.oldmusicproject.com/OCC.html] ''Complete Works of Turlough O'Carolan'' (Scóir)
*[http://www.earlygaelicharp.info/sources/carolan.htm] Carolan Fragment: foinse luath
*[http://www.calumcille.com/modhan/iuchraichean/priomh.html] Gaelic harp keys (alt a mholann eochracha d’fhoinn Uí Chearbhalláin)

{{DEFAULTSORT:Cearbhallain, Toirdhealbhach O}}
{{DEFAULTSORT:Cearbhallain, Toirdhealbhach O}}

Leagan ó 10:06, 25 Bealtaine 2013

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

Cláirseoir agus cumadóir ba ea Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670 – 25 Márta 1738). Chum sé neart fonn agus amhrán, agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh fós ar ar chum sé agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh uirlisí eile.

Beatha

Rugadh é in An Obair i gContae na Mí. Feirmeoir bocht ba ea a athair agus sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí Béal Átha Fearnáin i gContae Ros Comáin. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an buachaill le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí oideachas dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an bholgach radharc na súl de agus chuir a bhanphátrún le cláirseoireacht é. Nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois tugadh capall agus giolla dó agus chuir sé chun bóthair. Chun Seoirse Reynolds i Loch Scoir i gContae Liatroma a chuaigh sé ar dtús. Deirtear gur beag meas a bhí ag Reynolds ar a chumas seanma agus gur chomhairligh sé dó tabhairt faoin gcumadóireacht. Ansin, a deirtear, a chum an Cearbhallánach a chéad amhrán: "Sí Beag is Sí Mór".[1]

Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na tíre agus fáilte roimhe sna tithe móra. Bhí ardmheas ag Jonathan Swift air, agus ba mhinic ag seinm do Swift é. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:

Sibhse a chlann nach meallann an t-ól
is ar gach aon cé mór bhur smacht
cé mór bhur milleán ar chách
ní gheibh sibh féin bás le tart.[2]

Bhí an Cearbhallánach idir mheadhrach agus thaghdach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar chomhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.[3]

Phós sé Máire Ní Dhuibhir ó Chontae Fhear Manach: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige. Cailleadh Máire sa bhliain 1733 agus chum sé dán á caoineadh.[4]

Nuair nárbh fhada uaidh an bás d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. D’fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus dúirt sé: “Tháinic mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”. Nuair a bhraith sé é féin ag lagú tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.[5] Tá sé curtha i gCill Rónáin i gContae na hIarmhí: deir Bunting go mbíodh a chloigeann i gcuas ann.[6]

Ceol agus cumadóireacht

Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.[7][8] Téada miotail a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. Uirlis an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.[9] Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,[10]ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.[11] Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.[12]

Bhí tionchar mór ag ceol Iodálach a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.[13] Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.[14]

I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá cuid de leabhar ann a d’fhoilsigh mac leis an gCearbhallánach sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as Ollscoil Átha Cliath. Tá dord ann ach tá sé aonlíneach agus is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.[15]

Bhí an Cearbhallánach in ann amhrán a chumadh go gasta, greanta. Chum sé amhrán spreagúil do Chian Ó hEadhra, a bhí ina gcónaí i gCúil Mhuine i gContae Shligigh:

Dá mbeinnse in Árainn nó i gCáirlinn na séad
mar a ngluaiseann gach sárlong le cláiréad is le méad
Ó, b’fhearr liom mar shásamh is fáighim é dom féin
cupán geal Uí Eaghra is a fháil lán le mo bhéal.[16]

Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, sagart i gContae Shligigh:

Fear don aicme scaipfeadh fíon go réidh
agus líonfadh thart go fras do mhac an cheoil is léinn:
dá mbeinn sa Róimh mar b’ait liom
’s bíodh mo vóta inghlactha
is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin![17]

Nótaí

1. Yeats, lch 44.
2. Yeats, lch 54.
3. Yeats, lch 54.
4. Yeats, lch 54.
5. Yeats, lch 54.
6. Bunting, lch 72.
7. Rimmer, lch 53.
8. http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/
9. Yeats, lch 13.
10. Bunting, lch 72.
11. Bunting, lch 71.
12. Bunting, lch 72.
13. Luaite in Yeats, lch 49.
14. Bunting, lch 71.
15. Yeats, lch 50.
16. O’Sullivan, lch 183.
17. O’Sullivan, lch 186.

Tagairtí

• Bunting, Edward (1840). The Ancient Music of Ireland. Dublin: Hodges and Smith.
• O’Sullivan, Donal (1960). Songs of the Irish. Dublin: Browne & Nolan Limited.
• Rimmer, Joan (1969, 1977, 1984). The Irish Harp: Cláirseach na hÉireann. The Mercier Press. ISBN 0-85342-151-X
• Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4

Le léamh

• O’Sullivan, Donal (2001, eagrán nua). Carolan: The Life Times and Music of an Irish Harper. Ossian Publications Limited. ISBN 1-90042-871-7

Naisc

Donnchadh Ó hAmhsaigh

Naisc sheachtracha

• [1] Ceol Uí Chearbhalláin agus é á sheinm ag Garlic Bread agus ag Le concert de l'Hostel Dieu
• [2] The Complete Carolan: ceol Uí Chearbhalláin agus é cóirithe le tiúnadh oscailte don ghiotár
• [3] Eolas ar an gCearbhallánach le comhaid fuaime
• [4] Complete Works of Turlough O'Carolan (Scóir)
• [5] Carolan Fragment: foinse luath
• [6] Gaelic harp keys (alt a mholann eochracha d’fhoinn Uí Chearbhalláin)