An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáinis Íochtarach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 59 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q25433 (translate me)
Líne 88: Líne 88:
[[Catagóir:Teangacha Gearmáineacha]]
[[Catagóir:Teangacha Gearmáineacha]]


[[af:Nederduits]]
[[als:Niederdeutsche Sprache]]
[[am:ዝቅተኛ ሳክስኛ]]
[[ar:الألمانية الدنيا]]
[[bg:Долногермански езици]]
[[br:Yezhoù alamanek izel]]
[[ca:Baix alemany]]
[[cs:Dolnoněmčina]]
[[da:Plattysk]]
[[de:Niederdeutsche Sprache]]
[[diq:Almankiyo Cêrên]]
[[en:Low German]]
[[eo:Platgermana lingvo]]
[[es:Bajo alemán]]
[[et:Alamsaksa keel]]
[[eu:Behe-aleman]]
[[fa:زبان آلمانی پایین]]
[[fi:Alasaksa]]
[[fr:Bas allemand]]
[[frr:Plaatsjiisk]]
[[fy:Nederdútsk]]
[[he:גרמנית תחתית]]
[[he:גרמנית תחתית]]
[[hr:Donjonjemački jezici]]
[[hu:Alnémet nyelv]]
[[it:Lingua basso-tedesca]]
[[ja:低地ドイツ語]]
[[ko:저지 독일어]]
[[kw:Is-Almaynek]]
[[la:Lingua Saxonica]]
[[lij:Lengua tedesca bassa]]
[[lt:Vokiečių žemaičių tarmė]]
[[lv:Lejasvācu valoda]]
[[mdf:Ала Саксонь кяль]]
[[mk:Долногермански јазик]]
[[nds:Plattdüütsch]]
[[nds-nl:Platduuts]]
[[nl:Nederduits]]
[[nn:Plattysk]]
[[no:Nedertysk]]
[[oc:Bas-saxon]]
[[pdc:Blattdeitsch]]
[[pl:Język dolnoniemiecki]]
[[pt:Baixo-alemão]]
[[qu:Ura sahun simi]]
[[ro:Germana de jos]]
[[ru:Нижненемецкий язык]]
[[sco:Nether-Saxon]]
[[se:Vuollesaksigiella]]
[[sh:Donjonjemački jezik]]
[[sk:Dolná nemčina]]
[[sl:Nizka nemščina]]
[[sr:Нисконемачки језик]]
[[stq:Läichdüütsk]]
[[sv:Lågtyska]]
[[ta:நேதர்துவித்து மொழி]]
[[ug:شىمالىي گېرمانىيە دىئالېكتى]]
[[uk:Нижньонімецька мова]]
[[vec:Lengua todesca bassa]]
[[vls:Nederduuts]]
[[zh:低地德语]]

Leagan ó 05:30, 10 Márta 2013

Teimpléad:Teanga Is téarma é an Ghearmáinis Íochtarach (Gearmáinis Íochtarach: PlattdüütschNedderdüütsch; Gearmáinis: PlattdeutschNiederdeutsch) a chlúdaíonn bunús na gcanúintí Gearmáinice a labhraítear i dTuaisceart na Gearmáine agus in Oirthear na hÍsiltíre nach cuid iad den Ghearmáinis Chaighdeánach. Is cuid iad na canúintí seo den ghrúpa canúintí céanna ina bhfuil canúintí eile na Gearmáinise, maraon le canúintí na hOllainnise, mar atá canúintí Gearmáinice an Iarthair. Tugtar faoi deara nach canúint na Gearmáinise í an Ghearmáinis Íochtarach, ach teanga ar leith ina bhfuil iliomad canúintí.

Missingsch

Is é atá i gceist le Missingsch ná Mischsprache, nó teanga mheasctha, a cruthaíodh trí thimpiste nuair a rinne cainteoirí dúchais na Gearmáinise Íochtaraigh iarracht Ard-Ghearmáinis (Hochdeutsch, nó Caighdeán Oifigiúil na Gearmáinise) a labhairt.[1] Ní hionann Missingsch is gnáthchanúintí Ard-Ghearmáinise Thuaisceart na Gearmáine, áfach. Is iad na sainchomharthaí a dhéanann Missingsch a dheighilt ó na canúintí sin ná

  • Buanú dhul na Gearmáinise Íochtaraigh
  • Lomaistriúcháin agus leaganacha cainte ón Ghearmáinis Íochtarach nach dtuigfeadh cainteoir dúchais na hArd-Ghearmáinise

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar Mhissingsch, is fiú don Ghaeilgeoir breathnú ar thionchar na Gaeilge ar chanúintí Béarla na hÉireann, nó ar an Bhéarlachas.

Leaganacha Mhissingsch

  • Bremer Schnack, nó Bremer Snak a labhraítear i mBremen[2]
  • Hamburgisch, nó Hamburger Missingsch a labhraítear i mórcheantar Hamburg. Eisíodh greannán Eachtraí Astérix as Hamburgisch darb ainm Hammonia City sa bhliain 2000.[3]
  • Kieler Missingsch, canúint Jochen Steffen, a labhraítear i gKiel.

Gramadach

Ainmfhocail

Mar a léiríonn an tábla thíos, níl ach dhá thuiseal sa Ghearmáinis Íochtarach - rud a chuireann go mór leis an difear idir í agus an Ghearmáinis chaighdeánach, ina bhfuil ceithre thuiseal dochta. Is ionann iad an tuiseal áinsíoch agus an tuiseal tabharthach sa Ghearmáinis Íochtarach, mar sin de, níl ann ach dhá thuiseal: An Tuaiseal Ainmneach, agus an Tuiseal Oibiachtúil.[4]

Sampla: Boom (crann), Bloom (bláth), Land (tír)
  Firinscneach Baininscneach Neodrach
Uatha Iolra Uatha Iolra Uatha Iolra
Ainmneach een Boom, de Boom Bööm, de Bööm een Bloom, de Bloom Blomen, de Blomen een Land, dat Land Lannen, de Lannen
Oibiachtúil een Boom, den Boom Bööm, de Bööm een Bloom, de Bloom Blomen, de Blomen een Land, dat Land Lannen, de Lannen

Litríocht na Gearmáinise Íochtaraigh

Pictiúr ón Lübecker Bibel a bhaineann le Dainéil 3:19-23

Leabharliosta

Creideamh

Cuireadh Gearmáinis Íochtarach ar an Bhíobla Críostaí den chéad uair sa bhliain 1494. Is é an t-ainm a bhí air ná an Lübecker Bibel. Tá leaganacha éagsúla ar fáil sa lá atá inniu ann agus ainmneacha éagsúla orthu, ina measc: De Hillige Schrift, Dat Book, Gott sien Woort agus De Schrift.

Gearrscéalta

  • Keen Tied, keen Tied!. Plattdeutsche Döntjes le Adolf Wohlers
  • Platt is nich uncool: Eindeutig-zweideutige plattdeutsche Geschichten le Ina Müller
  • Vertell doch mal ! De schöönste Dag: 25 Plattdeutsche Geschichten le Norddeutscher Rundfunk Schleswig-Holstein

Leabhair do Pháistí

  • Grimms Märchen. Plattdüütsch vertellt. (Fínscéalta Mhuintir Grimm)

Saothair Jochen Steffen, ailias Kuddl Schnööf

Is sraith leabhar é Kuddl Schnööfs noieste achtersinnige Gedankens un Meinungens a scríobh an polaiteoir SPD Jochen Steffen sna 1970í. Baineann Steffen úsáid as na carachtair Kuddl is Natalje Schnööf, atá ina ndugairí,[5] chun aoir shóisialta is pholaitiúil a dhéanamh ar thuairimí an phobail faoi eachtraí móra an lae. Is i gKieler Missingsch (leagan Mhissingsch a labhraítear i gKiel, Schleswig-Holstein) a scríobhadh an tsraith, agus cuireadh fáilte chomh mhór roimhe gur chinn Steffen seó ceabairé, bunaithe ar na carachtair chéanna, a chur le chéile. Níor bheag an fháilte a cuireadh roimh na seóanna ach an oiread, agus bronnadh an Deutscher Kleinkunstpreis um Cheabairé ar Steffen sa bhliain 1978.[6]

Greannáin

Tá roghnú leabhar Eachtraí Astérix ar fáil sa Ghearmáinis Íochtarach i sraith darb ainm "Astérix snackt Platt!" [7]("Muise, tá Plattdüütsch ag Astérix!"). I measc a bhfuil ar fáil, tá:

  • Asterix un de Wikingers (Astérix agus na Lochlannaigh)
  • De Törn för nix (Odaisé Astérix)
  • Lütt Obelix op grote Fohrt (Turas Mara Obélix)
  • Över't wiede Water (Ollturas thar na Tonnta Móra)

Siamsaíocht trí mheán na Gearmáinise Íochtaraigh

Drámaí

  • Sommervagels sünd free (Aistriúchán de Butterflies are Free le Leonard Gershe)[8]
  • Romeo un Julia le William Shakespeare[9]

Gailearaí

Tá an Ghearmáinis Íochtarach go feiceálach in áiteanna poiblí i dTuaisceart na Gearmáine.

Tagairtí

  1. von Polenz, Peter, Deutsche Sprachgeschichte vom Spätmittelalter bis zur Gegenwart, 17. und 18. Jahrhundert (imleabhar a dó, 1994)
  2. Dünnbier, Ernst B. Bremer Schnack. Mal unterkühlt, nie heftig, meist geradeheraus, oft deftig, Brockkamp Verlag, 1984
  3. Suíomh idirlíne Astérix le gaulois
  4. Sick, Bastian, Der Dativ ist dem Genitiv sein Tod
  5. Steffen, Jochen, Nu komms du ! Kuddl Schnööfs noie achtersinnige Gedankens un Meinungens (Hoffmann und Campe, 1975)
  6. Suíomh idirlíne Unterhaus Mainz
  7. Suíomh idirlíne Astérix le gaulois
  8. Suíomh idirlíne an Hamburger English Theatre
  9. Suíomh idirlíne Renate Wedemeyer, aisteoir agus stiúrthóir a oibríonn trí Ghearmáinis Íochtarach