An difríocht idir athruithe ar: "Gruffydd Maelor"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (Robot: Modifying fr:Gruffydd Maelor I to fr:Gruffydd Maelor Ier
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 3 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1033027 (translate me)
Líne 19: Líne 19:
[[Catagóir:Daoine ón mBreatain Bheag]]
[[Catagóir:Daoine ón mBreatain Bheag]]


[[cy:Gruffudd Maelor I]]
[[en:Gruffydd Maelor I]]
[[fr:Gruffydd Maelor Ier]]
[[fr:Gruffydd Maelor Ier]]
[[ru:Грифид Майлор]]

Leagan ó 10:20, 10 Márta 2013

Prionsa Powys Fadog, sa Bhreatain Bheag, ab ea é Gruffydd Maelor (d’éag sé sa bhliain 1191). Bíonn aithne air mar Gruffydd Maelor I chun idirdhéalú a dhéanamh idir seisean agus a garmhac, Gruffydd Maelor II (b. 1269).

Sinsir

Ba é mac Madog ap Maredudd agus Susanna, iníon Gruffudd ap Cynan. Bunaitheoir phríomhtheaghlach thuaisceart Powys ab ea é le linn an triú haois déag.

Oidhreacht

Scoilteadh tuaisceart Powys in dhá leath sa bhliain 1160, nuair a d’éag athair Gruffydd. Chomh maith le sin, roinneadh na críocha ó thuaidh Abhainn Rhaeadr idir Gruffydd agus beirt déarthaireacha, Owain Fychan agus Owain Brogyntyn. Fuair sé Maelor (bíonn aithne air mar ‘Bromfield’ freisin), agus Iâl (‘Yale’) mar oidhreacht le tíortha dá athair. Nuair a cailleadh leathdhéarthair Gruffydd, Owain Fychan, sa bhliain 1187, thugadh Nanheudwy, Cynllaith Owain agus Mochnant Íochtarach dó ar bharr sin.

Thug sé seilbh le cantref Cyfeiliog óna nianna Owain agus Meurig. Dá bharr sin, aontaíodh fórmhór thuaisceart Powys faoi.

Pósadh

Phós sé Angharad, a chol cheathrair agus iníon Owain Gwynedd, Rí Gwynedd.

Bás agus Clann

Cailleadh sa bhliain 1191 é, agus clann aige, mar leanas:

  • Madog, a tháinig mar chomharba dá athair.
  • Owen, chomh-rialtóir le Madog, a cailleadh 1197.