An difríocht idir athruithe ar: "Aeráid"
m Bot: Migrating 96 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7937 (translate me) |
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7937 (translate me) |
||
Líne 56: | Líne 56: | ||
{{Link GA|en}} |
{{Link GA|en}} |
||
[[ang:Medumƿeder]] |
Leagan ó 11:12, 11 Márta 2013
Is é rud is aeráid ann ná an meán agus an comhathrú ar aimsir réigiúin, i rith achair measartha fada.
Is féidir Criosanna aeráide a shainmhíniú i dtéarmaí teochta agus déine báistí chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid agus gaineamhlach, Steip na hEoráise, foraois bháistí agus oighearchaidhp pholach. Séard is pailéichlíomeolaíocht ann ná staidéar agus cur síos ar na clíomaí ársa ag baint úsáide as eolas ó fhoinsí neamhbhitheach, cosúil le dríodar ó ghrinneall locha agus croíocháin oighir agus as eolas bitheach cosúil le fáinní crainn agus coiréal . Is samhlacha matamaiticiúla d'aeráid na sean-aimsire, na linne seo agus na todhchaígh iad samhlacha aeráide agus is féidir úsáid a bhaint astu chun patrúin na nathruithe go ceann i bhfad a réamh-mheas.
Sainmhíniú
Criosanna
Aicmiú Köppen
Is é aicmiú aeráide Köppen ceann de na haicmí aeráide is forleithne a bhaintear úsáid as. B'é an t-aeráideolaí Gearmánach Wladimir Köppen a d'fhorbair é ar dtús, timpeall na bliana 1900 ( mhionathraigh Köppen é arís i 1918 agus i 1936 ). Tá sé bunaithe ar an choincheap gurb é an fásra dúchasach an léiriú is fearr den aeráid; mar sin, tograítear ciumhaiseanna chriosanna aeráide leis an bhfásra i gceist. Comhcheanglaíonn sé an mheánteocht bhliantúil agus mhíosúil agus déine báistí.