An difríocht idir athruithe ar: "Teirbiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: br:Terbiom
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 90 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1838 (translate me)
Líne 27: Líne 27:
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Lantanóidigh]]
[[Catagóir:Lantanóidigh]]

[[am:ተርቢየም]]
[[ar:تيربيوم]]
[[az:Terbitium]]
[[be:Тэрбій]]
[[be-x-old:Тэрб]]
[[bg:Тербий]]
[[bn:টারবিয়াম]]
[[br:Terbiom]]
[[bs:Terbij]]
[[ca:Terbi]]
[[ceb:Terbyo]]
[[ckb:تێربیۆم]]
[[co:Terbiu]]
[[cs:Terbium]]
[[cv:Терби]]
[[cy:Terbiwm]]
[[da:Terbium]]
[[de:Terbium]]
[[el:Τέρβιο]]
[[en:Terbium]]
[[eo:Terbio]]
[[es:Terbio]]
[[et:Terbium]]
[[eu:Terbio]]
[[fa:تربیم]]
[[fi:Terbium]]
[[fr:Terbium]]
[[fur:Terbi]]
[[gl:Terbio]]
[[gv:Çherbium]]
[[hak:Thi̍t (鋱)]]
[[he:טרביום]]
[[hi:टर्बियम]]
[[hif:Terbium]]
[[hr:Terbij]]
[[hu:Terbium]]
[[hy:Տերբիում]]
[[ia:Terbium]]
[[id:Terbium]]
[[io:Terbio]]
[[it:Terbio]]
[[ja:テルビウム]]
[[jbo:jinmrterbi]]
[[jv:Terbium]]
[[ka:ტერბიუმი]]
[[kn:ಟೆರ್ಬಿಯಮ್]]
[[ko:터븀]]
[[kv:Тербий]]
[[la:Terbium]]
[[lb:Terbium]]
[[lij:Terbio]]
[[lt:Terbis]]
[[lv:Terbijs]]
[[mk:Требиум]]
[[ml:ടെർബിയം]]
[[mr:टर्बियम]]
[[mrj:Тербий]]
[[ms:Terbium]]
[[my:တာဘီယမ်]]
[[nl:Terbium]]
[[nn:Terbium]]
[[no:Terbium]]
[[pl:Terb]]
[[pnb:ٹربیم]]
[[pt:Térbio]]
[[qu:Terbyu]]
[[ro:Terbiu]]
[[ru:Тербий]]
[[sah:Тербиум]]
[[scn:Terbiu]]
[[sh:Terbijum]]
[[simple:Terbium]]
[[sk:Terbium]]
[[sl:Terbij]]
[[sr:Тербијум]]
[[stq:Terbium]]
[[sv:Terbium]]
[[ta:டெர்பியம்]]
[[th:เทอร์เบียม]]
[[tr:Terbiyum]]
[[ug:تېربىي]]
[[uk:Тербій]]
[[ur:ٹربیئم]]
[[vep:Terbii]]
[[vi:Terbi]]
[[war:Terbyo]]
[[xal:Тербиүм]]
[[yo:Terbium]]
[[zh:铽]]
[[zh-yue:鋱]]

Leagan ó 06:42, 10 Márta 2013

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an teirbiam dúil cheimiceach uimhir a 65, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Tb. Ceann de na lantanóidigh é, agus cosúil le trí lantanóideach eile fuair sé a ainm ó Ytterby sa tSualainn, áit a raibh an-ról aici i bhfionnachtain na lantanóideach.

Miotal lonrach é an teirbiam agus é chomh bog is gur féidir é a ghearradh le scian. Níl teacht ar an teirbiam glan sa dúlra, ach cé gur ceann de na "tearcithreacha" é, níl sé róthearc i ndiaidh an iomláin. Tá teirbiam le fáil in éineacht leis na tearcithreacha eile i mianraí cosúil leis an monaisít, an bhastnaeisít, an xéinitím agus an eoixéinít. Is as an tSín is mó a thagann an teirbiam atá le ceannach ar an margadh domhanda.

Ba é an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander ba luaithe a d'aithin an teirbiam mar dhúil ar leith. Rinne sé taighde ar ocsaíd itriam Y2O3 agus fuair sé amach go raibh an ocsaíd truaillithe le dúil anaithnid - teirbiam a bhí ann. Níor éirigh le haon cheimiceoir teirbiam a aonrú mar dhúil ghlan ach réasúnta deireanach, nuair a tháinig modhanna nua-aimseartha ianmhalartaithe ar an bhfód. Tá an t-itriam, an teirbiam agus an diospróisiam an-chosúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus mar sin bíonn sé deacair iad a dhealú ó chéile.

Níl ach aon iseatóp nádúrtha cobhsaí amháin ag an teirbiam, mar atá, teirbiam a 159 (159Tb). Is é an t-iseatóp radaighníomhach is fadsaolaí dá bhfuil aige ná teirbiam a 158, agus é céad agus ceithre scór bliain ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is minicí a thagann ar theirbiam a 158 ná an leictreonghabháil.

Dúil sách leictridheimhneach é an teirbiam, is é sin, is dual dó a chuid fiúsleictreon a thabhairt uaidh go réidh agus iain dheimhneacha a dhéanamh. Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +III agus +IV, agus mar is dual don lantanóideach thipiciúil is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta. Tá an uimhir eile aige sa dé-ocsaíd, TbO2, agus sa teitreafhluairíd, TbF4. Ní mhaireann ach an teirbiam trífhiúsach sa tuaslagán uisce, áfach.

Imoibríonn an teirbiam leis an uisce le hiodrocsaíd teirbiam Tb(OH)3, a dhéanamh. Is féidir é a dhó go hocsaíd mheasctha ina bhfuil idir teirbiam trífhiúsach agus teirbiam teitrifhiúsach, mar atá, Tb4O7.