An difríocht idir athruithe ar: "Whitley Stokes"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 7 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1279134 (translate me)
Líne 31: Líne 31:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1830]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1830]]
[[Catagóir:Básanna i 1909]]
[[Catagóir:Básanna i 1909]]

[[de:Whitley Stokes]]
[[en:Whitley Stokes]]
[[fr:Whitley Stokes]]
[[ja:ホイットリー・ストークス]]
[[kw:Whitley Stokes]]
[[ru:Стоукс, Уитли]]
[[sv:Whitley Stokes]]

Leagan ó 01:25, 10 Márta 2013

Whitley Stokes

Ba dhlíodóir Éireannach agus scoláire sa Léann Ceilteach é Whitley Stokes (28 Feabhra 1830 - 13 Aibreán 1909).

An Léann Ceilteach

Tá clú agus cáil ar Whitley Stokes go háirithe mar scoláire sa léann Ceilteach. D'oibrigh sé sa réimse seo san India agus i Sasana. Rinne sé staidéar ar théacsanna Gaeilge, Briotáinise agus Coirnise. Chuir sé spéis sa nGaeilge go príomha mar fhoinse ábhar le haghaidh focleolaíochta comparáidí. Cé gur fhoghlaim sé Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge, ní bhfuair sé blas ceart na Gaeilge riamh agus ní raibh an Nua-Ghaeilge ar a thoil aige ach an oiread.[1] Bíodh gur cailleadh é breis agus céad bliain ó shin, is fear léinn tábhachtach é sa Léann Ceilteach go fóill.[1] D'fhoilsigh sé níos mó ná 15,000 leathanach sa Léann Ceilteach agus níor tháinig eagráin níos fearr in ionad a eagrán féin ina lán cásanna, fiú tar éis na tréimhse fada seo.[1] Ba chomhfhreagraí agus dhlúthchara dá chuid é Kuno Meyer ón mbliain 1881 ar aghaidh. Bhunaigh an bheirt acu an iris Archiv für celtische Lexicographie agus ba chomheagarthóir é maille le hErnst Windisch ar an sraith darb ainm Irische Texte[1]

Saothair

  • Three Irish Glossaries (1862)
  • Gwreans an Bys: the Creation of the World Aistriúchán ar dhráma Coirnise de chuid William Jordan ón mbliain 1611 (1864)
  • Three Middle-Irish Homilies (1877)
  • Old Irish Glosses at Merzburg and Carlsruhe (1887)
  • Irische Texte foilsithe ag Leipzig (1880-1900), ina comheagarthóir in éindí le hErnst Windisch
  • The Anglo-Indian Codes (1887).
  • Lives of Saints from the Book of Lismore (1890) aistritheoir
  • Urkeltischer Sprachschatz (1894) maille le hAdalbert Bezzenberger
  • Thesaurus Palaeohibernicus (1901–03) in éindí le John Strachan


Naisc

Tagairtí