An difríocht idir athruithe ar: "Meáin chumarsáide na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q6805889 (translate me)
Líne 8: Líne 8:


[[Catagóir:Meáin na hÉireann| ]]
[[Catagóir:Meáin na hÉireann| ]]

[[en:Media of Ireland]]

Leagan ó 11:26, 11 Márta 2013

Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an Irish Times, an Irish Independent, agus le cupla bliain anuas an Irish Examiner. Bhí an Cork Examiner ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é.

Scéal - drámaíocht ó TG4

Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph, an Irish News agus an Daily Ireland as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday World. Bhi dhá nuachtán Gaeilge ann: (a bhi laethúil, as Béal Feirste) agus Foinse (a bhi seachtainiúil, as An Cheathrú Rua).

Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.