An difríocht idir athruithe ar: "An Afracáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 33: Líne 33:
Tá gramadach na hAfracáinise simplithe go mór, i gcomparáid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramadúil go hiomlán. Ní úsáidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis ''ik ben, jij bent, hij is'' ("táim, táir, tá sé"), ach is é ''is'' an t-aon fhoirm a chloisfeá san Afracáinis: ''ek is, jy is, hy is'' ("tá mé, tá tú, tá sé").
Tá gramadach na hAfracáinise simplithe go mór, i gcomparáid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramadúil go hiomlán. Ní úsáidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis ''ik ben, jij bent, hij is'' ("táim, táir, tá sé"), ach is é ''is'' an t-aon fhoirm a chloisfeá san Afracáinis: ''ek is, jy is, hy is'' ("tá mé, tá tú, tá sé").


D'imigh an aimsir chaite shimplí as an teanga beagnach go hiomlán, ó tháinig an aimsir chaite fhoirfe, chomhshuite ina háit. San Ollainnis is féidir an dá rud a rá: ''ik dronk'' "d'ól mé", cf. ''I drank'' sa Bhéarla agus ''ich trank'' sa Ghearmáinis, agus ''ik heb gedronken'' "tá ólta agam", cf. ''I have drunk'' sa Bhéarla agus ''ich habe getrunken'' sa Ghearmáinis. San Afracáinis áfach níl ach ''ek het gedrink'' ar fáil. (Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an claonadh céanna le fáil sa Ghearmáinis labhartha: is leasc leis na daoine ''ich trank'' a úsáid sa ghnáthchaint i gcuid mhór den Ghearmáin, agus is é ''ich habe getrunken'' an t-aon rud a chloisfeá ó na daoine.)
D'imigh an aimsir chaite shimplí as an teanga beagnach go hiomlán, ó tháinig an aimsir chaite fhoirfe, chomhshuite ina háit. San Ollainnis is féidir an dá rud a rá: ''ik dronk'' "d'ól mé", cf. ''I drank'' sa Bhéarla agus ''ich trank'' sa Ghearmáinis, agus ''ik heb gedronken'' "tá ólta agam", cf. ''I have drunk'' sa Bhéarla agus ''ich habe getrunken'' sa Ghearmáinis. San Afracáinis áfach níl ach ''ek het gedrink'' ar fáil. (Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an claonadh céanna le haithint sa Ghearmáinis labhartha: is leasc leis na daoine ''ich trank'' a úsáid sa ghnáthchaint i gcuid mhór den Ghearmáin, agus is é ''ich habe getrunken'' an t-aon rud a chloisfeá ó na daoine.)


{{IdirVicí|cód=af}}
{{IdirVicí|cód=af}}

Leagan ó 13:04, 14 Aibreán 2013

Teimpléad:Teanga Is teanga Iar-Ghearmáinice í an Afracáinis, agus í an-chosúil leis an Ollainnis. Labhraítear san Afraic Theas agus sa Namaib í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa Bhotsuáin, i Leosóta, sa ttSuasalainn, sa tSiombáib, agus sa tSaimbia chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall ar 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Tá pobail thábhachtacha i bPerth san Astráil, i dToronto, Ceanada agus Auckland sa Nua-Shéalainn freisin. Tá dhá ghrúpa eitneacha ann a úsáideann an Afracáinis thar aon teanga eile, mar atá, na Bóraigh (boers), is é sin, na Geala a labhraíonn an teanga, agus na Daiteánaigh a labhraíonn í, ar nós na basters, Malaeigh an Chinn (Cape Malays), agus na Griquas.

Stair na Teanga

Is í an teanga is gaolmhaire don Afracáinis ná an Ollainnis, agus is féidir le cainteoirí an dá theanga seo an-adhmad a dhéanamh as caint a chéile i gcónaí. Is í an ghramadach an phríomhdhifríocht, nó tá cuid mhór de mhírialtachtaí na hOllainnise imithe ón Afracáinis, go háirithe an inscne ghramadúil. Aithníonn an Ollainnis trí inscne i gcónaí, is é sin, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, cé go bhfuil an difríocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe sa teanga sin féin. An Afracáinis, áfach, ní aithníonn sí fiú an difríocht idir an inscne neodrach agus an dá inscne eile a thuilleadh. Thairis sin, tá an Afracáinis tar éis cuid mhaith focal a fháil ó na teangacha bundúchasacha a labhraítear i nDeisceart na hAfraice, agus cé go bhfuil litriú na hAfracáinise bunaithe ar litriú na hOllainnise, is gnách na focail iasachta nó idirnáisiúnta a chur in oiriúint do chóras litrithe na teanga ar bhealach i bhfad níos déine ná mar a dhéantar san Ollainnis. An délitir ij, IJ, a úsáidtear san Ollainnis, caitheadh i dtraipisí í san Afracáinis: y, Y a scríobhtar ansin.

Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí conas a d'fhorbair an Afracáinis, nó is iontach luath a thit córas gramadaí na hOllainnise as a chéile san Afraic, i gcomparáid leis na teangacha coilíneacha eile. De ghnáth, bíonn an teanga níos coimeádaí sna coilíneachtaí ná a mhalairt. Is é an míniú a bhíonn ag cuid mhór de na teangeolaithe nach Bóraigh iad ná gur tharla nasctheangúfásteangú éigin don Ollainnis, is é sin, gur fhoghlaim grúpa éigin de neamhchainteoirí dúchais salacharaíl Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grúpa seo chomh mór is go raibh níos mó tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas ná ag na cainteoirí dúchais a tháinig isteach ón Eoraip.

Caighdeánú

Deir an teangeolaí Paul Roberge gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain 1795. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, ba í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. Bhí an-ról i gcaighdeánú na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiúil atá i gceist leis an Zamenspraak seo (is é is ciall leis an teideal ná "Comhrá idir Nioclás Fírinneach agus Eoin Amhrasach") agus is é is ábhar don téacs ná gluaiseacht neamhspleáchais Choilíneacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scoláire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiúnach do Mhuslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus é ag úsáid na litreach Arabach. Bhí teanga Abubakr an-congarach don Afracáinis labhartha - níos cóngaraí ná stíl Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go fóill. Ba é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó Genootschap vir Regte Afrikaners, i gCathair na Rinne a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghráiméar, sa bhliain 1875.

Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain 1910, ba iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain 1925, cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.

Cuid thábhachtach de chaighdeánú na hAfracáinise ab ea an chéad aistriúchán ar an mBíobla. Le fada an lá bhí lucht labhartha na hAfracáinise ag úsáid an Statenbijbel nó an Statenvertaling, leagan Ollainnise a foilsíodh sna 1630idí agus a bhí deacair dothuigthe ag cainteoirí na hOllainnise comhaimseartha féin gan trácht ar bith a dhéanamh ar lucht na hAfracáinise. Tháinig an chéad aistriúchán iomlán i gcló sa bhliain 1933: i measc na n-aistritheoirí bhí an file Jacob Daniël "Totius" du Toit agus an diagaire Barend Bartholomeus Keet a bhí go mór mór in aghaidh an dóigh a mbaintí úsáid as an mBíobla leis an apairtéid a chosaint.

Gramadach

Tá gramadach na hAfracáinise simplithe go mór, i gcomparáid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramadúil go hiomlán. Ní úsáidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis ik ben, jij bent, hij is ("táim, táir, tá sé"), ach is é is an t-aon fhoirm a chloisfeá san Afracáinis: ek is, jy is, hy is ("tá mé, tá tú, tá sé").

D'imigh an aimsir chaite shimplí as an teanga beagnach go hiomlán, ó tháinig an aimsir chaite fhoirfe, chomhshuite ina háit. San Ollainnis is féidir an dá rud a rá: ik dronk "d'ól mé", cf. I drank sa Bhéarla agus ich trank sa Ghearmáinis, agus ik heb gedronken "tá ólta agam", cf. I have drunk sa Bhéarla agus ich habe getrunken sa Ghearmáinis. San Afracáinis áfach níl ach ek het gedrink ar fáil. (Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an claonadh céanna le haithint sa Ghearmáinis labhartha: is leasc leis na daoine ich trank a úsáid sa ghnáthchaint i gcuid mhór den Ghearmáin, agus is é ich habe getrunken an t-aon rud a chloisfeá ó na daoine.)

An Afracáinis
Vicipéid le fáil as An Afracáinis freisin

Teimpléad:Nasc AR