An difríocht idir athruithe ar: "Linseáil"
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:زجرکش کردن در ایالات متحده |
m Bot: Migrating 36 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q486775 (translate me) |
||
Líne 12: | Líne 12: | ||
[[Catagóir:Dúnmharú]] |
[[Catagóir:Dúnmharú]] |
||
[[ar:إعدام دون محاكمة]] |
|||
[[arz:لنشيه]] |
|||
[[br:Linchañ]] |
|||
[[ca:Linxament]] |
|||
[[cs:Lynčování]] |
|||
[[cy:Lynsio]] |
|||
[[de:Lynchjustiz]] |
|||
[[el:Λυντσάρισμα]] |
|||
[[en:Lynching]] |
|||
[[eo:Linĉado]] |
|||
[[es:Linchamiento]] |
|||
[[fa:زجرکش کردن در ایالات متحده]] |
|||
[[fi:Lynkkaus]] |
|||
[[fr:Loi de Lynch]] |
|||
[[gl:Linchamento]] |
|||
[[he:לינץ']] |
|||
[[hr:Linč]] |
|||
[[hu:Lincselés]] |
|||
[[hy:Լինչի դատաստան]] |
|||
[[it:Linciaggio]] |
|||
[[ja:私刑]] |
|||
[[ko:린치]] |
|||
[[lt:Linčo teismas]] |
|||
[[nl:Lynchen]] |
|||
[[no:Lynsjing]] |
|||
[[pl:Samosąd]] |
|||
[[pt:Linchamento]] |
|||
[[ru:Суд Линча]] |
|||
[[sh:Linč]] |
|||
[[simple:Lynching]] |
|||
[[sv:Lynchning]] |
|||
[[tr:Linç]] |
|||
[[uk:Лінчування]] |
|||
[[ur:لنشنگ]] |
|||
[[uz:Linch sudi]] |
|||
[[zh:私刑]] |
Leagan ó 21:29, 9 Márta 2013
Is éard is linseáil ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh a mbítí ag linseáil daoine gorma ansin sna laethanta a bhí, go háirithe sna blianta 1860-1890. Go tipiciúil, chrochtaí na híobartaigh den chrann, ach ar ndóigh, is féidir linseáil a thabhairt ar dhúnmharú ar bith, ar acht is gur slua de dhaoine corraithe a rinne é.
Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i Virginia le linn cogadh réabhlóideach Mheiriceá, agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis Shasana in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.
Leagan Gaeilge eile é dlí Uí Loingsigh. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí bó le Federico Mediante Noceda, Peores que Lobos ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
Linseáil is ábhar don amhrán chlúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), Strange Fruit, a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil blues, ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe agus ar chruachás na nGormach. Tagraíonn na focail strange fruit - "toradh aisteach" - do na daoine linseáilte agus iad ar crochadh de na crainn mar a bheadh torthaí ann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |