An difríocht idir athruithe ar: "An Chreimil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 52 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q133274 (translate me)
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 2 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q133274 (translate me)
Líne 14: Líne 14:
{{Nasc AR|mk}}
{{Nasc AR|mk}}
{{Nasc AR|de}}
{{Nasc AR|de}}

[[cs:Kreml]]
[[eu:Kremlin]]

Leagan ó 11:12, 11 Márta 2013

Is í an Chreimil an daingean istigh i Moscó, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Rúise. Is éard is bunús leis an bhfocal sin ná Кремль ("Kreml'") na Rúisise, a chiallaíonn "dúnfort", go háirithe dúnfort i gcroílár na cathrach. Bíonn "creimileanna", nó dúnfoirt den chineál seo, i seanchathracha Rúiseacha eile freisin, ach is í an Chreimil i Moscó an ceann a aithníonn na daoine lasmuigh den Rúis.

Luadh an Chreimil i Moscó an chéad uair riamh i gcáipéis ón mbliain 1331. Roimhe sin, bhain na scríbhneoirí úsáid as an bhfocal grad - focal ón tSean-Slaivis Eaglasta a chiallaíonn "cathair", cosúil le "gorod" na Rúisise. Bhí dúnfort de chineál éigin ansin sa dóú haois déag, ar a laghad. Tá a fhios againn gur dhaingnigh agus gur fhairsingigh an Prionsa Yuri Dolgorukiy (nó "Seoirse Lámhfhada") an grad go mór sa bhliain 1156. D'ionsaigh na Mongólaigh Moscó sa bhliain 1237, agus chuir siad an dúnfort trí thine. San am sin, bhí na Rúisigh i dtuilleamaí adhmaid le tithe a thógáil, agus mar sin, bhí sé furasta an Chreimil a dhó. hAtógadh an Chreimil in athuair sa bhliain 1339, as dair.

Ba é Ivan Kalita ("Eoin an Spliúcháin"), prionsa Mhoscó, a thóg na chéad fhoirgnimh chloiche sa Chreimil sna 1320idí agus sna 1330idí.

An Chreimil

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR